Baile     
Eolas ar ghairmeacha - Go hachomair....

Freastalaí Músaeim/Gailearaí Ealaíne / Museum / Art Gallery Attendant

 Cur Síos Achomair:

Oibríonn freastalaithe músaeim i ngailearaí nó i músaem chun cuidiú le cuairteoirí agus a chinntiú nach ndéantar damáiste do na saothair ealaíne/míreanna atá ar taispeáint.

 Catagóirí spéise bainteach leis an ngairm seo:

Tá an ghairm seo bainteach leis na catagóirí spéise seo a leanas.
Duine Sóisialta

I gcás gairmeacha an duine shóisialta bíonn sé i gceist oibriú le daoine eile, cumarsáid a dhéanamh leo agus iad a mhúineadh. Go minic bítear ag soláthar seirbhísí do dhaoine eile sna gairmeacha seo.  


Riarthóir

I ngairmeacha an Riarthóra bítear ag obair le sonraí seachas le smaointe agus le daoine. Is maith leis na daoine seo gnáthaimh agus treoracha soiléire, agus is maith leo fíricí agus figiúirí a sheiceáil.


Teangeolaí

I gcás gairmeacha teangeolaíocha bítear ag obair go minic le cruthú agus le malartú eolais trí na meáin scríofa, leictreonacha nó labhartha. Is fearr leis na daoine seo timpeallacht neamhstruchtúrtha mar go mbeidh an t-am acu a gcuid samhlaíochta a úsáid chun a machnamh a dhéanamh.

Tuilleadh Eolais

Cáilíochtaí riachtanacha?

Eolas gairme ar líne...

Is féidir eolas sonrach ar an ngairm seo a fháil ó na naisc thíos (i gcás go bhfuil sé ar fáil).

SÉANADH – Is naisc iad seo le suímh ghréasáin lasmuigh de SaolOibre agus ní ghlacaimid le haon fhreagracht as an eolas orthusan.

Suíomhanna lán Béarla:


Museum / Art Gallery Attendant - from:  CareersPortal.ie
Gan Tafid
< ar ais