Baile     


Torthaí -

 Teideal poist Cur síos achomair Gnáthriachtanais iontrála Éileamh
Ceann Foirne TF Bíonn an Ceann Foirne TF freagrach as foireann daoine. á spreagadh chun spriocanna sástachta custaiméirí a chomhlíonadh.
Ceannaí Éisc Ceannaíonn éisc ar bhonn mórdhíola agus ullmhaíonn iad chun iad a dhíol ar bhonn miondíola.
Ceannaí/Oifigeach Ceannacháin Ceannaíonn an Ceannaí/an tOifigeach Ceannacháin táirgí agus stoc do shiopa nó do chuideachta mhiondíola.
Ceannaire Foghlama & Forbartha
Ceannaire Foirne Cuntas Cabhraíonn an Ceannaire Foirne Cuntas le tosaíocht bainistíochta agus dáileadh oibre i rannóg na gcuntas.
Ceannaire Foirne Earcaíochta Déanann bainistiú ar fhoireann earcaíochta in eagraíocht mhór. Bíonn i mbun pleanáil agus eagrú a dhéanamh ar fheachtais earcaíochta.
Ceantálaí Luachálann Ceantálaí réadmhaoin agus eagraíonn díolacháin trí cheant.
Ceardaí Cuisniúcháin Suiteálann agus deisíonn an Ceardaí Cuisniúcháin córais chuisniúcháin agus aerchóiriúcháin i bhfoirgnimh tís agus tráchtála.
Ceimiceoir Déanann an Ceimiceoir taighde agus anailís ar ábhair agus ar dhéanmhas substaintí ceimiceacha.
Ceimiceoir Anailíseach Déanann Ceimiceoirí Anailíseacha staidéar ar chomhdhéanamh beacht ábhair nádúrtha agus shaorga.
Ceoltóir Gairmiúil Seinneann agus taifeadann Ceoltóir Gairmiúil le grúpaí ceoil. le healaíontóirí agus ceolfhoirne ag seinm ar uirlis cheoil.
Cigire Cánach Déanann an Cigire Cánach measúnú ar cháin agus bailíonn cáin ó ghnóthaí agus ó dhaoine gairmiúla.
Cigire ISPCA Déanann cigirí ISPCA an dlí a fhorfheidhmiú mar a bhaineann le cúram, iompar agus leas ginearálta peataí, beostoic agus ainmhithe eile.
Cigire Oideachais Déanann meastóireacht ar scoileanna chun a chinntiú go bhfuiltear ag cloí leis na caighdeáin chuí ó thaobh na foghlama, an teagaisc agus an bhainistithe airgeadais de.
Cigire Talmhaíochta Déanann an Cigire Talmhaíochta maoirseacht ar fhoirne rannóige agus monatóireacht ar chur i ngníomh scéimeanna éagsúla rialtais ag baint le talmhaíocht. bia agus foraoiseacht.
Cigire Talmhaíochta Oibríonn do ghníomhaireachtaí rialtais chun a chinntiú go bhfuil trádálaithe, feirmeoirí agus agraghnóthaí ag cloí leis na dlíthe agus na rialacháin chuí.
Círichleachtóir Déanann an Círichleachtóir cúram d’othair le fadhbanna sa mhuineál. sa droim agus ailt eile gan leigheas nó máinliacht a úsáid.
Cléir / Ministir Reiligiúnach Freastalaíonn an Sagart/Bhean Rialta ar a bpobal creidimh trí cheannasaíocht a dhéanamh ar ghníomhartha adhartha agus a gcreidimh a chraobhscaoileadh.
Cléireach (Ginearálta) Oibríonn an Cléireach Ginearálta in oifig riaracháin i ngnó. ag tabhairt faoi dhualgais oifige laethúla.
Cléireach Árachais Oibríonn an Cléireach Árachais do chomhlacht árachais ag déileáil le cliaint agus ag freastal ar a n-éilimh.
