Baile     
Eolas ar ghairmeacha - Go hachomair....

Comhairleoir Earcaíochta / Recruitment Consultant

 Cur Síos Achomair:

Bíonn Comhairleoir Earcaíochta fostaithe ag cliant chun próiseas roghnúcháin a eagrú agus a chur i ngníomh le haghaidh earcaíocht foirne.

 Catagóirí spéise bainteach leis an ngairm seo:

Tá an ghairm seo bainteach leis na catagóirí spéise seo a leanas.
Fiontraí

I ngairmeacha an Fhiontraí bíonn sé i gceist tionscadail a chur ar bun agus a chur i gcrích. B'fhéidir go mbeadh sé i gceist sna gairmeacha seo daoine a threorú agus cinntí a dhéanamh. Uaireanta bíonn gá dul sa seans agus go minic bíonn cúrsaí gnó i gceist.


Duine Sóisialta

I gcás gairmeacha an duine shóisialta bíonn sé i gceist oibriú le daoine eile, cumarsáid a dhéanamh leo agus iad a mhúineadh. Go minic bítear ag soláthar seirbhísí do dhaoine eile sna gairmeacha seo.  


Riarthóir

I ngairmeacha an Riarthóra bítear ag obair le sonraí seachas le smaointe agus le daoine. Is maith leis na daoine seo gnáthaimh agus treoracha soiléire, agus is maith leo fíricí agus figiúirí a sheiceáil.

Tuilleadh Eolais

Cáilíochtaí riachtanacha?

Eolas gairme ar líne...
666666

Is féidir eolas sonrach ar an ngairm seo a fháil ó na naisc thíos (i gcás go bhfuil sé ar fáil).

SÉANADH – Is naisc iad seo le suímh ghréasáin lasmuigh de SaolOibre agus ní ghlacaimid le haon fhreagracht as an eolas orthusan.

Suíomhanna lán Béarla:


Recruitment Consultant - from:  CareersPortal.ie
International Student Recruitment Officer - from: icould [UK] Video
Recruitment Advisor - from: icould [UK] Video
Recruitment Advisor - from: iCould [UK] Video
Recruitment Consultant - from: N.C.S. [UK]
Recruitment consultant - from: GradIreland
Research Recruitment Manager - from: icould [UK] Video
< ar ais