Gairmthreoir ar fáil go héasca
Arna soláthar ag CareersPortal.ie
I gcás gairmeacha teangeolaíocha bítear ag obair go minic le cruthú agus le malartú eolais trí na meáin scríofa, leictreonacha nó labhartha. Is fearr leis na daoine seo timpeallacht neamhstruchtúrtha mar go mbeidh an t-am acu a gcuid samhlaíochta a úsáid chun a machnamh a dhéanamh.
I ngairmeacha an Iniúchóra bíonn sé i gceist oibriú le smaointe, agus bíonn gá le han-chuid smaointeoireachta. Go hiondúil bíonn fíricí á lorg agus fadhbanna á réiteach go meabhrach sna gairmeacha seo.
I ngairmeacha an Riarthóra bítear ag obair le sonraí seachas le smaointe agus le daoine. Is maith leis na daoine seo gnáthaimh agus treoracha soiléire, agus is maith leo fíricí agus figiúirí a sheiceáil.
Is féidir eolas sonrach ar an ngairm seo a fháil ó na naisc thíos (i gcás go bhfuil sé ar fáil). SÉANADH – Is naisc iad seo le suímh ghréasáin lasmuigh de SaolOibre agus ní ghlacaimid le haon fhreagracht as an eolas orthusan.