Cléireach Comhdúcháin/Taifead Coinníonn an Cléireach Comhdúcháin/Taifead taifid d’ábhar a comhdaíodh nó a baineadh amach ag úsáid logleabhar nó ríomhairí agus cruthaíonn taifid nua nuair is gá.
Cléireach Cúirte Déanann an Cléireach Cúirte tascanna éagsúla riaracháin a bhaineann le reáchtáil laethúil na gcúirteanna a chur i gcrích, mar shampla cásanna a ghlaoch, finnéithe a chur faoi mhionn agus barántais a ullmhú.
Cléireach Dlí Oibríonn an Cléireach Dlí go dlúth le dlíodóirí ag déileáil le doiciméid dlí.
Cléireach Trádstórais
Clódóir Oibríonn an Clódóir le trealamh clódóireachta ag forbairt teicnící agus próisis chlódóireachta.
Clódóir Scáileáin Baineann clódóirí scáileáin úsáid as scáileán fabraice chun clódóireacht a dhéanamh. Déanann siad dearthaí, pictiúir agus íomhánna eile a phriontáil ar ábhair éagsúla.
Clóghrafóir Déanann formáidiú agus léamh profaí ar théacs agus ar íomhánna a chuireann dearthóirí agus cliaint ar fáil, ag féachaint le leathanaigh chríochnaithe a fháil ar ais ar féidir iad a chur i gcló.
Cnáimhsí Déanann Cnáimhsí cúram de mhná ag iompar linbh le linn an toirchis agus na breithe.
Cócaire faoi Oiliúint Cabhraíonn an Cócaire faoi Oiliúint le hullmhú. cócaireacht agus cur i láthair bia agus i reáchtáil na bialainne.
Cócaire Taosráin Déanann arán agus milseogra, mar shampla cístí agus brioscaí.
Cógaiseoir Oibríonn an Cógaiseoir i gcógaslann ag ullmhú cógas agus ag tabhairt comhairle do dhaoine maidir leis an gcóir leighis is oiriúnaí.
Cógaseolaí Déanann an Cógaseolaí staidéar ar na héifeachtaí ag ceimicí agus cóireálacha leighis ar ainmhithe agus ar dhaoine.
Coigeartóir Árachais Déanann an Coigeartóir Árachais taighde ar éilimh mhóra árachais agus molann socrú cóir do gach duine i gceist.
Coimeádaí (Iarsmalann/Gailearaí Ealaíne) Bíonn an Coimeádaí freagrach as cothabháil ghinearálta agus bainistíocht iarsmalainne nó gailearaí.
Coimeádaí Páirce Déanann an Coimeádaí Páirce cúram de pháirceanna spóirt agus d’airéiní amuigh faoin aer amhail galfchúrsaí agus cúirteanna leadóige.
Coimeádaí Zú Cuireann bia, cúram sláinte agus fothain ar fáil do na hainmhithe sa zú.
Cóimeálaí sa Tionscal Éadrom Oibríonn siad chun comhpháirteanna a shuiteáil le chéile chun táirgí a chruthú i dtionscail éagsúla, mar shampla déantús troscán, leictreonaic, nó soláthairtí uathghluaisneacha.
Cóimeálaithe Trealaimh Leictreonaice Oibríonn Cóimeálaithe Trealaimh ar líne tháirgthe i monarcha ag cur trealamh leictreonach le chéile de láimh.
Coincréiteoir Déanann an Coincréiteoir struchtúir agus ábhair as coincréit.
Cóipeagarthóir Déanann athbhreithniú agus eagarthóireacht ar théacs foilseacháin chun a chinntiú go bhfuil sé ag teacht le rialacha eagarthóireachta na cuideachta, go bhfuil an téacs cruinn agus go bhfuil an ghramadach cheart in úsáid.
Cóipscríbhneoir Fógraíochta Cuireann an téacs scríofa ar fáil le haghaidh fógraí. Mar shampla sluáin nó téacs d’fhógraí clóite nó bileoga eolais, nó ceolíní don raidió nó scripteanna d’fhógraí teilifíse.
