Baile     
Grúpaí Spéise Gairme

Riarthóir

 Riarthóir
 

Ginearálta
Is fearr le riarthóirí obair ina bhfuil sé i gceist eolas agus daoine a eagrú. Is maith le daoine mar seo gnáthaimh agus treoracha soiléire, agus is maith leo fíricí agus figiúirí a sheiceáil. Bíonn siad ar a gcompord ag leanúint treoracha dea-shainithe agus baineann siad taitneamh as obair a bhfuil eagrúchán agus gnáthaimh i gceist léi.

Spéiseanna
Bíonn spéis ag riarthóirí a bheith ag obair i bpost a bhfuil seasmhacht ag baint leis agus a bheith ina bpáirt de phróiseas níos mó. Oibríonn siad níos fearr nuair a leanann siad treoracha soiléire na maoirseoirí dóibh agus nuair atá siad ag tabhairt faoi thascanna de réir gnáthaimh ar bhealach críochnúil iontaofa. Baineann a bhformhór taitneamh as obair chléireachais agus oifige, mar a dtugann siad faoi dhualgais riaracháin riachtanacha. Go minic bíonn siad mar chnámh droma na heagraíochta, bíodh an eagraíocht sin mór nó beag. Baineann siad taitneamh as a bheith i bhfeighil córais chomhdúcháin oifige, agus úsáid a bhaint as ríomhairí agus trealamh oifige eile chun go bhfeidhmeodh cúrsaí go mín réidh. De ghnáth is maith leo gnáth-uaireanta oibre agus is fearr leo láithreacha oibre laistigh.

Gníomhaíochtaí
I measc na ngníomhaíochtaí riaracháin d’fhéadfadh na cinn seo a leanas a bheith ann: obair eagrúcháin oifige (comhdú, fótachóipeáil, clóscríobh), eolas a phróiseáil ag úsáid foirmeacha (e.g. eolas a mheas chun a fháil amach an bhfuil sé oiriúnach, ar fáil), nósanna imeachta a chur i bhfeidhm (e.g. cora poist), gníomhaíochtaí agus imeachtaí a eagrú (e.g. obair rúnaíochta ), sonraí a bhailiú agus a shórtáil (e.g. cuntais, foirmeacha), nósanna imeachta matamaitice a úsáid (e.g. anailís ar shreabhadh airgid, réamhaisnéis margaidh), gníomhaíochtaí logála agus feidhmíocht (e.g. Cléireach Dlí, Rúnaí Leighis).