Gairmthreoir ar fáil go héasca
Arna soláthar ag CareersPortal.ie
Is áis trí Ghaeilge an suíomh gréasáin Saoloibre.ie dóibh siúd ar mhian leo a ngairm a phleanáil. Tá eolas úsáideach ar fáil ar an suíomh d aon duine a bheadh ag iarraidh gairm a phleanáil is cuma cibé an mac léinn scoile, iarchéimí ollscoile nó duine atá ag smaoineamh ar ghairm a athrú tú.
Cláraigh agus líon an tástáil próifíle saor in aisce. Gheobhaidh tú tuairisc chuimsitheach ar d'inniúlachtaí agus suimeanna gairme.
Déan na catagóirí gairmeacha is coitianta a iniúchadh agus amharc ar an eolas is déanaí maidir leis an Margadh Fostaíochta do na gairmeacha sin.
Déan iniúchadh ar na céadta cineál post agus faigh amach cén sórt oibre atá i gceist, na bealaí iontrála is coitianta agus na cáilíochtaí oideachais is gá.
Faigh an t-eolas is déanaí ar chúrsaí in Éirinn. Bain úsáid as ár nAimsitheoir Cúrsa CAO agus Cúrsa PLC.
Déan íoslódáil ar dhoiciméid, ar bhileoga oibre agus ar acmhainní úsáideacha eile maidir le gairmeacha, chun cuidiú leat do mhachnamh a dhéanamh faoin ngairm a roghnóidh tú.
Cuir le do scileanna gairme trí thaithí oibre a fháil i láthair oibre éigin, agus is féidir tuairisc ar an taithí oibre sin a chur isteach ar an gcomórtas Nasiúnta i Scileanna Gairme.