Cóitseálaí saoil
Cóitseálaí/Teagascóir Spóirt Traenálann agus cóitseálann an Cóitseálaí/Teagascóir Spóirt lúthchleasaithe agus lucht spóirt. ag cabhrú leo a dteicnící agus a bhfeidhmíocht a fheabhsú.
Comhairleoir Éisteann Comhairleoir le daoine agus iad ag réiteach a bhfadhbanna pearsanta. chomh maith le tacaíocht a thabhairt dóibh agus iarracht a dhéanamh cabhrú leo.
Comhairleoir / Bainisteoir Éilimh Árachais Oibríonn an Comhairleoir/Bainisteoir Éilimh Árachais i gcomhlacht árachais ag imscrúdú éileamh. ag measúnú dliteanas agus ag déanamh socruithe deiridh.
Comhairleoir Airgeadais Cuireann an Comhairleoir Airgeadais comhairle ar dhaoine maidir le conas an t-uasmhéid a fháil as an airgead a thuilleann siad agus a gcoigiltis airgeadais.
Comhairleoir Bainistíochta Soláthraíonn an Comhairleoir Bainistíochta comhairle agus treoir ghairmiúil bainistíochta do ghnóthais agus do chumainn.
Comhairleoir Cánach Tugann an Comhairleoir Cánach comhairle do ghnóthaí agus do dhaoine maidir le ceisteanna faoi cháin.
Comhairleoir Earcaíochta Bíonn Comhairleoir Earcaíochta fostaithe ag cliant chun próiseas roghnúcháin a eagrú agus a chur i ngníomh le haghaidh earcaíocht foirne.
Comhairleoir Foghlama & Forbartha
Comhairleoir Gairme Oibríonn i gcoláistí 3ú leibhéal agus in ollscoileanna ag soláthar eolais agus treorach do mhic léinn maidir le dul chun cinn san oideachas nó post a fháil.
Comhairleoir Gnó Oibríonn le cliantchuideachtaí chun meastóireacht a dhéanamh ar a bpleananna gnó agus chun optamú a dhéanamh ar chostais fhadtéarmacha agus ar tháirgiúlacht.
Comhairleoir in Ionad Garraíodóireachta Soláthraíonn an Comhairleoir in ionad Garraíodóireachta comhairle bhunúsach ghortóireachta agus gharraíodóireachta do chustaiméirí miondíola.
Comhairleoir inbhuanaitheachta comhlach
Comhairleoir Infheistíochta
Comhairleoir Margaíochta Cuireann an Comhairleoir Margaíochta comhairle ghairmiúil ar fáil maidir le margaíocht ar sheirbhísí cuideachta.
Comhairleoir Scéimhe
Comhairleoir Treorach Príobháideach
Comhordaitheoir Imeachtaí Comhdhála/Cóisire Déanann pleanáil agus reáchtáil ar imeachtaí speisialta in ionad do chliaint – mar shampla cruinnithe beaga, comhdhálacha nó seimineáir mhóra seachtaine, bainisí, cóisirí corparáideacha nó ócáidí teaghlaigh.
Comhordaitheoir Léiriúcháin - Teilifís / Scannán
Comhordaitheoir Táirgeachta Bogearraí Comhordaíonn an Comhordaitheoir Táirgeachta Bogearraí taighde agus dearann. forbraíonn agus tástálann bogearraí ag leibhéal córais oibriúcháin agus feidhmchláir ghinearálta ríomhaire.
Comhraiceoir Dóiteáin Freagraíonn an Comhraiceoir Dóiteáin glaonna éigeandála do gach cineál timpiste agus tubaiste. tinte san áireamh.
Coslia Speisialaíonn an Coslia i gcúram agus i gcóireáil ionfhabhtuithe agus ghalair na gcos.
