Baile     


Torthaí -

 Teideal poist Cur síos achomair Gnáthriachtanais iontrála Éileamh
Saor Cloiche Bíonn ag obair le cloch chun ballaí, urláir, cosáin agus struchtúir chloiche eile a dhéanamh.
Scafallóir Tógann Scafallóir struchtúir scafaill ar shuímh thógála agus ag ócáidí amuigh faoin aer ag úsáid píopaí miotail agus cuaillí.
Sciamheolaí Tairgeann Sciamheolaí cóireáil scéimhe don aghaidh agus don chorp do chliaint agus tugann comhairle dóibh maidir le cúram scéimhe.
Scipéir Bíonn Scipéir freagrach as gach gné de reáchtáil agus chothabháil soithigh iascaireachta. chomh maith lena gcriú. Déanann siad na cinntí maidir le cá háit agus cathain le hiascaireacht. agus conas an t-iasc a dhíol.
Scríbhneoir Scríobhann Scríbhneoir scéalta. leabhair. ailt. filíocht agus go leor cineálacha eile saothar nó píosaí scríofa.
Scríbhneoir Comharthaí/Déantóir Comharthaí Déanann scríbhneoirí comharthaí dearadh agus táirgeadh ar chomharthaí d’úsáidí éagsúla mar shampla gnó tionsclaíocha agus tráchtála chomh maith le feithiclí agus comharthaí bóthair.
Scríbhneoir Ilmheáin Scríobhann an Scríbhneoir Ilmheáin téacs. scripteanna agus scéalta do chláir ilmheáin ar ríomhaire.
Scríbhneoir scáileáin
Scríbhneoir Teicniúil Scríobhann an Scríbhneoir Teicniúil lámhleabhair threoracha agus téacsleabhair theicniúla.
Seandálaí Cuardaíonn an Seandálaí eolas ar an am a chuaigh thart trí staidéar a dhéanamh ar dhéantáin ársa agus tochailt faoina gcoinne.
Seirbhís Fostaíochta Áitiúil - Idirghabhálaí
Seodóir Díolann. dearann agus deisíonn Seodóir gach cineál seodra. uaireadóirí agus gréithe airgid.
Seoltóir Lastais / Gníomhaire Loingseoireachta
Síceolaí Cabhraíonn an Síceolaí le daoine a bhfuil mearbhall meabhair nó mothúchánach orthu feabhas a chur ar a meabhairshláinte.
Síceolaí Cliniciúil Cuireann síceolaithe cliniciúla i bhfeidhm a bhfuil ar eolas faoi iompraíocht an duine ón staidéar eolaíochta atá déanta, chun cuidiú le daoine a bhfuil fadhbanna meabhairshláinte agus sláinte fisicí acu.
Síceolaí Gairme Cuireann i bhfeidhm prionsabail na síceolaíochta i réimsí na n-acmhainní daonna, an riaracháin, na bainistíochta, agus na margaíochta in eagraíocht.
Síceolaí Oideachais Déanann an Síceolaí Oideachais measúnú ar pháistí le difríochtaí nó deacrachtaí foghlama.
Síceolaí Spóirt Cuireann i bhfeidhm a bhfuil ar eolas faoi chúrsaí síceolaíochta, i suíomh spóirt, chun cabhrú le lúthchleasaithe, cóitseálaithe agus foirne spóirt barr a gcumais a bhaint amach.
Síciatraí Oibríonn an Síciatraí le daoine a bhfuil tinneas nó easláinte shíceolaíoch acu agus cuireann cóireáil ar fáil dóibh.
Síciteiripeoir Tá síciteiripeoirí oilte le bheith in ann cuidiú le daoine anásta, chun go bhfaighidís faoiseamh ón bhfulaingt phearsanta agus cuidiú leo athruithe a dhéanamh ina saol.
Siúinéir/ Saor Adhmaid Úsáideann an Siúinéir/Saor Adhmaid uirlisí láimhe agus innealra gearrtha chun feistis agus troscán a dhéanamh as adhmad.
Sláinteolaí Déadach Soláthraíonn an Sláinteolaí Déadach cúram fiacla agus cóir agus comhairle sláinteachas béil d’othair fiaclóireachta.
