Baile     
Grúpaí Spéise Gairme

Duine Sóisialta

 Duine Sóisialta
 

Ginearálta
Is fearr leis na daoine sóisialta a bheith ag obair le daoine. Bíonn daoine 'sóisialta' i dteagmháil dhíreach le daoine le linn fhormhór a n-uaireanta oibre, agus bíonn siad i gcumarsáid leo formhór an ama. D'fhéadfadh go mbeidís á múineadh, ag cuidiú leo, ag freastal orthu nó ag idirghníomhú leo ar bhealach éigin eile.

Spéiseanna
Díríonn spéiseanna an duine shóisialta ar ghné éigin a bhaineann leis na daoine ina dtimpeall. I ngach cás baineann an duine sóisialta taitneamh as teagmháil phearsanta a bheith acu le daoine eile seachas a bheith ag déileáil go neamhphearsanta le nithe, le sonraí agus le smaointe a bhíonn le fáil i measc grúpaí eile. Lorgóidh roinnt mhaith daoine sóisialta poist ina bhfuil teagmháil dhíreach acu leis an bpobal i ról comhairleach éigin, bídís ina rúnaí nó ina gcomhairleoir. Is é an spéis atá ag daoine sóisialta i gcineálacha daoine eile an rud a spreagann iad, agus is maith leo éagsúlacht a bheith ann ina dtimpeallacht. Mealltar a bhformhór i dtreo post sna gairmeacha cúraim agus leasa shóisialaigh, agus mealltar roinnt eile i dtreo na múinteoireachta agus róil ina bhfuil siad ag cur eolais in iúl.

Gníomhaíochtaí
I measc ghníomhaíochtaí an duine Shóisialta tá siad seo a leanas: a bheith tuisceanach i leith riachtanais daoine eile (e.g. cúntóir fáilteachais, Altra), eolas agus treoir ghinearálta a thabhairt (e.g. teagascóir tiomána), múinteoireacht (e.g. Múinteoir Scoile), éisteacht agus bailiú eolais (e.g. Garda, Oibrí Cúraim Shláinte), treoir ghairmiúil a sholáthar (e.g. Comhairleoir, Comhairleoir Dlíthiúil), agus idirbheartaíocht, eadráin agus réiteach coinbhleachta (e.g. Oifigeach Promhaidh).

Earnálacha Samplacha Gairme

Oideachas - Faisean & Scéimh - Cúram Sláinte - Óstáin, Lónadóireacht & Turasóireacht - Díolacháin - Sóisialta & Cúram.