Baile     
Grúpaí Spéise Gairme

Imscrúdaitheoir

 Imscrúdaitheoir
 

Ginearálta. 
Is maith le hIniúchóirí a bheith ag obair le smaointe, agus is fearr leo gairmeacha ina bhfuil gá le han-chuid smaointeoireachta. Is maith leo fíricí a lorg agus réiteach a fháil ar fhadhbanna. Glacann siad cur chuige eolaíochta i leith gach uile rud, agus creideann siad gur féidir gach fadhb a réiteach má tá dóthain eolais agat.

Spéiseanna.
De ghnáth beidh réimse eolaíochta ar leith inspéise ag an iniúchóir. Bíonn claonadh acu tabhairt faoi ghníomhaíochtaí intleachtacha agus anailíseacha agus baineann siad taitneamh as breathnadóireacht agus as teoiricí. Seans gur fearr leo gur fearr leo a bheith ag smaoineamh ná ag feidhmiú, agus is maith leo an dúshlán a bhaineann le fadhbanna a réiteach le teicneolaíocht chliste. Go minic leanfaidh siad na forbairtí is déanaí, agus is fearr leo cúinsí a spreagann iad ó thaobh an mheabhair chinn de.

Gníomhaíochtaí.
I measc ghníomhaíochtaí an Iniúchóra tá siad seo a leanas: eolas a bhailiú le hanailís a dhéanamh air (e.g. Anailísí Airgeadais), córais rangúcháin a fhorbairt nó a úsáid chun cuidiú le méideanna móra sonraí (e.g. Luibheolaí), foirmlí matamaitice a úsáid chun torthaí a thuar (e.g. Staitisteoir), obair thaighde a cheapadh agus a dhéanamh (e.g. Eolaí Fóiréinseach), cúiseanna agus éifeachtaí a chinneadh (e.g. Dochtúir, Bia-eolaí, agus nósanna imeachta eolaíochta a úsáid chun fadhbanna casta a iniúchadh (e.g. Bithcheimiceoir,  Réalteolaí).