Baile     
Grúpaí Spéise Gairme

Teangeolaí

 Teangeolaí
 

Ginearálta
Is maith leis an teangeolaí a bheith ag obair i réimse ina ndéantar eolas a chruthú agus a mhalartú trí leabhair, trí mheáin leictreonacha nó ó bhéal. Is fearr leis na daoine seo timpeallachtaí neamhstruchtúrtha mar a bhfuil am acu a gcuid samhlaíochta a úsáid chun a bhfocail agus a smaointe a chumadh, agus mar a bhfuil am acu an méid atá á bhrath acu a chur in iúl.

Spéiseanna
An rud is mó is spéis leis an teangeolaí ná díriú ar smaointe agus ar eolas a mhalartú. De ghnáth is maith leo roinnt mhaith a léamh, agus a bheith ag plé a bhfuil ráite ag daoine. Teastóidh ó roinnt acu scríobh faoina smaointe féin agus teastóidh ó roinnt eile tabhairt faoin iriseoireacht, nó scéalta a scríobh nó tabhairt faoin eagarthóireacht. Déanfaidh roinnt eile a gcuid scileanna teanga a fhorbairt, b'fhéidir ag obair mar aistritheoir nó mar ateangaire. Bainfidh formhór na dteangeolaithe taitneamh as an deis daoine a mhúineadh nó treoir a thabhairt do dhaoine in ábhar a bhfuil spéis acu ann.

Gníomhaíochtaí
I measc ghníomhaíochtaí an teangeolaí tá scríbhneoireacht agus athoibriú a dhéanamh ar théacs chun go mbeidh sé níos inghlactha do luchtanna léitheoireachta éagsúla (e.g. Eagarthóir, Scríbhneoir Teicniúil), meastóireacht agus measúnú ar cháipéisí (e.g. Léirmheastóir, Scríbhneoir Scripte), iniúchadh a dhéanamh ar mheáin eile chun smaointe a chur in iúl agus i láthair (e.g. Feidhmeannach Meáin, Scríbhneoir Ilmheáin), scríbhneoireacht chruthaitheach (e.g. Údar), aistriúchán ar ábhar scríofa nó ó bhéal, friotal cruthaitheach a chur ar script (e.g. i nDrámaíocht, Aisteoireacht ), agus foclaíocht chliste a chur ar ábhar ionas go mbeadh sé mealltach, teicniúil nó chun siamsaíocht a chur ar fáil (e.g. Dlíodóir, Léiritheoir Raidió/Teilifíse).

Earnálacha Samplacha Gairme
Fógraíocht, Margaíocht agus CP - Ealaíona Clasaiceacha, Teangacha agus Cultúr - Oideachas - Siamsaíocht agus na Taibh-ealaíona - Dlí agus Dlíthiúil - Meáin agus Foilsitheoireacht