Eolas ar ghairmeacha - Go hachomair....

Gairmthreoraí - Oideachas d'Aosaigh / Guidance Counsellor - Adult Education

 Cur Síos Achomair:

Cuireann eolas agus treoir ar fáil maidir le deiseanna oideachais, oiliúna agus oibre do ghrúpaí imeallaithe mar shampla daoine dífhostaithe nó daoine faoi mhíchumas agus rannpháirtithe ar chúrsaí VTOS, ar chláir litearthachta do dhaoine fásta agus ar chláir oideachais pobail.

 Catagóirí spéise bainteach leis an ngairm seo:

Tá an ghairm seo bainteach leis na catagóirí spéise seo a leanas.
Duine Sóisialta

I gcás gairmeacha an duine shóisialta bíonn sé i gceist oibriú le daoine eile, cumarsáid a dhéanamh leo agus iad a mhúineadh. Go minic bítear ag soláthar seirbhísí do dhaoine eile sna gairmeacha seo.  


Cruthaitheoir

I ngairmeacha Cruthaitheacha bítear ag obair le foirmeacha, le dearaí agus le pátrúin éagsúla. Go minic bíonn féinléiriú i gceist agus is féidir an obair a dhéanamh gan cloí le sraith shoiléir rialacha.


Fiontraí

I ngairmeacha an Fhiontraí bíonn sé i gceist tionscadail a chur ar bun agus a chur i gcrích. B'fhéidir go mbeadh sé i gceist sna gairmeacha seo daoine a threorú agus cinntí a dhéanamh. Uaireanta bíonn gá dul sa seans agus go minic bíonn cúrsaí gnó i gceist.

Tuilleadh Eolais

Cáilíochtaí riachtanacha?

Eolas gairme ar líne...
1

Is féidir eolas sonrach ar an ngairm seo a fháil ó na naisc thíos (i gcás go bhfuil sé ar fáil).

SÉANADH – Is naisc iad seo le suímh ghréasáin lasmuigh de SaolOibre agus ní ghlacaimid le haon fhreagracht as an eolas orthusan.

Suíomhanna lán Béarla:


Guidance Counsellor - Adult Education - from:  CareersPortal.ie
Adult Education Teacher - from: icould [UK] Video
< ar ais

Eolas ar an Margadh Fostaíochta -

Tá an t-eolas seo a leanas bunaithe ar an National Skills Bulletin 2020 agus léirionn sé roinnt eolais a bheadh úsáideach maidir leis na gairmeacha nó na grúpaí gairmeacha a roghnaíodh.

Déantar iniúchadh ar gach gairm ó thaobh a próifíle fostaíochta de (bunaithe ar shonraí ón tSuirbhéireacht Ráithiúil Náisiúnta ar Theaghlaigh de chuid na Príomh-Oifige Staidrimh (CSO)), ar threochtaí fostaíochta a bhí ann le déanaí agus ar tháscairí eile atá ar fáil maidir le héileamh ar scileanna agus soláthar scileanna.

Sainítear ganntanais aitheanta ó thaobh a saintréithe de i ganntanas scileanna nó ganntanas fórsa saothair. Le haghaidh tuilleadh eolais amharc ar an bhfeasachán anseo [comhad pdf]

Táscaire maidir le Ganntanas Fórsa Oibre//Scileanna
Tugann sé seo tuairim faoin nganntanas don ghairm seo. Skills Shortage Indicator
Ráta Fáis 2015 - 2020
Léiríonn sé seo an meánfhás fostaíochta in aghaidh na bliana don tréimhse seo. Féadfaidh sé bheith ian threoir do threochtaí amach anseo.
+%
Scale
 
 
--1%
 
Oibrithe Páirtaimseartha Léiríonn sé seo an céatadán d'oibrithe páirtaimseartha den líon iomlán atá fostaithe i ngairm.
Líon iomlán fostaithe sa ghairm seo: 10300


Lánaimseartha
20%
 
Scale
 
 
80%
Páirtaimseartha
Oibrithe níos Aosta
Léiríonn se seo an céatadán d'oibrithe os cionn 55 den líon iomlán atá fostaithe sa ghairm seo.


Os cionn 55
%
 
Scale
 
 
%
Faoi bhun 55
Cóimheas d'Oibrithe Fireanna/Baineanna
Léiríonn sé seo an céatadán d'oibrithe fireanna agus baineanna den líon iomlán atá fostaithe i ngairm
Fireann
47%
 
Scale
 
 
53%
Baineann
 
Oibrithe nach Náisiúnaigh Éireannacha Iad
Léiríonn sé seo an céatadán d'oibrithe nach náisiúnaigh Éireannacha iad den líon iomlán fostaithe i ngairm.
Neamh-Éireannach
12%
 
Scale
 
88%
Éireannach