Baile     


Torthaí -

 Teideal poist Cur síos achomair Gnáthriachtanais iontrála Éileamh
Zú-eolaí Déanann staidéar ar iompraíocht, ar fhiseolaíocht, ar éabhlóid agus ar aicmiú ainmhithe.
Ullmhaitheoir Bia Cabhraíonn an tUllmhaitheoir Bia in ullmhú bia i gcistin. i mbialann. in óstán srl.
Uiséir Cúirte
Uirliseoir Déanann an tUirliseoir uirlisí speisialta le húsáid i monarchana agus i gceardlanna ag úsáid innealra beacht.
Tumaire Oibríonn faoin uisce i mbun tascanna éagsúla, mar shampla trealamh a shuiteáil, a iniúchadh nó a dheisiú, pléascáin rigí ola a shuiteáil, obair tarrthálais a dhéanamh, turgnaimh muirí a chur i gcrích, grianghraif a thógáil den bhitheolaíocht muirí agus seirbhísí tarrthála a chur ar fáil.
Tuíodóir Clúdaíonn tuíodóirí díonta tí, tithe tábhairne, sciobóil etc. le giolcacha nó tuí ionas go mbeidh na díonta uice-dhíonach.
Tuairisceoir Cuairte Breacann an Tuairisceoir Cuairte síos gach focal a deirtear sa chúirt le haghaidh tagartha sa todhchaí.
Treoraí Gníomhaíochtaí Allamuigh Oibríonn le daoine ar sheisiúin gníomhaíochta lasmuigh agus ar thurais, nó múineann scileanna dóibh i raon gníomhaíochtaí lasmuigh, mar shampla dreapadóireacht, treodóireacht, rópadóireacht, agus curachóireacht nó cnocadóireacht.
Tréidlia Déanann an Tréidlia scrúdú ar gach cineál ainmhí tinn agus gortaithe. déanann cóireáil orthu agus tugann comhairle maidir le sláinte agus leas ainmhithe.
Traenálaí Ríomhaireachta / Teagascóir
Trádálaí Boilscithe Sinsearach
Tógála Bád Tógann, deisíonn agus athchóiríonn cabhlacha agus feisteas i gcineálacha éagsúla bád, mar shampla luamha, báidíní agus caolbháid.
Tiúnálaí Pianó Déanann tiúnadh ar phianó i dtithe príobháideacha nó in áiteanna poiblí eile. Is minic a dhéanann siad tiúnadh ar phianó le haghaidh coirmeacha ceoil nó taifeadadh fuaime.
Tionscnóir Turais Déanann tionscnóirí turas saoirí pacáiste a eagrú, agus déantar iadsan a dhíol trí bhróisiúir an ghníomhaire taistil nó déantar margaíocht orthu go díreach leis an bpobal.
Tiománaí Veain Déanann trealamh, postas nó earraí a iompar agus cuidíonn le lastú agus dílastú feithiclí.
Tiománaí Traenach Bíonn an Tiománaí Traenach fostaithe le cuideachtaí iompair chun traenacha paisinéirí nó lastais a thiomáint.
Tiománaí Tacsaí Bailíonn custaiméirí agus tugann iad chuig a gceann scríbe i bhfeithicil.
Tiománaí Feithiclí Earraí Troma Bíonn na tiománaí seo freagrach as seachadadh agus bailiúchán earraí ar fud na hÉireann. na Ríochtat Aonaithe agus ar an mór-roinn.
Tiománaí Bus Tiomáineann an Tiománaí seo bus ar bhealach seasta. ag bailiú paisinéirí ar an mbealach.
Tíleoir/Feisteoir Urláir/Balla Leagan an Tíleoir/Feisteoir Urláir/Balla amach tíleanna. déanann marcáil ar línte greille agus leibhéalann línte tagartha agus bataí tíleála. Bíonn feistiú tíleanna ceirmeacha ar bhallaí. urláir agus ar chéimeanna i gceist chomh maith.
Teiripeoir Urlabhra & Teanga Déanann an Teiripeoir Urlabhra agus Teanga cóireáil ar dhaoine a bhfuil bac sa chaint acu nó deacracht acu ag foghlaim teanga agus oibríonn leo.
