Baile     
Grúpaí Spéise Gairme

Cruthaitheoir

 Cruthaitheoir
 

Ginearálta
Is maith leis an duine Cruthaitheach a bheith ag obair i réimse ina n-úsáidtear an tsamhlaíocht phearsanta chun rud éigin nua a chruthú - dearadh nua, scéim datha, saothar ealaíne nó ceoil srl. Baineann daoine sa ghrúpa seo taitneamh as áilleacht, agus bíonn spéis acu in éagsúlacht - is maith leo radhairc, fuaimeanna, áiteanna, daoine agus smaointe neamhchoitianta.

Spéiseanna
Bíonn claonadh ag daoine cruthaitheacha dul le gairmeacha a chuireann ar a gcumas a bheith freagrach as dearadh, leagan amach nó tionchar céadfaíoch ag rud (amhairc, cloisteála srl). Uaireanta mealltar iad i dtreo na n-ealaíon traidisiúnta amhail péinteáil, dealbhóireacht, canadh nó ceol. Uaireanta eile is fearr leo dearadh, amhail ailtireacht, beochan, nó réimsí ceardaíochta amhail potaireacht agus criadóireacht.

Baineann daoine cruthaitheacha úsáid a dtuiscint phearsanta ar dhaoine agus ar an domhan mar threoir ina gcuid oibre. Is maith le daoine cruthaitheacha a bheith ag obair i láthair oibre neamhstruchtúrtha, is maith leo dul sa seans fhiontar agus is fearr leo gan mórán gnáthamh a bheith i gceist.

Gníomhaíochtaí
I measc na ngníomhaíochtaí cruthaitheacha, déantar iniúchadh ar dhath, ar chruth, ar chumadóireacht agus ar rithim (mar shampla, mín-ealaín, ceol), déantar iniúchadh ar an spás ina bhfuilimid ag cónaí agus ar na hábhair a úsáidimid (e.g. ailtire), úsáid a baintear úsáid as íogaireacht d'fhonn áiteanna a dhearadh agus a mhaisiú nó daoine a mhaisiú (e.g. dearadh intí, sciamheolaí, dearthóir faisin), nó scileanna fisiceacha a thabhairt chun míneadais (e.g. ceoltóir, dealbhóir, potaire, ealaíontóir míme).