Baile     
Eolas ar ghairmeacha - Go hachomair....

Gairmthreoraí - Oideachas d'Aosaigh / Guidance Counsellor - Adult Education

 Cur Síos Achomair:

Cuireann eolas agus treoir ar fáil maidir le deiseanna oideachais, oiliúna agus oibre do ghrúpaí imeallaithe mar shampla daoine dífhostaithe nó daoine faoi mhíchumas agus rannpháirtithe ar chúrsaí VTOS, ar chláir litearthachta do dhaoine fásta agus ar chláir oideachais pobail.

 Catagóirí spéise bainteach leis an ngairm seo:

Tá an ghairm seo bainteach leis na catagóirí spéise seo a leanas.
Duine Sóisialta

I gcás gairmeacha an duine shóisialta bíonn sé i gceist oibriú le daoine eile, cumarsáid a dhéanamh leo agus iad a mhúineadh. Go minic bítear ag soláthar seirbhísí do dhaoine eile sna gairmeacha seo.  


Cruthaitheoir

I ngairmeacha Cruthaitheacha bítear ag obair le foirmeacha, le dearaí agus le pátrúin éagsúla. Go minic bíonn féinléiriú i gceist agus is féidir an obair a dhéanamh gan cloí le sraith shoiléir rialacha.


Fiontraí

I ngairmeacha an Fhiontraí bíonn sé i gceist tionscadail a chur ar bun agus a chur i gcrích. B'fhéidir go mbeadh sé i gceist sna gairmeacha seo daoine a threorú agus cinntí a dhéanamh. Uaireanta bíonn gá dul sa seans agus go minic bíonn cúrsaí gnó i gceist.

Tuilleadh Eolais

Cáilíochtaí riachtanacha?

Eolas gairme ar líne...
1

Is féidir eolas sonrach ar an ngairm seo a fháil ó na naisc thíos (i gcás go bhfuil sé ar fáil).

SÉANADH – Is naisc iad seo le suímh ghréasáin lasmuigh de SaolOibre agus ní ghlacaimid le haon fhreagracht as an eolas orthusan.

Suíomhanna lán Béarla:


Guidance Counsellor - Adult Education - from:  CareersPortal.ie
Adult Education Teacher - from: icould [UK] Video
< ar ais