Baile
Gairmthreoir ar fáil go héasca
Arna soláthar ag
CareersPortal.ie
Comhairle
Pleanáil Gairme
Obair agus Fostaíocht
| Breathnaigh Tríd
Earnálacha Fostaíochta
Gairmeacha
Suimeanna Gairme
Físeáin agus Podchraoltaí
Scileanna Gairme
Acmhainní
| Bain úsáid as do Ghaeilge
Cúrsaí CAO le Gaeilge
Deiseanna Gairme san AE
Deiseanna Gairme le Gaeilge
Gairmeacha
|
Cuardach A - Z
|
Cuardaigh de réir Earnála
|
Cuardaigh de réir Réimsí Spéise
Cuardaitheoir Gairme
Cuardaigh de réir Réimse Spéise
I ngairmeacha an
Réadaí
bíonn gníomhaíochtaí oibre i gceist ina bhfuil fadhbanna agus réitigh phraiticiúla theagmhálacha. Go minic déileálann siad le ábhair fhíorshaoil amhail adhmad, uirlisí agus innealra. I gcás roinnt mhaith de na gairmeacha seo bítear ag obair lasmuigh.
Cuardaigh >
I ngairmeacha an
Iniúchóra
bíonn sé i gceist oibriú le smaointe, agus bíonn gá le han-chuid smaointeoireachta. Go hiondúil bíonn fíricí a lorg agus fadhbanna a réiteach le meabhair chinn i gceist leis na gairmeacha seo.
Cuardaigh >
I gcás gairmeacha an
Nádúraí
go minic bítear i mbun gníomhaíochtaí a áiríonn fadhbanna agus réitigh theagmhálacha phraiticiúla. Go minic bítear ag déileáil le plandaí, le hainmhithe agus le hábhair fhíorsaoil amhail adhmad, uirlisí agus innealra.
Cuardaigh >
I ngairmeacha an
Riarthóra
bítear ag obair le sonraí seachas le smaointe agus le daoine. Is maith leis na daoine seo gnáthaimh agus treoracha soiléire, agus is maith leo fíricí agus figiúirí a sheiceáil.
Cuardaigh >
I ngairmeacha an
Fhiontraí
bíonn sé i gceist tionscadail a chur ar bun agus a chur i gcrích. Is b'fhéidir go mbeadh sé i gceist sna gairmeacha seo daoine a threorú agus cinntí a dhéanamh. Uaireanta bíonn gá dul sa fhiontar agus go minic bíonn cúrsaí gnó i gceist.
Cuardaigh >
I ngairmeacha
Cruthaitheacha
bítear ag obair le foirmeacha, dearthaí agus pátrúin éagsúla. Go minic bíonn féinléiriú i gceist agus is féidir an obair a dhéanamh gan cloí le sraith shoiléir rialacha.
Cuardaigh >
I gcás ghairmeacha an
duine Shóisialta
bíonn sé i gceist oibriú le daoine eile, cumarsáid a dhéanamh leo agus iad a mhúineadh. Go minic bítear ag soláthar seirbhísí do dhaoine eile sna gairmeacha seo.
Cuardaigh >
I gcás gairmeacha
Teangeolaíochta
go minic bítear ag obair le teanga agus leis na cineálacha éagsúla cumarsáide trí mheán an fhocail scríofa agus na meán ó bhéal.
Cuardaigh >
Torthaí |
Teideal poist
Cur síos achomair
Gnáthriachtanais iontrála
Éileamh
Aisteoir
Glacann Aisteoir páirt carachtair i ndrámaí. léiriúcháin agus fógraí do scannáin. don teilifís. raidió agus don stáitse.
Stiúrthóir Ealaíne Fógraíochta
Caitheann an Stiúrthóir Ealaíne Fógraíochta a h(am)ag tobsmaointeoireacht. ag pleanáil agus ag eagrú smaointe d’fhógraí nua.
Beochantaóir
Tugann an Beochantóir beatha do bheochan agus chartúin i scannáin agus fístéipeanna ach clár scéalta réamhphleanáilte a leanúint.
Ailtire
Déanann Ailtire foirgnimh a dhearadh agus a phleanáil agus stiúrann sé/sí tógáil na bhfoirgneamh sin.
Teicneoir Ailtireachta
Bíonn ról ag an Teicneoir Ailtireachta sa dearadh teicniúil comhordaitheach atá mar chuid den phróiseas tógála.
Sciamheolaí
Tairgeann Sciamheolaí cóireáil scéimhe don aghaidh agus don chorp do chliaint agus tugann comhairle dóibh maidir le cúram scéimhe.
Comhairleoir Scéimhe
Teiripeoir Scéimhe
Cuireann cóireáil chosmaide ar fáil chomh maith le comhairle chun feabhas a chur ar chuma agus ar fholláine ghinearálta an chliaint.
Gobha
Teicneoir DRC
Úsáideann an Teicneoir DRC ríomhaire agus bogearraí speisialta chun líníochtaí agus dearthaí sonraithe a tháirgeadh.
