Baile     
Eolas ar ghairmeacha - Go hachomair....

Oibrithe Comhairleacha / Advice Worker

 Cur Síos Achomair:

Cuireann oibrithe comhairleacha comhairle faoi rún, saor in aisce, neamhchlaonta ar fáil dá gcliaint. Oibríonn siad sa phobal, go háirithe le daoine leochaileacha a mbeadh treoir ag teastáil uathu faoina gcearta i réimsí éagsúla mar shampla dlí, airgeadas, cúrsaí sóisialta, cúrsaí fostaíochta agus ceisteanna ginearálta faoi chearta an tomhaltóra.

 Catagóirí spéise bainteach leis an ngairm seo:

Tá an ghairm seo bainteach leis na catagóirí spéise seo a leanas.
Riarthóir

I ngairmeacha an Riarthóra bítear ag obair le sonraí seachas le smaointe agus le daoine. Is maith leis na daoine seo gnáthaimh agus treoracha soiléire, agus is maith leo fíricí agus figiúirí a sheiceáil.


Duine Sóisialta

I gcás gairmeacha an duine shóisialta bíonn sé i gceist oibriú le daoine eile, cumarsáid a dhéanamh leo agus iad a mhúineadh. Go minic bítear ag soláthar seirbhísí do dhaoine eile sna gairmeacha seo.  


Fiontraí

I ngairmeacha an Fhiontraí bíonn sé i gceist tionscadail a chur ar bun agus a chur i gcrích. B'fhéidir go mbeadh sé i gceist sna gairmeacha seo daoine a threorú agus cinntí a dhéanamh. Uaireanta bíonn gá dul sa seans agus go minic bíonn cúrsaí gnó i gceist.

Tuilleadh Eolais

Cáilíochtaí riachtanacha?

Eolas gairme ar líne...

Is féidir eolas sonrach ar an ngairm seo a fháil ó na naisc thíos (i gcás go bhfuil sé ar fáil).

SÉANADH – Is naisc iad seo le suímh ghréasáin lasmuigh de SaolOibre agus ní ghlacaimid le haon fhreagracht as an eolas orthusan.

Suíomhanna lán Béarla:


Advice Worker - from:  CareersPortal.ie
Gan Tafid
< ar ais