Baile     
Eolas ar ghairmeacha - Go hachomair....

Sciamheolaí / Beautician

 Cur Síos Achomair:

Tairgeann Sciamheolaí cóireáil scéimhe don aghaidh agus don chorp do chliaint agus tugann comhairle dóibh maidir le cúram scéimhe.

 Catagóirí spéise bainteach leis an ngairm seo:

Tá an ghairm seo bainteach leis na catagóirí spéise seo a leanas.
Cruthaitheoir

I ngairmeacha Cruthaitheacha bítear ag obair le foirmeacha, le dearaí agus le pátrúin éagsúla. Go minic bíonn féinléiriú i gceist agus is féidir an obair a dhéanamh gan cloí le sraith shoiléir rialacha.


Fiontraí

I ngairmeacha an Fhiontraí bíonn sé i gceist tionscadail a chur ar bun agus a chur i gcrích. B'fhéidir go mbeadh sé i gceist sna gairmeacha seo daoine a threorú agus cinntí a dhéanamh. Uaireanta bíonn gá dul sa seans agus go minic bíonn cúrsaí gnó i gceist.


Duine Sóisialta

I gcás gairmeacha an duine shóisialta bíonn sé i gceist oibriú le daoine eile, cumarsáid a dhéanamh leo agus iad a mhúineadh. Go minic bítear ag soláthar seirbhísí do dhaoine eile sna gairmeacha seo.  

Tuilleadh Eolais

Cáilíochtaí riachtanacha?

Eolas gairme ar líne...
1

Is féidir eolas sonrach ar an ngairm seo a fháil ó na naisc thíos (i gcás go bhfuil sé ar fáil).

SÉANADH – Is naisc iad seo le suímh ghréasáin lasmuigh de SaolOibre agus ní ghlacaimid le haon fhreagracht as an eolas orthusan.

Suíomhanna lán Béarla:


Beautician - from:  CareersPortal.ie
Beauty Director - from: icould [UK] Video
< ar ais