Baile     

Cuardaitheoir Gairme

Cuardaigh de réir Réimse Spéise

I ngairmeacha an Réadaí bíonn gníomhaíochtaí oibre i gceist ina bhfuil fadhbanna agus réitigh phraiticiúla theagmhálacha. Go minic déileálann siad le ábhair fhíorshaoil amhail adhmad, uirlisí agus innealra. I gcás roinnt mhaith de na gairmeacha seo bítear ag obair lasmuigh.Cuardaigh >
I ngairmeacha an Iniúchóra bíonn sé i gceist oibriú le smaointe, agus bíonn gá le han-chuid smaointeoireachta. Go hiondúil bíonn fíricí a lorg agus fadhbanna a réiteach le meabhair chinn i gceist leis na gairmeacha seo.  Cuardaigh >
I gcás gairmeacha an Nádúraí go minic bítear i mbun gníomhaíochtaí a áiríonn fadhbanna agus réitigh theagmhálacha phraiticiúla. Go minic bítear ag déileáil le plandaí, le hainmhithe agus le hábhair fhíorsaoil amhail adhmad, uirlisí agus innealra.  Cuardaigh >
I ngairmeacha an Riarthóra bítear ag obair le sonraí seachas le smaointe agus le daoine. Is maith leis na daoine seo gnáthaimh agus treoracha soiléire, agus is maith leo fíricí agus figiúirí a sheiceáil.  Cuardaigh >
I ngairmeacha an Fhiontraí bíonn sé i gceist tionscadail a chur ar bun agus a chur i gcrích. Is b'fhéidir go mbeadh sé i gceist sna gairmeacha seo daoine a threorú agus cinntí a dhéanamh. Uaireanta bíonn gá dul sa fhiontar agus go minic bíonn cúrsaí gnó i gceist.  Cuardaigh >
I ngairmeacha Cruthaitheacha bítear ag obair le foirmeacha, dearthaí agus pátrúin éagsúla. Go minic bíonn féinléiriú i gceist agus is féidir an obair a dhéanamh gan cloí le sraith shoiléir rialacha.  Cuardaigh >
I gcás ghairmeacha an duine Shóisialta bíonn sé i gceist oibriú le daoine eile, cumarsáid a dhéanamh leo agus iad a mhúineadh. Go minic bítear ag soláthar seirbhísí do dhaoine eile sna gairmeacha seo.  Cuardaigh >
I gcás gairmeacha Teangeolaíochta go minic bítear ag obair le teanga agus leis na cineálacha éagsúla cumarsáide trí mheán an fhocail scríofa agus na meán ó bhéal.  Cuardaigh >
Torthaí |
 Teideal poist Cur síos achomair Gnáthriachtanais iontrála Éileamh

