Baile     
Pleanáil Gairme

Bítear ag athrú de shíor

Is é atá i gceist le pleanáil gairme ná pleanáil don athrú. Tá an saol oibre de shíor ag athrú, agus caithfimid a bheith ullamh dul i ngleic leis na dúshláin sin gan ligean dóibh an lámh in uachtar a fháil orainn. Ba chóir dúinn a bheith in iúl ar ár láidreachtaí agus an chaoi ar féidir linn cur lenár scileanna.

Mar dhaoine daonna, táimid in ann don fhoghlaim leanúnach. De réir mar a fhoghlaimímid, fásaimid agus athraímid. Gnóthaímid scileanna nua, tuilleadh féinmhuiníne agus cuirimid deiseanna nua ar fáil dúinn féin.

Is aistear an ghairmréim –ní ceann scríbe í. Beidh oibrithe na todhchaí ina dtaistealaithe maithe agus beidh fhios acu cén chaoi a mbainfidh siad taitneamh as an aistear.

Tá an phleanáil gairme róthábhachtach dul sa seans ina thaobh. I ndeireadh na dála, beidh tionchar ag na cinntí a ghlacann tú anois ar an gcuid eile de do shaol, go háirithe don tréimhse 25-40 bliain a chaithfidh tú san fhórsa saothair. Má tá gairm uait a thabharfaidh sásamh duit, ní mór duit tú féin a ullmhú leis na céimeanna seo a leanas:

Céim 1: Féinmheasúnú
  • Foghlaim fút féin, faoi do luachanna, do spéiseanna, agus do chumais.
  • Labhair le gairmthreoraí faoi na trialacha éagsúla atá ann a thabharfaidh eolas duit fút féin.
  • Bain úsáid as ár bpróifíleoir spéise ar an suíomh seo.
Céim 2: Taighde Gairme
  • Foghlaim an méid is féidir faoi na cineálacha éagsúla gairme ach úsáid a bhaint as an rannán Obair agus Fostaíocht ar an suíomh seo.
  • Déan iniúchadh ar a bhfuil le fáil agus ar an ullmhúchán a bhfuil gá leis.
  • "Bain triail" as gairmeacha trí mheán na scáthfhoghlama, na meantóireachta, an chomhar-oideachais nó ar bhealach éigin eile.
  • Amharc ar threochtaí eile i ngairmeacha (Cá bhfuil na poist?)
Céim 3: Cinnteoireacht
  • Beartaigh ar chuspóirí pearsanta agus gairme.
Céim 4: Oideachas/Oiliúint
  • Déan iniúchadh ar na roghanna atá ann maidir le hoideachas/hoiliúint
  • Cláraigh le haghaidh na hoiliúna riachtanaí agus cuir í i gcrích.
Céim 5: Cur isteach ar phoist
  • Foghlaim na scileanna a bhfuil gá leo d’fhonn post a lorg agus a choimeád.
  • Déan cuardach le haghaidh do ghairme.
Céim 6: Obair
  • Tosaigh do phost.
  • Déan iniúchadh ar bhealaí le feabhas a chur ar do scileanna agus dul chun cinn i do ghairm.
Céim 7: Pleanáil Gairme/Saoil
  • Déan athbhreithniú ó am go chéile ar an staid ag a bhfuil tú agus ar an sprioc atá agat.
  • Déan athruithe de réir mar is gá.

Féadfaidh an phleanáil don todhchaí a bheith ina dhul chun cinn céimneach. Seans go mbeidh gá agat bogadh suas agus síos na céimeanna de réir mar a athraíonn na cúinsí i do shaol – leanfaidh na céimeanna pleanála gairme/saoil tríd síos.