Gairmthreoir ar fáil go héasca
Arna soláthar ag CareersPortal.ie
I ngairmeacha an Fhiontraí bíonn sé i gceist tionscadail a chur ar bun agus a chur i gcrích. B'fhéidir go mbeadh sé i gceist sna gairmeacha seo daoine a threorú agus cinntí a dhéanamh. Uaireanta bíonn gá dul sa seans agus go minic bíonn cúrsaí gnó i gceist.
I ngairmeacha an Riarthóra bítear ag obair le sonraí seachas le smaointe agus le daoine. Is maith leis na daoine seo gnáthaimh agus treoracha soiléire, agus is maith leo fíricí agus figiúirí a sheiceáil.
I ngairmeacha Cruthaitheacha bítear ag obair le foirmeacha, le dearaí agus le pátrúin éagsúla. Go minic bíonn féinléiriú i gceist agus is féidir an obair a dhéanamh gan cloí le sraith shoiléir rialacha.
Is féidir eolas sonrach ar an ngairm seo a fháil ó na naisc thíos (i gcás go bhfuil sé ar fáil). SÉANADH – Is naisc iad seo le suímh ghréasáin lasmuigh de SaolOibre agus ní ghlacaimid le haon fhreagracht as an eolas orthusan.
Tá an t-eolas seo a leanas bunaithe ar an National Skills Bulletin 2023 agus léirionn sé roinnt eolais a bheadh úsáideach maidir leis na gairmeacha nó na grúpaí gairmeacha a roghnaíodh. Déantar iniúchadh ar gach gairm ó thaobh a próifíle fostaíochta de (bunaithe ar shonraí ón tSuirbhéireacht Ráithiúil Náisiúnta ar Theaghlaigh de chuid na Príomh-Oifige Staidrimh (CSO)), ar threochtaí fostaíochta a bhí ann le déanaí agus ar tháscairí eile atá ar fáil maidir le héileamh ar scileanna agus soláthar scileanna. Sainítear ganntanais aitheanta ó thaobh a saintréithe de i ganntanas scileanna nó ganntanas fórsa saothair. Le haghaidh tuilleadh eolais amharc ar an bhfeasachán anseo [comhad pdf]