Slinneadóir/Tíleoir Dín Suiteálann. feistíonn agus deisíonn an Slinneadóir/Tíleoir Dín díonta ag úsáid tíleanna adhmaid. feilte agus slinne.
Snáthaidpholladóir Tugann Snáthaidpholladóir cóir leighis do dhaoine breoite trí shnáthaidí a chur i bpáirteanna speisialta den chorp chun faoiseamh a thabhairt ó phian agus ó thinneas.
Socheolaí/Taighdeoir Socheolaíochta Déanann staidéar ar an tsochaí dhaonna agus ar iompraíocht shóisialta trí scrúdú a dhéanamh ar ghrúpaí agus ar institiúidí sóisialta, chomh maith le heagraíochtaí éagsúla sóisialta, reiligiúnda, polaitiúla agus gnó.
Speisialtóir Dramhaíola Guaisí Sainfheidhmíonn an Speisialtóir seo i ndearadh. i gcóireáil agus i ndiúscairt ábhair ghuaiseacha a úsáidtear i dtionscail.
Speisialtóir Gruaige & Scalp
Speisialtóir Innealtóireachta TF Insamhlaíonn an Speisialtóir seo fadhbanna i gcoinníollacha saotharlainne agus oibríonn ar réiteach a aimsiú.
Speisialtóir Tacaíochta Ríomhaire/TF Cuireann speisialtóirí tacaíochta ríomhaire tacaíocht ar fáil ar an teileafón nó ar an ngréasán do dhaoine a bhfuil fadhbanna acu le crua-earraí nó bogearraí ríomhaire.
Speisialtóirí in Olltiomsú Sonraí Oibríonn le bailiúcháin sonraí agus déanann anailís ar olltiomsú sonraí a fhaightear ón ríomhaire agus ó úsáideoirí an idirlín.
Staitisteoir Bailíonn an Staitisteoir agus déanann anailís ar eolas do shuirbhéanna agus d’fhoirmeacha eile taighde.
Státseirbhís – Ardoifigeach Feidhmiúcháin Ról meánbhainistíochta atá anseo. ag tuairisciú don Leas-Phríomhoifigeach. Bainistíonn an duine seo tionscadail agus buiséid agus cabhraíonn i bhforbairt polasaithe rialtais.
Státseirbhís – Oifigeach Cléireachais Cabhraíonn an tOifigeach Cléireachais le hOifigigh Shinsearacha lena n-obair chléireach i roinn rialtais.
Státseirbhís – Oifigeach Feidhmiúcháin Déanann an tOifigeach Feidhmiúcháin forbhreathú agus bainistiú ar an obair i rannóg de Roinn Rialtais.
Státseirbhís – Príomhoifigeach Cúnta Is ról sinsearach é seo a bhaineann le bainistiú foirne móra. ag déileáil le tionscadail agus buiséid. bainistiú straitéiseach agus cabhrú i bhforbairt polasaithe rialtais.
Státseirbhís – Tríú Rúnaí Baineann an ról seo le comhairle a thabhairt don rialtas maidir le caidrimh sheachtracha na hÉireann agus bheith ar an gcainéal oifigiúil cumarsáide do rialtais eachtracha agus d’eagraíochtaí idirnáisiúnta.
Státseirbhís- Oifigeach Riaracháin Bailíonn an tOifigeach Riaracháin eolas agus déanann measúnú air chun cabhrú le hAirí Rialtais cinntí a dhéanamh maidir le polasaí.
Stílí Faisin Oibríonn stílithe faisin do dhaoine aonair, do chomhlachtaí faisin nó do bhrandaí éadaí.
Stiúrthóir - Teilifís / Scannán
Stiúrthóir Bainistíochta Bíonn an Stiúrthóir Bainistíochta freagrach as feidhmiú forleathan gnó i gcuideachta.
Stiúrthóir Comhlach
Stiúrthóir Cruthaitheach Cruthaíonn agus forbhreathnaíonn an Stiúrthóir Cruthaitheach dearadh cruthaitheach tionscadail.