Oibrí Ceamara
Oibríonn an tOibrí Ceamara an trealaimh ceamara atá ag teastail chun scannáin. fístéipeanna agus cláir theilifíse a dhéanamh.
Cartúnaí
Cumadóir (Ceoil)
Scríobhann agus cóiríonn saothair cheoil le go ndéanfaí iad a fhoilsiú, a úsáid i rianta fuaime nó i meáin eile, nó i léiriú beo ceoil.
Dearthóir Feistis/Seite
Dearann an Dearthóir Feistis/Seite feistis agus láithreáin stáitse do léiriúcháin teilifíse. scannáin agus stáitse.
Dearthóir Ceardaíochta
Cruthaíonn dearthóirí ceardaíochta dearthaí do mhíreanna déthoiseacha agus tríthoiseacha. D’fhéadfaidís a bheith ag obair do dhéantúsóirí móra nó bheith féinfhostaithe.
Stiúrthóir Cruthaitheach
Cruthaíonn agus forbhreathnaíonn an Stiúrthóir Cruthaitheach dearadh cruthaitheach tionscadail.
Damhsóir/Múinteoir Damhsa
Bíonn an Damhsóir/Múinteoir Damhsa ag rince agus ag teagasc rince do dhaoine.
Damhsóir
Baineann damhsóirí leas as an ngluaiseacht chun scéal a chur i láthair. Mar shampla, d’fhéadfadh léiriú carachtair a bheith i gceist nó léirmhíniú ar ról áirithe, i mbailé damhsa nó taibhiú ceoil.
Foilsitheoir Deisce
Úsáideann an Foilsitheoir Deisce ríomhaire agus sainbhogearraí chun leabhair. páipéir nuachta agus irisí a dhearadh agus an leagan amach a chruthú dóibh.
Stiúrthóir - Teilifís / Scannán
DJ
Meascann DJ dioscaí agus rianta le haghaidh siamsaíochta i láithreáin éagsúla - dioscónna. clubanna. bainiseacha. cóisirí príobháideacha srl.
Maintín
Déanann Maintín gach cineál gúnaí agus sciortaí trí éadach a thomhas. a ghearradh agus a fhuáil.
Dearthóir Faisin
Dearann agus cruthaíonn an Déarthóir Faisin gach cineál éadaigh agus gabhálais faisin.
Mainicín
Oibríonn an Mainicín sna tionscail faisin agus fógraíochta ag mainicíneacht éadaigh. cosmaidí agus táirgí eile.
Stílí Faisin
Oibríonn stílithe faisin do dhaoine aonair, do chomhlachtaí faisin nó do bhrandaí éadaí.
Teicneolaí Faisean
Eagarthóir Scannán/Fístéipe
Cuireann an tEagarthóir Scannán/Fístéipe eagar ar agus phíosaí scannáin réamhthaifeadta agus ullmhaíonn iad le haghaidh scannáin nó físe.
Ealaiontóir
Cruthaíonn ealaíontóir saothair ealaíne, mar shampla péintéireachtaí, dealbha, mósáic nó grianghraif.
Bláthadóir
Eagraíonn agus dearann an Bláthadóir taispeántais agus crobhaingí bláthanna ag úsáid bláthanna agus plandaí.
Dearthóir/Déantóir Troscáin
Cruthaíonn coincheapa agus dearthaí do throscán spéisiúil, aestéitiúil agus feidhmiúil agus na táirgí bainteacha chun iad a dhíol le siopaí miondíola troscán.
Dearthóir Ríomhchluichí
Smaoineann ar choincheapa nua le haghaidh ríomhchluichí, agus déanann roghanna maidir le dearadh i bhforbairt na gcluichí sin chun feabhas a chur ar thaithí an imreora.
Ealaíontóir Grafach
Dearann an tEalaíontóir Grafach grafaicí le húsáid sna meáin agus i dtáirgí ilmheáin amhail irisí. lipéid. CD-ROManna. fógraí agus comharthaí.
Gruaigeadóir
Oibríonn an Gruaigeadóir i siopa gruagaire. ag ní. ag gearradh agus ag stíleáil gruaige.
Maisitheoir
Mínealaíontóirí iad maisitheoirí a chuireann smaointe, fíricí agus mothúcháin i láthair ag úsáid a scileanna péintéireachta, líníochta agus cruthaiteachta.
Léiritheoir Teicniúil
Tarraingíonn an Léiritheoir Teicniúil léirithe teicniúla mar léaráidí do lámhleabhair treoracha agus do théacsleabhair.
Dearthóir Tionsclaíochta
Bíonn dearthóirí tionsclaíochta, nó dearthóirí tairgí mar a thugtar orthu uaireanta, i mbun beagnach gach táirge do thomhaltóirí agus gach píosa trealaimh caipitil do tháirgeadh mórscála a chruthú.
Dearthóir Intí
Dearann an Dearthóir Intí maisiúchán intí do gach cineál foirgnimh agus déanann bainistiú ar an bpróiseas féin.