Teiripeoir Suathaireachta Baineann úsáid as na lámha agus na géaga chun fíocháin an choirp a bhrú agus a láimhseáil chun feabhas a chur ar shláinte mheabhrach agus fhisiceach an chliaint.
Teiripeoir Spóirt
Teiripeoir Scéimhe Cuireann cóireáil chosmaide ar fáil chomh maith le comhairle chun feabhas a chur ar chuma agus ar fholláine ghinearálta an chliaint.
Teiripeoir Saothair Déanann an Teiripeoir Saothair measúnú ar riachtanais athinmheacháin fhisiceacha agus mheabhracha an othair agus déanann clár a phleanáil chun cabhrú leis an othar sin.
Teiripeoir Ealaíne Is comhairleoir an Teiripeoir seo a speisialaíonn in ealaíona amhail na meáin sloinnte.
Teicneolaí Faisean
Teicneolaí Dearbhaithe Cáilíochta Forbraíonn na Teicneolaithe seo agus déanann pleananna tástála chun fadhbanna cáilíochta a aimsiú chomh maith lena gcúiseanna.
Teicneolaí Dathanna Déanann teicneolaithe dathanna taighde ar úsáid ruaimeanna agus dathanna, agus déanann iad a fhorbairt agus a tháirgeadh.
Teicneolaí Comhshaoil Déanann an Teicneolaí Comhshaoil obair cháilíochta chomhshaoil i suíomh oifige agus lasmuigh den oifig.
Teicneolaí Bia Bíonn teicneolaithe bia fostaithe in eagraíochtaí éagsúla san earnáil phoiblí agus phríobháideach mar shampla cuideachtaí déantúsaíochta bia agus cuideachtaí miondíola, eagraíochtaí lárnacha rialtais agus cumainn/cuideachtaí sainchomhairleoireachta speisialtóireachta taighde.
Teicneoirí Logánú Bogearraí Déanann an Teicneoir seo bogearraí ríomhaire a shainoiriúnú chun bheith oiriúnach do thír. chultúr nó shochaí faoi leith.
Teicneoir/Innealtóir Fuaime Cuireann an Teicneoir seo le chéile. oibríonn agus rialaíonn an trealamh fuaime a úsáidtear i stiúideonna taifeadta. teilifíse agus scannáin agus ag ócáidí beo.
Teicneoir Uirlisí Ceoil Déanann teicneoirí uirlisí ceoil uirlisí a dhearadh agus a dhéanamh. Cuireann formhór na dteicneoirí seirbhís deisiúcháin, cothabhála agus athdheisithe ar fáil freisin.
Teicneoir Suímh Cabhraíonn an Teicneoir Suímh le reáchtáil suímh thógála trí mhonatóireacht a dhéanamh ar chonraitheoirí. comhairle a thabhairt maidir le húsáid teicneolaíochta. agus tuairisciú leis an ngníomhaire suímh.
Teicneoir Solais Cuireann an Teicneoir seo le chéile. rigeáileann agus rialaíonn trealamh soilsithe do sheónna agus d’ócáidí ar stáitse. i scannán nó ar an teilifís.
Teicneoir Seirbhíse Trealaimh Oifige Déanann innealtóirí seirbhíse measáiní oifige raon leathan trealaimh a shuiteáil, a sheirbhísiú agus a dheisiú in oifigí.
Teicneoir Saotharlainne Ceimice Cuireann an teicneoir saotharlainne ceimice cúnamh ar fháil don cheimiceoir. Cuireann an trealamh i bhfearas, ullmhaíonn agus déanann siad turgnaimh agus breacann siad síos torthaí.
Teicneoir Saotharlainne Bitheolaíochta Oibríonn faoi mhaoirseacht an phríomheolaí, agus bíonn siad ina speisialtóirí ar ghnáth-thascanna praiticiúla riachtanacha sa taighde agus forbairt i réimsí amhail géineolaíocht, micribhitheolaíocht agus ceimic.