Stiúrthóir Ealaíne Fógraíochta Caitheann an Stiúrthóir Ealaíne Fógraíochta a h(am)ag tobsmaointeoireacht. ag pleanáil agus ag eagrú smaointe d’fhógraí nua.
Stocbhróicéir Eagraíonn Stocbhróicéir infheistiú airgeadais do dhaoine agus do ghnóthaí agus tugann comhairle do chliaint maidir le trádáil stoc.
Stórthóirí Cabhraíonn Stórthóirí i ngníomhaíochtaí laethúla trádstórais.
Suibhéir - Mianraí/Mianadóireacht Déanann suirbhéirí mianraí/mianadóireachta mapáil ar mhianraí fosaithe. I measc na ndualgas atá orthu déanann siad meas ar an luach a d’fhéadfadh baint leis an bhfosú mianraí, agus déanann bainistiú agus forbairt ar mhianaigh.
Suirbhéir Déanann Suirbhéir suirbhé ar gach cineál réadmhaoine agus acmhainn nádúrtha amhail foirgnimh. talamh agus an fharraige.
Suirbhéir Árachais Déanann an Suirbhéir Árachais suirbhéireacht ar fhoirgnimh nó ar struchtúir chun a rioscaí árachais a mheasúnú agus molann réamhchúraimí sábháilteachta.
Suirbhéir Réadmhaoine Tugann an Suirbhéir Réadmhaoine comhairle do chliaint maidir le luach agus cumas tuillimh a réadmhaoine.
Suirbhéir. Tógála/Mianadóireachta Déanann an Suirbhéir Tógála/Mianadóireachta measúnú ar na deisiúcháin agus athruithe atá ag teastáil ar gach cineál foirgneamh agus struchtúr.
Suirbhéirí Cainníochta Ríomhann Suirbhéir Cainníochta costas na dtionscadal tógála. ag cur san áireamh obair. ábhair. cáin agus costais chothabhála.
Suiteálaithe Aeróg agus Satailítí Cuireann isteach aeróga, satailítí agus miasa digiteacha do dhaoine ina dtithe, nó i dtithe ósta agus árasáin.
Suiteálaithe Trealamh Tógála Seirbhísíonn an Suiteálaí Trealamh Tógála agus déanann cothabháil ar an trealamh agus innealra go léir a úsáidtear ar ghléasra tógála.
Tacaíocht Pleanála Baile Déanann obair riaracháin agus theicniúil a chuidíonn múnlú a dhéanamh ar phobail áitiúla. Áiríonn seo obair ar dhearadh sráidbhaile nó forbairtí d’fhoirgnimh chathrach, leagan amach do bhóithre nua nó beartais chomhshaoil.
Taibh-ealaíontóir Déanann an Taibh-ealaíontóir traenáil agus gleacaíocht agus freastalaíonn siad ar ranganna damhsa. amhránaíochta agus ceoil chun leibhéil ard d’inniúlacht theicniúil. d’ábaltacht fhisiceach agus d’fholláine fhisiceach a chothabháil.
Taidhleoir Déanann an taidhleoir ionadaíocht thar ceann a dtíre féin le rialtais thar lear, agus cuireann comhairle ar fáil maidir le saincheisteanna idirnáisiúnta.
Taighdeoir Margaidh Déanann an Taighdeoir Margaidh suirbhéanna trí agallaimh a chur ar dhaoine go pearsanta agus ar an teileafón.
Taighdeoir Meán
Taighdeoir Polaitíochta Déanann taighdeoirí polaitíochta taighde do Bhaill den Dáil (Teachtaí Dála), do pháirtithe polaitíochta nó d’institiúidí taighde.
Táilliúir Dearann. tomhaiseann agus gearrann an Táilliúr éadach do bhaill éadaigh amhail cultacha. léinte agus cótaí móra.
Taispeáinteoir i Siopa Miondíola Déanann taispeántas chun táirge áirithe a chur chun cinn agus a dhíol, in ollmhargadh nó i siopa ilrannach.
Tástálaí Rialú Cáilíochta Seiceálann an Tástálaí seo caighdeán táirgí nuadhéanta ag déanamh measúnaithe orthu ó thaobh fabhtanna agus lochtanna de.