Craoltóireacht - Láthreoir Déanann láithreoireacht in obair chraoltóireachta raidió agus teilifíse. D’fhéadfaidís cláir a chur i láthair, míreanna a nascadh le chéile, eolas a chur i láthair agus leithscéal a ghabháil d’éaradh seirbhíse.
Criadóir Dearann agus déanann Criadóir uirlisí agus ornáidí as cré agus uisce.
Cruachfhosaitheoir Oibríonn an Cruachfhosaitheoir le barraí agus stíoróipí cruacha a bhíonn de dhíth in ullmhúchán cruaiche a úsáidtear le haghaidh coincréit threisithe.
Crúdóir Sainfheidhmíonn an Crúdóir i ndéanamh agus feistis crúite capaill.
Cúltaca an Gharda Is é feidhm Chúltaca an Gharda Síochána tacú le hacmhainní na nGardaí.
Cumadóir (Ceoil) Scríobhann agus cóiríonn saothair cheoil le go ndéanfaí iad a fhoilsiú, a úsáid i rianta fuaime nó i meáin eile, nó i léiriú beo ceoil.
Cumhartheiripeoir
Cumhdaitheoir Clúdaíonn. deisíonn agus athnuachan an Cumhdaitheoir troscán ag úsáid spriongaí. ábhar stuála agus fabraicí.
Cuntais Chomhlachaithe
Cuntasóir Déanann anailís ar fhaisnéis airgeadais agus ullmhaíonn tuarascálacha airgeadais chun taifead a choinneáil ar nithe cosúil le sócmhainní, dliteanais, brabús agus caillteanas, dliteanas cánach, nó gníomhaíochtaí airgeadais eile san eagraíocht.
Cuntasóir Ciste Ullmhaíonn an Cuntasóir Ciste imréiteach cuntais bhainc. déileálann le haistriú airgid. bannaí agus socruithe gnathscaire.
Cúntóir Altranais/Cúraim Sláinte Oibríonn cúntóirí cúraim sláinte in ospidéal nó sa phobal faoi threoir gairmí cháilithe cúraim sláinte.
Cúntóir Baile Cuireann cúntóirí baile cúnamh ar fáil do dhaoine a bhfuil cabhair uathu maireachtáil ina mbaile féin mar thoradh ar bhreoiteacht, ar fhadhb míchumais nó meabhairshláinte, nó a bhfuil tacaíocht fhisiceach ag teastáil uathu ar chúis éigin eile.
Cúntóir Cistine Oibríonn an Cúntóir Cistine i gcistin ag cabhrú le cócaire nó príomhchócaire leis na dualgais laethúla ghlantóireachta agus ullmhúcháin.
Cuntóir Cléireachais Bíonn cúntóirí cléireachais freagrach as comhdú a dhéanamh, déileáil le comhfhreagras, sonraí a chothabháil ag úsáid ríomhaire nó córais láimhe, agus dualgais ghinearálta eile san oifig.
Cúntóir Creise Soláthraíonn an Cúntóir Creise seirbhís cúraim lae do thuismitheoirí le páistí óga.
Cúntóir Cuntas Cinntíonn an Cúntóir Cuntas oibriú agus rialú réidh na gcuntas, speansais agus córais mhórleabhair ghinearálta san áireamh.
Cúntóir Cúraim Leanaí Cabhraíonn an Cúntóir Cúraim Leanaí le cúram leanaí i láithreáin chúraim leanaí éagsúla. cabhraíonn chomh maith le heagrú gníomhaíochtaí caithimh aimsire agus le monatóireacht ar leas ginearálta an linbh.
Cúntóir Cúraim Otharchairr Bionn Pearsanra Cúraim Otharchairr i mbun othair a thabhairt chuig an ospidéal agus ón ospidéal faoi ghnáthchúisí, nó faoi chúinsí éigeandála. Is minic a bhíonn na hothair sin ina ndaoine scothaosta nó ina ndaoine faoi mhíbhuntáiste.