Teicneoir Saotharlainne Ainmhithe Tugann aire d’ainmhithe saotharlainne nó déanann iad a phórú, ar ainmhithe iad a úsáidtear i dtaighde leighis, tréidliachta agus fiaclóireachta.
Teicneoir Próisis i Monarcha Ceimiceáin Déanann teicneoirí próisis i monarchana ceimiceán monatóireacht ar threalamh agus ar ghléasra a bhíonn in úsáid chun táirgí ceimice a dhéanamh mar shampla dathanna a úsáidtear i ruaimeanna, péinteanna, drugaí, cógais agus leasúchán.
Teicneoir Polaiméirí Oibríonn teicneoir Polaiméirí (nó Plaisteach) in earnáil na déantúsaíochta i dtionscail éagsúla.
Teicneoir Paiteolaíochta Anatamaíoch
Teicneoir Innealtóireachta Talmhaíochta Cuireann tacaíocht ar fáil d’innealtóirí i réimsí éagsúla, mar shampla táirgí nua a fhorbairt agus a thástáil do thionscal na feirmeoireachta, déanann seirbhísiú chun trealamh a chur isteach, a dheisiú agus a chothabháil.
Teicneoir Innealtóireachta Sibhialta Cabhraíonn an Teicneoir Innealtóireachta Sibhialta le hinnealtóirí agus le hailtirí tógáil struchtúr amhail droichid. bóithre agus iarnróid a eagrú.
Teicneoir Innealtóireachta - Leictreonaic Cuireann teicneoirí innealtóireachta leictreonaice tacaíocht ar fáil d’innealtóirí sa taighde, dearadh, forbairt agus cothabháil a dhéantar ar raon táirgí leictreonacha.
Teicneoir Innealtóireachta Aimsíonn an Teicneoir Innealtóireachta agus réitíonn mífheidhmeanna trealaimh. ag obair le déantúsóirí agus le hionadaithe réimse nuair is gá chun páirteanna nua a fháil.
Teicneoir Foirgníochta
Teicneoir DRC Úsáideann an Teicneoir DRC ríomhaire agus bogearraí speisialta chun líníochtaí agus dearthaí sonraithe a tháirgeadh.
Teicneoir Déadach Déanann an Teicneoir Déadach fiacla bréige agus feistis dhéadacha eile agus deisíonn sé/sí iad ag úsáid miotail agus plaistigh.
Teicneoir Cuntasaíochta Ullmhaíonn agus soláthraíonn an Teicneoir Cuntasaíochta taifid airgeadais agus eolas do chuntasóirí agus do bhainisteoirí airgeadais.
Teicneoir Cógaisíochta Cuidíonn le heolaithe atá ag obair sa tionscal cógaisíochta. Oibríonn formhór na dteicneoirí cógaisíochta do chuideachtaí príobháideacha a dhéanann drugaí, mar shampla piollairí vitimín, antaibheathaigh, agus cóir leighis tréidliachta.
Teicneoir Cardashoithíoch Bíonn i mbun oibriú an trealaimh a bhíonn in úsáid sa mháinliacht croí chun a chinntiú go mbeidh an trealaimh sin sábháilte agus go n-éireodh le hobráidí.
Teicneoir Ailtireachta Bíonn ról ag an Teicneoir Ailtireachta sa dearadh teicniúil comhordaitheach atá mar chuid den phróiseas tógála.
Teicneoir / Cúntóir Saotharlainne Oibríonn an Teicneoir/Cúintóir Saotharlainne i saotharlann ag cabhrú le foirne eolaíochta agus teicniúla le dualgais laethúla.
Teangeolaí Déanann an Teangeolaí staidéar agus anailís ar eolaíocht na cumarsáide briathartha.
Teagascóir Tiomána Múineann an Teagascóir Tiomána do dhaoine conas tiomáint go sábháilte agus de réir rialacha an bhóthair.
Teagascóir Marcaíochta Tugann an Teagascóir Marcaíochtat traenáil agus treoir do dhaoine maidir le marcaíocht ar ghearrchapaill nó ar chapaill agus conas cúram a thabhairt dóibh i stáblaí.
Teagascóir Gleacaíochta agus Sláinte Traenálann an Teagascóir seo agus cuireann comhairle ar dhaoine maidir le sláinte agus folláine ag úsáid teicnící éagsúla traenála.
