Baile     
Grúpaí Spéise Gairme

Fiontraí

 Fiontraí
 

Ginearálta
Is maith le fiontraithe obair inar féidir leo tionscadail a chur ar bun agus a chur i gcrích. Is maith le daoine mar seo cúinsí dúshlánacha agus de ghnáth bíonn siad go maith ag spreagadh daoine eile. Bíonn siad díograiseach agus uaillmhianach de ghnáth.

Spéiseanna.
Is maith le Fiontraithe cúinsí inar féidir leo acmhainní a úsáid chun rudaí a ghnóthú ar bhonn pearsanta nó corparáideach. Tapaíonn a leithéid seo de dhuine deiseanna agus is maith leo tráchtáil, trádáil agus idirbheartaíocht. Cuirfidh a bhformhór gnó ar bun, nó beidh siad i mbun bainistíochta in eagraíochtaí móra. De ghnáth bíonn siad spriocdhírithe, oibríonn siad níos fearr nuair atá siad dírithe ar sprioc. Tá claonadh i dtreo na fiontraíochta ag a bhformhór.

Gníomhaíochtaí
I measc ghníomhaíochtaí an Fhiontraí tá a leithéid seo a leanas: obair dhíolacháin ghinearálta (e.g. Cúntóir Díolacháin, Teilidhíol), daoine eile a spreagadh ar thionscadail (e.g. Maoirseoir), spriocanna a fhorbairt le haghaidh na heagraíochta (e.g. Bainisteoir), bealaí nua a iniúchadh chun déileáil le seanfhadhbanna (e.g. Sainchomhairleoirí Bainistíochta), treochtaí don todhchaí a thuar (e.g. Anailísí Gnó), tús áite a thabhairt do nithe i measc iltascanna, seans a thógáil, do ghnó féin a bhainistiú (e.g. Bainisteoir Miondíola).

Earnálacha Gnó Samplacha
Fógraíocht, Margaíocht agus CP - Baincéireacht, Árachas agus Seirbhísí Airgeadais - Eagrúchán agus Bainistíocht Gnó - Díolacháin, Miondíol agus Ceannachán.