Teicneoir Solais
Cuireann an Teicneoir seo le chéile. rigeáileann agus rialaíonn trealamh soilsithe do sheónna agus d’ócáidí ar stáitse. i scannán nó ar an teilifís.
Ealaíontóir Smididh
Úsáideann an tEalaíontóir Smididh smideadh chun tréithe duine a fheabhsú nó a charachtarú don stáitse. do scannáin nó don teilifís.
Dearthóir Ilmheáin
Dearann an Dearthóir Ilmheáin grafaicí agus láithreoireachtaí amhairc d’fheidhmchláir ilmheáin ar an ríomhaire.
Léiritheoir Ilmheáin
Bíonn baint ag an Léiritheoir Ilmheáin le gach páirt den tionscadal ilmheáin. Déanann teagmháil leis an bhfoireann táirgiúlachta agus an cliant chun a chinntiú go gcomhlíontar spriocanna.
Bainisteoir Teicniúil Ilmheáin
Bíonn an Bainisteoir Teicniúil Ilmheáin freagrach as comhordú teicniúil na gcodanna éagsúla den tionscadal ilmheáin.
Ceoltóir Gairmiúil
Seinneann agus taifeadann Ceoltóir Gairmiúil le grúpaí ceoil. le healaíontóirí agus ceolfhoirne ag seinm ar uirlis cheoil.
Eagarthóir Nuachtán – Irisleabhar
Déanann an tEagarthóir Nuachtán/Irisleabhar foilsiú rialta páipéir nuachtáin nó irise a chomhordú agus a bhainistiú.
Taibh-ealaíontóir
Déanann an Taibh-ealaíontóir traenáil agus gleacaíocht agus freastalaíonn siad ar ranganna damhsa. amhránaíochta agus ceoil chun leibhéil ard d’inniúlacht theicniúil. d’ábaltacht fhisiceach agus d’fholláine fhisiceach a chothabháil.
Grianghrafadóir
Úsáideann an Grianghrafadóir ceamara chun íomhánna de dhaoine. d'áiteanna. de tharluithe agus d’ócáidí a thaifeadadh.
Grianghrafadóir - Faisean, Preas & Spórt
Bíonn grianghrafadóirí faisin ag obair ar sheisiúin ghrianghrafadóireachta, agus clúdaíonn grianghrafadóirí preasa agus spóirt imeachtaí ar díol spéise iad sa nuacht.
Criadóir
Dearann agus déanann Criadóir uirlisí agus ornáidí as cré agus uisce.
Léiritheoir
Déanann Léiritheoir maoirseacht ar reáchtáil léirithe don teilifís. raidió. scannán nó an stáitse. agus déanann é a bhainistiú.
Dearthóir Léiriúcháin - Teilifís/Scannánaíocht
Tá an fhreagracht ar an Dearthóir Léiriúcháin sa tionscal scannánaíochta agus teilifíse as stíl an léiriúcháin a chruthú agus dearadh físeach a bhunú agus a phleanáil.
Piriteicneolaí
Clódóir Scáileáin
Baineann clódóirí scáileáin úsáid as scáileán fabraice chun clódóireacht a dhéanamh. Déanann siad dearthaí, pictiúir agus íomhánna eile a phriontáil ar ábhair éagsúla.
Scríbhneoir scáileáin
Dealbhóir
Dearann agus déanann Dealbhóir dealbha. oibiachtaí agus figiúirí ealaíonta ach ábhair éagsúla a mhúnlú.
Amhránaí
Canann Amhránaí le grúpa. le cór nó leis/léi féin. ag taifeadadh amhrán agus ag cur siamsaíochta ar fáil do dhaoine le taibhiú beo.
Teicneoir/Innealtóir Fuaime
Cuireann an Teicneoir seo le chéile. oibríonn agus rialaíonn an trealamh fuaime a úsáidtear i stiúideonna taifeadta. teilifíse agus scannáin agus ag ócáidí beo.
Dearthóir Amharclainne/Teilifíse
Déanann dearthóirí amharclainne/teilifíse na radharcanna seachtracha agus inmheánacha a chruthú nó a roghnú do léiriúcháin teilifíse/scannáin.
Ealaíontóir Tatúnna
Baineann leas as snáthaidí agus as dathanna chun dearadh buan a chur ar chraiceann an chliaint, trí dhúch a chur isteach trí instealladh faoi bhun an chraicinn.
Clóghrafóir
Déanann formáidiú agus léamh profaí ar théacs agus ar íomhánna a chuireann dearthóirí agus cliaint ar fáil, ag féachaint le leathanaigh chríochnaithe a fháil ar ais ar féidir iad a chur i gcló.
Amharcmharsantóir
Déanann taispeántais miondíola a dhearadh agus a chruthú d’fhuinneoga agus ranna na siopaí miondíola.
Máistir Gréasáin
Dearann agus cruthaíonn an Máistir Gréasáin leathanaigh ghréasáin agus suímh ghréasáin do ghnóthaí agus do dhaoine aonair.