Teagascóir Aeraclaíochta Teagascann an Teagascóiir seo modhanna corpacmhainne aeróbacha agus anaeróbacha le ceol. chomh maith le hoiliúint a thabhairt iontu agus iad a thaispeáint.
Teachtaire Gluaisrothair Seachadann an Teachtaire Gluaisrothair pacáistí ó oifig nó teach cliaint díreach go dtí an áit ba mhaith leo é a dhul.
Táthú
Tástálaí Ríomhchluichí Déanann trialacha arís is arís eile ar ríomhchluichí chun a chinntiú nach bhfuil aon tuislí nó fabhtanna sna bogearraí nó i ndearadh na gcluichí.
Tástálaí Rialú Cáilíochta Seiceálann an Tástálaí seo caighdeán táirgí nuadhéanta ag déanamh measúnaithe orthu ó thaobh fabhtanna agus lochtanna de.
Taispeáinteoir i Siopa Miondíola Déanann taispeántas chun táirge áirithe a chur chun cinn agus a dhíol, in ollmhargadh nó i siopa ilrannach.
Táilliúir Dearann. tomhaiseann agus gearrann an Táilliúr éadach do bhaill éadaigh amhail cultacha. léinte agus cótaí móra.
Taighdeoir Polaitíochta Déanann taighdeoirí polaitíochta taighde do Bhaill den Dáil (Teachtaí Dála), do pháirtithe polaitíochta nó d’institiúidí taighde.
Taighdeoir Meán
Taighdeoir Margaidh Déanann an Taighdeoir Margaidh suirbhéanna trí agallaimh a chur ar dhaoine go pearsanta agus ar an teileafón.
Taidhleoir Déanann an taidhleoir ionadaíocht thar ceann a dtíre féin le rialtais thar lear, agus cuireann comhairle ar fáil maidir le saincheisteanna idirnáisiúnta.
Taibh-ealaíontóir Déanann an Taibh-ealaíontóir traenáil agus gleacaíocht agus freastalaíonn siad ar ranganna damhsa. amhránaíochta agus ceoil chun leibhéil ard d’inniúlacht theicniúil. d’ábaltacht fhisiceach agus d’fholláine fhisiceach a chothabháil.
Tacaíocht Pleanála Baile Déanann obair riaracháin agus theicniúil a chuidíonn múnlú a dhéanamh ar phobail áitiúla. Áiríonn seo obair ar dhearadh sráidbhaile nó forbairtí d’fhoirgnimh chathrach, leagan amach do bhóithre nua nó beartais chomhshaoil.
Suiteálaithe Trealamh Tógála Seirbhísíonn an Suiteálaí Trealamh Tógála agus déanann cothabháil ar an trealamh agus innealra go léir a úsáidtear ar ghléasra tógála.
Suiteálaithe Aeróg agus Satailítí Cuireann isteach aeróga, satailítí agus miasa digiteacha do dhaoine ina dtithe, nó i dtithe ósta agus árasáin.
Suirbhéirí Cainníochta Ríomhann Suirbhéir Cainníochta costas na dtionscadal tógála. ag cur san áireamh obair. ábhair. cáin agus costais chothabhála.
Suirbhéir. Tógála/Mianadóireachta Déanann an Suirbhéir Tógála/Mianadóireachta measúnú ar na deisiúcháin agus athruithe atá ag teastáil ar gach cineál foirgneamh agus struchtúr.
Suirbhéir Réadmhaoine Tugann an Suirbhéir Réadmhaoine comhairle do chliaint maidir le luach agus cumas tuillimh a réadmhaoine.
Suirbhéir Árachais Déanann an Suirbhéir Árachais suirbhéireacht ar fhoirgnimh nó ar struchtúir chun a rioscaí árachais a mheasúnú agus molann réamhchúraimí sábháilteachta.
Suirbhéir Déanann Suirbhéir suirbhé ar gach cineál réadmhaoine agus acmhainn nádúrtha amhail foirgnimh. talamh agus an fharraige.