Tástálaí Ríomhchluichí Déanann trialacha arís is arís eile ar ríomhchluichí chun a chinntiú nach bhfuil aon tuislí nó fabhtanna sna bogearraí nó i ndearadh na gcluichí.
Táthú
Teachtaire Gluaisrothair Seachadann an Teachtaire Gluaisrothair pacáistí ó oifig nó teach cliaint díreach go dtí an áit ba mhaith leo é a dhul.
Teagascóir Aeraclaíochta Teagascann an Teagascóiir seo modhanna corpacmhainne aeróbacha agus anaeróbacha le ceol. chomh maith le hoiliúint a thabhairt iontu agus iad a thaispeáint.
Teagascóir Gleacaíochta agus Sláinte Traenálann an Teagascóir seo agus cuireann comhairle ar dhaoine maidir le sláinte agus folláine ag úsáid teicnící éagsúla traenála.
Teagascóir Marcaíochta Tugann an Teagascóir Marcaíochtat traenáil agus treoir do dhaoine maidir le marcaíocht ar ghearrchapaill nó ar chapaill agus conas cúram a thabhairt dóibh i stáblaí.
Teagascóir Tiomána Múineann an Teagascóir Tiomána do dhaoine conas tiomáint go sábháilte agus de réir rialacha an bhóthair.
Teangeolaí Déanann an Teangeolaí staidéar agus anailís ar eolaíocht na cumarsáide briathartha.
Teicneoir / Cúntóir Saotharlainne Oibríonn an Teicneoir/Cúintóir Saotharlainne i saotharlann ag cabhrú le foirne eolaíochta agus teicniúla le dualgais laethúla.
Teicneoir Ailtireachta Bíonn ról ag an Teicneoir Ailtireachta sa dearadh teicniúil comhordaitheach atá mar chuid den phróiseas tógála.
Teicneoir Cardashoithíoch Bíonn i mbun oibriú an trealaimh a bhíonn in úsáid sa mháinliacht croí chun a chinntiú go mbeidh an trealaimh sin sábháilte agus go n-éireodh le hobráidí.
Teicneoir Cógaisíochta Cuidíonn le heolaithe atá ag obair sa tionscal cógaisíochta. Oibríonn formhór na dteicneoirí cógaisíochta do chuideachtaí príobháideacha a dhéanann drugaí, mar shampla piollairí vitimín, antaibheathaigh, agus cóir leighis tréidliachta.
Teicneoir Cuntasaíochta Ullmhaíonn agus soláthraíonn an Teicneoir Cuntasaíochta taifid airgeadais agus eolas do chuntasóirí agus do bhainisteoirí airgeadais.
Teicneoir Déadach Déanann an Teicneoir Déadach fiacla bréige agus feistis dhéadacha eile agus deisíonn sé/sí iad ag úsáid miotail agus plaistigh.
Teicneoir DRC Úsáideann an Teicneoir DRC ríomhaire agus bogearraí speisialta chun líníochtaí agus dearthaí sonraithe a tháirgeadh.
Teicneoir Foirgníochta
Teicneoir Innealtóireachta Aimsíonn an Teicneoir Innealtóireachta agus réitíonn mífheidhmeanna trealaimh. ag obair le déantúsóirí agus le hionadaithe réimse nuair is gá chun páirteanna nua a fháil.
Teicneoir Innealtóireachta - Leictreonaic Cuireann teicneoirí innealtóireachta leictreonaice tacaíocht ar fáil d’innealtóirí sa taighde, dearadh, forbairt agus cothabháil a dhéantar ar raon táirgí leictreonacha.
Teicneoir Innealtóireachta Sibhialta Cabhraíonn an Teicneoir Innealtóireachta Sibhialta le hinnealtóirí agus le hailtirí tógáil struchtúr amhail droichid. bóithre agus iarnróid a eagrú.
Teicneoir Innealtóireachta Talmhaíochta Cuireann tacaíocht ar fáil d’innealtóirí i réimsí éagsúla, mar shampla táirgí nua a fhorbairt agus a thástáil do thionscal na feirmeoireachta, déanann seirbhísiú chun trealamh a chur isteach, a dheisiú agus a chothabháil.
