Baile     
Grúpaí Spéise Gairme

Réalaí

 Réalaí
 

Ginearálta.
Oibríonn an Réadaí i réimse ina bhfuil rud 'á dhéanamh' le 'rudaí' neamhbheo. Dé ghnáth bíonn gné theagmhálach ag baint leis an obair seo, agus tá sé tábhachtach go mbeadh torthaí feiceálacha (inláimhsithe) ann ar do chuid iarrachtaí.

Spéiseanna.
Dé ghnáth bíonn spéis ag Réadaithe i 'rudaí' - amhail foirgnimh, meicnic, trealamh, uirlisí, leictreonaic srl. An príomhfhócas atá acu ná déileáil leis na nithe seo - is é sin iad a thógáil, a dheisiú, a oibriú agus a dhearadh. Toisc go bhfuil siad ag feidhmiú sna réimsí seo bíonn ardscileanna láimhe acu, nó ardchumas i ndearadh praiticiúil - mar atá ann sna cineálacha éagsúla innealtóireachta. Is maith le Réadaithe réitigh phraiticiúla a fháil ar fhadhbanna ag baint úsáid as uirlisí, as teicneolaíocht agus as obair oilte. Is fearr le Réadaithe a bheith gníomhach, go minic déanann siad formhór a gcuid oibre leo féin agus is maith leo feidhmiú go cinntitheach lena laghad plé agus páipéarachais agus is féidir.

Gníomhaíochtaí.
I measc ghníomhaíochtaí an Réadaí tá a leithéid seo a leanas: obair fhisiceach bhunúsach (earraí a láimhseáil, seachadadh), bheith i bhfeighil trealaimh agus é a oibriú (e.g. crainn tógála, eitleáin), uirlisí a úsáid, druileanna, micreascóip), trealamh leictreach nó meicniúil a thógáil agus a dheisiú (e.g. innealtóir, meicneoir), saothar oilte (e.g. beachtghearradh/ailíniú) agus obair eile a bhfuil gá le comhordú beacht idir an tsúil agus an lámh (e.g. spóirt, píolóta).