Suibhéir - Mianraí/Mianadóireacht Déanann suirbhéirí mianraí/mianadóireachta mapáil ar mhianraí fosaithe. I measc na ndualgas atá orthu déanann siad meas ar an luach a d’fhéadfadh baint leis an bhfosú mianraí, agus déanann bainistiú agus forbairt ar mhianaigh.
Stórthóirí Cabhraíonn Stórthóirí i ngníomhaíochtaí laethúla trádstórais.
Stocbhróicéir Eagraíonn Stocbhróicéir infheistiú airgeadais do dhaoine agus do ghnóthaí agus tugann comhairle do chliaint maidir le trádáil stoc.
Stiúrthóir Ealaíne Fógraíochta Caitheann an Stiúrthóir Ealaíne Fógraíochta a h(am)ag tobsmaointeoireacht. ag pleanáil agus ag eagrú smaointe d’fhógraí nua.
Stiúrthóir Cruthaitheach Cruthaíonn agus forbhreathnaíonn an Stiúrthóir Cruthaitheach dearadh cruthaitheach tionscadail.
Stiúrthóir Comhlach
Stiúrthóir Bainistíochta Bíonn an Stiúrthóir Bainistíochta freagrach as feidhmiú forleathan gnó i gcuideachta.
Stiúrthóir - Teilifís / Scannán
Stílí Faisin Oibríonn stílithe faisin do dhaoine aonair, do chomhlachtaí faisin nó do bhrandaí éadaí.
Státseirbhís- Oifigeach Riaracháin Bailíonn an tOifigeach Riaracháin eolas agus déanann measúnú air chun cabhrú le hAirí Rialtais cinntí a dhéanamh maidir le polasaí.
Státseirbhís – Tríú Rúnaí Baineann an ról seo le comhairle a thabhairt don rialtas maidir le caidrimh sheachtracha na hÉireann agus bheith ar an gcainéal oifigiúil cumarsáide do rialtais eachtracha agus d’eagraíochtaí idirnáisiúnta.
Státseirbhís – Príomhoifigeach Cúnta Is ról sinsearach é seo a bhaineann le bainistiú foirne móra. ag déileáil le tionscadail agus buiséid. bainistiú straitéiseach agus cabhrú i bhforbairt polasaithe rialtais.
Státseirbhís – Oifigeach Feidhmiúcháin Déanann an tOifigeach Feidhmiúcháin forbhreathú agus bainistiú ar an obair i rannóg de Roinn Rialtais.
Státseirbhís – Oifigeach Cléireachais Cabhraíonn an tOifigeach Cléireachais le hOifigigh Shinsearacha lena n-obair chléireach i roinn rialtais.
Státseirbhís – Ardoifigeach Feidhmiúcháin Ról meánbhainistíochta atá anseo. ag tuairisciú don Leas-Phríomhoifigeach. Bainistíonn an duine seo tionscadail agus buiséid agus cabhraíonn i bhforbairt polasaithe rialtais.
Staitisteoir Bailíonn an Staitisteoir agus déanann anailís ar eolas do shuirbhéanna agus d’fhoirmeacha eile taighde.
Speisialtóirí in Olltiomsú Sonraí Oibríonn le bailiúcháin sonraí agus déanann anailís ar olltiomsú sonraí a fhaightear ón ríomhaire agus ó úsáideoirí an idirlín.
Speisialtóir Tacaíochta Ríomhaire/TF Cuireann speisialtóirí tacaíochta ríomhaire tacaíocht ar fáil ar an teileafón nó ar an ngréasán do dhaoine a bhfuil fadhbanna acu le crua-earraí nó bogearraí ríomhaire.
Speisialtóir Innealtóireachta TF Insamhlaíonn an Speisialtóir seo fadhbanna i gcoinníollacha saotharlainne agus oibríonn ar réiteach a aimsiú.
Speisialtóir Gruaige & Scalp
Speisialtóir Dramhaíola Guaisí Sainfheidhmíonn an Speisialtóir seo i ndearadh. i gcóireáil agus i ndiúscairt ábhair ghuaiseacha a úsáidtear i dtionscail.
 Leathanach taispeána 1 de 7 leathanaigh