Siúinéir/ Saor Adhmaid Úsáideann an Siúinéir/Saor Adhmaid uirlisí láimhe agus innealra gearrtha chun feistis agus troscán a dhéanamh as adhmad.
Slinneadóir/Tíleoir Dín Suiteálann. feistíonn agus deisíonn an Slinneadóir/Tíleoir Dín díonta ag úsáid tíleanna adhmaid. feilte agus slinne.
Speisialtóir Dramhaíola Guaisí Sainfheidhmíonn an Speisialtóir seo i ndearadh. i gcóireáil agus i ndiúscairt ábhair ghuaiseacha a úsáidtear i dtionscail.
Speisialtóir Tacaíochta Ríomhaire/TF Cuireann speisialtóirí tacaíochta ríomhaire tacaíocht ar fáil ar an teileafón nó ar an ngréasán do dhaoine a bhfuil fadhbanna acu le crua-earraí nó bogearraí ríomhaire.
Stórthóirí Cabhraíonn Stórthóirí i ngníomhaíochtaí laethúla trádstórais.
Suibhéir - Mianraí/Mianadóireacht Déanann suirbhéirí mianraí/mianadóireachta mapáil ar mhianraí fosaithe. I measc na ndualgas atá orthu déanann siad meas ar an luach a d’fhéadfadh baint leis an bhfosú mianraí, agus déanann bainistiú agus forbairt ar mhianaigh.
Suirbhéir Déanann Suirbhéir suirbhé ar gach cineál réadmhaoine agus acmhainn nádúrtha amhail foirgnimh. talamh agus an fharraige.
Suirbhéir Árachais Déanann an Suirbhéir Árachais suirbhéireacht ar fhoirgnimh nó ar struchtúir chun a rioscaí árachais a mheasúnú agus molann réamhchúraimí sábháilteachta.
Suirbhéir. Tógála/Mianadóireachta Déanann an Suirbhéir Tógála/Mianadóireachta measúnú ar na deisiúcháin agus athruithe atá ag teastáil ar gach cineál foirgneamh agus struchtúr.
Suiteálaithe Aeróg agus Satailítí Cuireann isteach aeróga, satailítí agus miasa digiteacha do dhaoine ina dtithe, nó i dtithe ósta agus árasáin.
Suiteálaithe Trealamh Tógála Seirbhísíonn an Suiteálaí Trealamh Tógála agus déanann cothabháil ar an trealamh agus innealra go léir a úsáidtear ar ghléasra tógála.
Táilliúir Dearann. tomhaiseann agus gearrann an Táilliúr éadach do bhaill éadaigh amhail cultacha. léinte agus cótaí móra.
Táthú
Teachtaire Gluaisrothair Seachadann an Teachtaire Gluaisrothair pacáistí ó oifig nó teach cliaint díreach go dtí an áit ba mhaith leo é a dhul.
Teagascóir Gleacaíochta agus Sláinte Traenálann an Teagascóir seo agus cuireann comhairle ar dhaoine maidir le sláinte agus folláine ag úsáid teicnící éagsúla traenála.
Teagascóir Tiomána Múineann an Teagascóir Tiomána do dhaoine conas tiomáint go sábháilte agus de réir rialacha an bhóthair.
Teicneoir Déadach Déanann an Teicneoir Déadach fiacla bréige agus feistis dhéadacha eile agus deisíonn sé/sí iad ag úsáid miotail agus plaistigh.
Teicneoir Foirgníochta
Teicneoir Innealtóireachta Aimsíonn an Teicneoir Innealtóireachta agus réitíonn mífheidhmeanna trealaimh. ag obair le déantúsóirí agus le hionadaithe réimse nuair is gá chun páirteanna nua a fháil.
Teicneoir Innealtóireachta - Leictreonaic Cuireann teicneoirí innealtóireachta leictreonaice tacaíocht ar fáil d’innealtóirí sa taighde, dearadh, forbairt agus cothabháil a dhéantar ar raon táirgí leictreonacha.
Teicneoir Innealtóireachta Sibhialta Cabhraíonn an Teicneoir Innealtóireachta Sibhialta le hinnealtóirí agus le hailtirí tógáil struchtúr amhail droichid. bóithre agus iarnróid a eagrú.
Teicneoir Polaiméirí Oibríonn teicneoir Polaiméirí (nó Plaisteach) in earnáil na déantúsaíochta i dtionscail éagsúla.
Teicneoir Próisis i Monarcha Ceimiceáin Déanann teicneoirí próisis i monarchana ceimiceán monatóireacht ar threalamh agus ar ghléasra a bhíonn in úsáid chun táirgí ceimice a dhéanamh mar shampla dathanna a úsáidtear i ruaimeanna, péinteanna, drugaí, cógais agus leasúchán.
Teicneoir Saotharlainne Bitheolaíochta Oibríonn faoi mhaoirseacht an phríomheolaí, agus bíonn siad ina speisialtóirí ar ghnáth-thascanna praiticiúla riachtanacha sa taighde agus forbairt i réimsí amhail géineolaíocht, micribhitheolaíocht agus ceimic.
Teicneoir Seirbhíse Trealaimh Oifige Déanann innealtóirí seirbhíse measáiní oifige raon leathan trealaimh a shuiteáil, a sheirbhísiú agus a dheisiú in oifigí.
Teicneoir Suímh Cabhraíonn an Teicneoir Suímh le reáchtáil suímh thógála trí mhonatóireacht a dhéanamh ar chonraitheoirí. comhairle a thabhairt maidir le húsáid teicneolaíochta. agus tuairisciú leis an ngníomhaire suímh.
Teicneoir Uirlisí Ceoil Déanann teicneoirí uirlisí ceoil uirlisí a dhearadh agus a dhéanamh. Cuireann formhór na dteicneoirí seirbhís deisiúcháin, cothabhála agus athdheisithe ar fáil freisin.
Tíleoir/Feisteoir Urláir/Balla Leagan an Tíleoir/Feisteoir Urláir/Balla amach tíleanna. déanann marcáil ar línte greille agus leibhéalann línte tagartha agus bataí tíleála. Bíonn feistiú tíleanna ceirmeacha ar bhallaí. urláir agus ar chéimeanna i gceist chomh maith.
Tiománaí Bus Tiomáineann an Tiománaí seo bus ar bhealach seasta. ag bailiú paisinéirí ar an mbealach.
Tiománaí Feithiclí Earraí Troma Bíonn na tiománaí seo freagrach as seachadadh agus bailiúchán earraí ar fud na hÉireann. na Ríochtat Aonaithe agus ar an mór-roinn.
Tiománaí Tacsaí Bailíonn custaiméirí agus tugann iad chuig a gceann scríbe i bhfeithicil.
Tiománaí Traenach Bíonn an Tiománaí Traenach fostaithe le cuideachtaí iompair chun traenacha paisinéirí nó lastais a thiomáint.
Tiománaí Veain Déanann trealamh, postas nó earraí a iompar agus cuidíonn le lastú agus dílastú feithiclí.
Tiúnálaí Pianó Déanann tiúnadh ar phianó i dtithe príobháideacha nó in áiteanna poiblí eile. Is minic a dhéanann siad tiúnadh ar phianó le haghaidh coirmeacha ceoil nó taifeadadh fuaime.
Tógála Bád Tógann, deisíonn agus athchóiríonn cabhlacha agus feisteas i gcineálacha éagsúla bád, mar shampla luamha, báidíní agus caolbháid.
Tuíodóir Clúdaíonn tuíodóirí díonta tí, tithe tábhairne, sciobóil etc. le giolcacha nó tuí ionas go mbeidh na díonta uice-dhíonach.
Tumaire Oibríonn faoin uisce i mbun tascanna éagsúla, mar shampla trealamh a shuiteáil, a iniúchadh nó a dheisiú, pléascáin rigí ola a shuiteáil, obair tarrthálais a dhéanamh, turgnaimh muirí a chur i gcrích, grianghraif a thógáil den bhitheolaíocht muirí agus seirbhísí tarrthála a chur ar fáil.
Uirliseoir Déanann an tUirliseoir uirlisí speisialta le húsáid i monarchana agus i gceardlanna ag úsáid innealra beacht.

 Leathanach taispeána 2 de 2 leathanaigh