Gairmthreoir ar fáil go héasca
Arna soláthar ag CareersPortal.ie
GinearáltaIs fearr leis an Nádúraí obair a bhfuil rud 'á dhéanamh' le 'nithe orgánacha', i.e. plandaí, ainmhithe agus a dtáirgí. D'fhéadfadh leas plandaí, ainmnithe nó na timpeallachta a bheith san áireamh ina gcuid oibre. Cosúil le Réadaithe, is maith le Nádúraithe go mbeadh gné theagmhálach ag baint lena gcuid oibre agus go mbeadh torthaí feiceálacha ann.SpéiseannaNí hé ionadh é go mbíonn baint ag spéiseanna an Nádúraí le gné éigin de na heolaíochtaí nádúrtha - idir fheasacht éiceolaíoch is chothú is sláinte. Is Nádúraithe iad na daoine a bhfuil spéis acu i ngairneoireacht, in úsáid talún agus i bhfeirmeoireacht (lena n-áirítear éisc). Díríonn roinnt Nádúraithe ar ainmhithe seachas ar phlandaí, agus d'fhéadfaidís taitneamh a bhaint as obair le hainmhithe, iad a thraenáil, cúram a dhéanamh díobh nó tabhairt faoin tréadaíocht. Bainfidh Nádúraithe eile níos mó taitnimh as a bheith ag obair leis an toradh deiridh ó tháirge sa nádúr - an bia a tháirgeann plandaí nó ainmhithe. Is maith le Nádúraithe eile fadhbanna a réiteach le réitigh a léiríonn an chaoi a dtéann a gcuid oibre i gcion ar an timpeallacht. Is maith leo torthaí praiticiúla a fheiceáil, agus is fearr leo feidhmiú ná a bheith ag plé.GníomhaíochtaíI measc ghníomhaíochtaí an Nádúraí, bheadh na nithe seo a leanas: obair fhisiceach bhunúsach (tréadaíocht, ainmhithe a ghlanadh, plandaí a chur, bia a ullmhú), ainmhithe a bhainistiú agus/nó leas plandaí (e.g. pórú/síolrú/spraeáil), ag baint úsáid as an tuiscint atá acu ar thimthriallta saoil nádúrtha chun an uastáirgeacht a bhaint amach (mar shampla le barraí, foraoiseacht agus tréadaíocht), ag baint úsáid as eolas ar bhia-ábhair chun táirgí bia tráchtála a tháirgeadh (e.g. búistéirí, milseogra), bia a ullmhú, a chócaireacht agus a riar (e.g. cócairí agus a gcúntóirí).