Baile     
Grúpaí Spéise Gairme

Nádúraí

 Nádúraí
 

Ginearálta
Is fearr leis an Nádúraí obair a bhfuil rud 'á dhéanamh' le 'nithe orgánacha', i.e. plandaí, ainmhithe agus a dtáirgí. D'fhéadfadh leas plandaí, ainmnithe nó na timpeallachta a bheith san áireamh ina gcuid oibre. Cosúil le Réadaithe, is maith le Nádúraithe go mbeadh gné theagmhálach ag baint lena gcuid oibre agus go mbeadh torthaí feiceálacha ann.

Spéiseanna
Ní hé ionadh é go mbíonn baint ag spéiseanna an Nádúraí le gné éigin de na heolaíochtaí nádúrtha - idir fheasacht éiceolaíoch is chothú is sláinte. Is Nádúraithe iad na daoine a bhfuil spéis acu i ngairneoireacht, in úsáid talún agus i bhfeirmeoireacht (lena n-áirítear éisc). Díríonn roinnt Nádúraithe ar ainmhithe seachas ar phlandaí, agus d'fhéadfaidís taitneamh a bhaint as obair le hainmhithe, iad a thraenáil, cúram a dhéanamh díobh nó tabhairt faoin tréadaíocht.

Bainfidh Nádúraithe eile níos mó taitnimh as a bheith ag obair leis an toradh deiridh ó tháirge sa nádúr - an bia a tháirgeann plandaí nó ainmhithe. Is maith le Nádúraithe eile fadhbanna a réiteach le réitigh a léiríonn an chaoi a dtéann a gcuid oibre i gcion ar an timpeallacht. Is maith leo torthaí praiticiúla a fheiceáil, agus is fearr leo feidhmiú ná a bheith ag plé.

Gníomhaíochtaí
I measc ghníomhaíochtaí an Nádúraí, bheadh na nithe seo a leanas: obair fhisiceach bhunúsach (tréadaíocht, ainmhithe a ghlanadh, plandaí a chur, bia a ullmhú), ainmhithe a bhainistiú agus/nó leas plandaí (e.g. pórú/síolrú/spraeáil), ag baint úsáid as an tuiscint atá acu ar thimthriallta saoil nádúrtha chun an uastáirgeacht a bhaint amach (mar shampla le barraí, foraoiseacht agus tréadaíocht), ag baint úsáid as eolas ar bhia-ábhair chun táirgí bia tráchtála a tháirgeadh (e.g. búistéirí, milseogra), bia a ullmhú, a chócaireacht agus a riar (e.g. cócairí agus a gcúntóirí).