Baile     
Spéiseanna Gairme

<<   Back

Is a bhuíochas le hobair John Holland a bhfuil cáil ar choincheap na spéiseanna gairme. Ba shíceolaí Meiriceánach é a bhí ag gabháil don taighde sa réimse seo ar feadh 30 bliain. Tá a theoiric bunaithe ar na príomhsmaointe seo a leanas:

Bullet Is féidir cur síos ar dhaoine ag baint úsáid as sé chatagóir spéiseanna agus dearcthaí a chuimsíonn spiorad an duine a bhfuiltear á p(h)róifíliú.
Bullet Faightear an cur síos is fearr ar dhaoine ag baint úsáid as teaglaim de na catagóirí seo. Is féidir cur síos a dhéanamh ar dhaoine, den chuid is mó, ag baint úsáid as dhá nó trí chatagóir.
Bullet Is toradh ar an iliomad tionchar é na catagóirí - tionchair lena n-áirítear do theaghlach, an chaoi ar tógadh tú, an timpeallacht chultúrtha, deiseanna oideachais agus taithí oibre agus mar sin de.
Bullet Is féidir cur síos ar shlite beatha chomh maith ag baint úsáid as na sé chatagóir chéanna.
Bullet Tá a saintréithe féin ag gach timpeallacht oibre, agus is féidir iad a rangú ag baint úsáid as na sé chatagóir chéanna chomh maith.
Bullet Tá sé níos dóichí go mbeidh daoine a oibríonn i slite beatha agus i dtimpeallachtaí a bhfuil tréithe gaolmhara acu níos mó ar a gcompord agus níos spreagtha faoina gcuid oibre agus go mbeidh gairmeacha sásúla acu.

Baineadh feidhm as teoiric Holland ar fud an domhain chun láithreacha oibre agus na gairmeacha laistigh díobh a chatagóiriú. An tástáil oifigiúil chun do spéiseanna a mheas ná an SDS - Self Directed Search, agus is féidir é sin a dhéanamh ar líne ach táille bheag a íoc.

Bainimid úsáid as leagan oiriúnaithe logánta de chatagóirí Holland chun cuidiú leis an gcatagórú ar ghairmeacha ar fud an tsuímh seo. Tá achoimre ar chineálacha anseo thíos. Cliceáil ar theidil na gcatagóirí chun tuilleadh eolais a fháil.

Grúpaí Spéise Gairme
Réalaí 
R 

I ngairmeacha an Réadaí bíonn gníomhaíochtaí oibre i gceist ina bhfuil fadhbanna agus réitigh phraiticiúla theagmhálacha. Go minic déileálann siad le hábhair fhíorshaoil amhail adhmad, uirlisí agus innealra. I gcás roinnt mhaith de na gairmeacha seo bítear ag obair lasmuigh. 

 
Riarthóir 
A 

I ngairmeacha an Riarthóra bítear ag obair le sonraí seachas le smaointe agus le daoine. Is maith leis na daoine seo gnáthaimh agus treoracha soiléire, agus is maith leo fíricí agus figiúirí a sheiceáil.

 
Fiontraí 
E 

I ngairmeacha an Fhiontraí bíonn sé i gceist tionscadail a chur ar bun agus a chur i gcrích. B'fhéidir go mbeadh sé i gceist sna gairmeacha seo daoine a threorú agus cinntí a dhéanamh. Uaireanta bíonn gá dul sa seans agus go minic bíonn cúrsaí gnó i gceist.

 
Imscrúdaitheoir 
I 

I ngairmeacha an Iniúchóra bíonn sé i gceist oibriú le smaointe, agus bíonn gá le han-chuid smaointeoireachta. Go hiondúil bíonn fíricí á lorg agus fadhbanna á réiteach go meabhrach sna gairmeacha seo.

 
Duine Sóisialta 
S 

I gcás gairmeacha an duine shóisialta bíonn sé i gceist oibriú le daoine eile, cumarsáid a dhéanamh leo agus iad a mhúineadh. Go minic bítear ag soláthar seirbhísí do dhaoine eile sna gairmeacha seo.  

 
Cruthaitheoir 
C 

I ngairmeacha Cruthaitheacha bítear ag obair le foirmeacha, le dearaí agus le pátrúin éagsúla. Go minic bíonn féinléiriú i gceist agus is féidir an obair a dhéanamh gan cloí le sraith shoiléir rialacha.

 
Teangeolaí 
L 

I gcás gairmeacha teangeolaíocha bítear ag obair go minic le cruthú agus le malartú eolais trí na meáin scríofa, leictreonacha nó labhartha. Is fearr leis na daoine seo timpeallacht neamhstruchtúrtha mar go mbeidh an t-am acu a gcuid samhlaíochta a úsáid chun a machnamh a dhéanamh.

 
Nádúraí 
N 

Is maith le Nádúraithe obair a bhaineann ‘le rud éigin a dhéanamh do rudaí orgánacha’, is é sin, plandaí, ainmhithe agus a gcuid táirgí (mar shampla, bia). Cosúil le daoine réadúla, is maith le nádúraithe cur chuige teagmhálach agus torthaí follasacha a fheiceáil.

 


Online Resources 6
Veterinary Science for All Walks of Life 
  A veterinary careers information booklet that explains the many different career options available with a veterinary degree.
My Interests - Lesson Plan 
 
My Interests - Introduction 
 
My Interests - Video: Overview of Holland Codes 
 
World of Work Map 
 
World of Work Map - CPIPj Version