Teicneoir Paiteolaíochta Anatamaíoch
Teicneoir Polaiméirí Oibríonn teicneoir Polaiméirí (nó Plaisteach) in earnáil na déantúsaíochta i dtionscail éagsúla.
Teicneoir Próisis i Monarcha Ceimiceáin Déanann teicneoirí próisis i monarchana ceimiceán monatóireacht ar threalamh agus ar ghléasra a bhíonn in úsáid chun táirgí ceimice a dhéanamh mar shampla dathanna a úsáidtear i ruaimeanna, péinteanna, drugaí, cógais agus leasúchán.
Teicneoir Saotharlainne Ainmhithe Tugann aire d’ainmhithe saotharlainne nó déanann iad a phórú, ar ainmhithe iad a úsáidtear i dtaighde leighis, tréidliachta agus fiaclóireachta.
Teicneoir Saotharlainne Bitheolaíochta Oibríonn faoi mhaoirseacht an phríomheolaí, agus bíonn siad ina speisialtóirí ar ghnáth-thascanna praiticiúla riachtanacha sa taighde agus forbairt i réimsí amhail géineolaíocht, micribhitheolaíocht agus ceimic.
Teicneoir Saotharlainne Ceimice Cuireann an teicneoir saotharlainne ceimice cúnamh ar fháil don cheimiceoir. Cuireann an trealamh i bhfearas, ullmhaíonn agus déanann siad turgnaimh agus breacann siad síos torthaí.
Teicneoir Seirbhíse Trealaimh Oifige Déanann innealtóirí seirbhíse measáiní oifige raon leathan trealaimh a shuiteáil, a sheirbhísiú agus a dheisiú in oifigí.
Teicneoir Solais Cuireann an Teicneoir seo le chéile. rigeáileann agus rialaíonn trealamh soilsithe do sheónna agus d’ócáidí ar stáitse. i scannán nó ar an teilifís.
Teicneoir Suímh Cabhraíonn an Teicneoir Suímh le reáchtáil suímh thógála trí mhonatóireacht a dhéanamh ar chonraitheoirí. comhairle a thabhairt maidir le húsáid teicneolaíochta. agus tuairisciú leis an ngníomhaire suímh.
Teicneoir Uirlisí Ceoil Déanann teicneoirí uirlisí ceoil uirlisí a dhearadh agus a dhéanamh. Cuireann formhór na dteicneoirí seirbhís deisiúcháin, cothabhála agus athdheisithe ar fáil freisin.
Teicneoir/Innealtóir Fuaime Cuireann an Teicneoir seo le chéile. oibríonn agus rialaíonn an trealamh fuaime a úsáidtear i stiúideonna taifeadta. teilifíse agus scannáin agus ag ócáidí beo.
Teicneoirí Logánú Bogearraí Déanann an Teicneoir seo bogearraí ríomhaire a shainoiriúnú chun bheith oiriúnach do thír. chultúr nó shochaí faoi leith.
Teicneolaí Bia Bíonn teicneolaithe bia fostaithe in eagraíochtaí éagsúla san earnáil phoiblí agus phríobháideach mar shampla cuideachtaí déantúsaíochta bia agus cuideachtaí miondíola, eagraíochtaí lárnacha rialtais agus cumainn/cuideachtaí sainchomhairleoireachta speisialtóireachta taighde.
Teicneolaí Comhshaoil Déanann an Teicneolaí Comhshaoil obair cháilíochta chomhshaoil i suíomh oifige agus lasmuigh den oifig.
Teicneolaí Dathanna Déanann teicneolaithe dathanna taighde ar úsáid ruaimeanna agus dathanna, agus déanann iad a fhorbairt agus a tháirgeadh.
Teicneolaí Dearbhaithe Cáilíochta Forbraíonn na Teicneolaithe seo agus déanann pleananna tástála chun fadhbanna cáilíochta a aimsiú chomh maith lena gcúiseanna.
Teicneolaí Faisean
Teiripeoir Ealaíne Is comhairleoir an Teiripeoir seo a speisialaíonn in ealaíona amhail na meáin sloinnte.
 Leathanach taispeána 6 de 7 leathanaigh