Cúntóir Cúram Leanaí
Cúntóir Deice Cabhraíonn an Cúntóir Deice le cothabháil bád/soitheach. rigeálann téada tarraingthe. osclaíonn agus dúnann geataí agus rampaí. agus tarraingíonn slabhraí cosanta trasna ar shlite isteach.
Cúntóir Díolacháin Oibríonn an Cúntóir Díolacháin i siopa miondíola ag díol táirgí le custaiméirí agus ag cabhrú le cothabháil ghinearálta an tsiopa.
Cúntóir Grúpaí Ceoil ar Thuras Cabhraíonn an Cúntóir seo le leagan amach teicniúil grúpa rac-cheoil nó popcheoil agus iad ar thuras.
Cúntóir in Ionad Fóillíochta Cabhraíonn an Cúntóir in Ionad Fóillíochta le hoibríochtaí laethúla d’áis chaithimh aimsire. cinntíonn sábháilteacht. spreagann rannpháirtíocht agus dáileann garchabhair nuair is gá.
Cúntóir Leabharlainne/Faisnéise Oibríonn an Cúntóir Leabharlainne/Faisnéise i leabharlann faoi mhaoirsiú an Leabharlannaí.
Cúntóir Léiriúcháin - Scannáin Cabhraíonn an Cúntóir Léiriúcháin le léiritheoir. ag maoirsiú agus ag bainistiú léiriúcháin scannáin. teilifíse nó stáitse.
Cúntóir Léiriúcháin Craolacháin
Cúntóir Marglainne Cabhraíonn an Cúntóir Marglainne i reáchtáil marglainne. Is féidir tascanna éagsúla a bheith i gceist. idir chúram ainmhithe agus ghníomhaíochtaí díolacháin ainmhithe. Bíonn obair le hainmhithe agus feirmeoirí i gceist.
Cúntóir Ranga Bíonn cúntóirí ranga ag obair faoi mhaoirseacht an mhúinteora cháilithe agus cuidíonn siad leis na gníomhaíochtaí ranga agus ar chláir foghlama.
Cúntóir Riachtanas Speisialta Cuireann cúntóirí riachtanas speisialta cúnamh ar fáil le leanaí a bhfuil deacrachtaí foghlama, fisiceacha nó iompraíochta acu.
Cúntóir Saotharlainne Leighis Oibríonn cúntóir saotharlainne leighis i saotharlanna ospidéil. Déanann siad substaintí a ullmhú agus déanann anailís orthu, cuireann tástálacha fola agus fíochán i gcrích agus cuireann torthaí na dtástálacha sin ar aghaidh chuig na dochtúirí.
Cúntóir Stáblaí/Grúmaeir Déanann an Cúntóir Stáblaí/Grúmaeir cúram de chapaill agus de ghearrchapaill i stáblaí. ag tabhairt bia dóibh. á gcóireáil agus ag cinntiú go ndéanann na hainmhithe gleacaíocht.
Dalta - Cabhlach na gCeannaithe
Dalta sa tSeirbhís Chabhlaigh – Innealtóir Liostálann an Dalta seo sa tSeirbhís Chabhlaigh chun traenáil mar Oifigeach Innealtóireachta Muirí.
Dalta sa tSeirbhís Chabhlaigh – Mairnéalach Liostálann an Dalta seo sa tSeirbhís Chabhlaigh chun traenáil mar Oifigeach Feidhmiúcháin.
Dalta san Aerchór Liostálann an Dalta seo san Aerchór chun oiliúint a fháil mar phíolóta ag eitilt gnáthaerárthach agus aerárthach comhraic.
Dalta. Fórsaí Cosanta Faigheann Dalta Airm oiliúint chun dul sna céimeanna coimisiúnta mar oifigeach Airm. atá ina cheannaire laistigh de na Buan-óglaigh. Soláthraíonn siad ceannasaíocht agus bainistíocht sa champa.
 Leathanach taispeána 2 de 7 leathanaigh