Baile     

Cuardaitheoir Gairme

Cuardaigh de réir Réimse Spéise

I ngairmeacha an Réadaí bíonn gníomhaíochtaí oibre i gceist ina bhfuil fadhbanna agus réitigh phraiticiúla theagmhálacha. Go minic déileálann siad le ábhair fhíorshaoil amhail adhmad, uirlisí agus innealra. I gcás roinnt mhaith de na gairmeacha seo bítear ag obair lasmuigh.Cuardaigh >
I ngairmeacha an Iniúchóra bíonn sé i gceist oibriú le smaointe, agus bíonn gá le han-chuid smaointeoireachta. Go hiondúil bíonn fíricí a lorg agus fadhbanna a réiteach le meabhair chinn i gceist leis na gairmeacha seo.  Cuardaigh >
I gcás gairmeacha an Nádúraí go minic bítear i mbun gníomhaíochtaí a áiríonn fadhbanna agus réitigh theagmhálacha phraiticiúla. Go minic bítear ag déileáil le plandaí, le hainmhithe agus le hábhair fhíorsaoil amhail adhmad, uirlisí agus innealra.  Cuardaigh >
I ngairmeacha an Riarthóra bítear ag obair le sonraí seachas le smaointe agus le daoine. Is maith leis na daoine seo gnáthaimh agus treoracha soiléire, agus is maith leo fíricí agus figiúirí a sheiceáil.  Cuardaigh >
I ngairmeacha an Fhiontraí bíonn sé i gceist tionscadail a chur ar bun agus a chur i gcrích. Is b'fhéidir go mbeadh sé i gceist sna gairmeacha seo daoine a threorú agus cinntí a dhéanamh. Uaireanta bíonn gá dul sa fhiontar agus go minic bíonn cúrsaí gnó i gceist.  Cuardaigh >
I ngairmeacha Cruthaitheacha bítear ag obair le foirmeacha, dearthaí agus pátrúin éagsúla. Go minic bíonn féinléiriú i gceist agus is féidir an obair a dhéanamh gan cloí le sraith shoiléir rialacha.  Cuardaigh >
I gcás ghairmeacha an duine Shóisialta bíonn sé i gceist oibriú le daoine eile, cumarsáid a dhéanamh leo agus iad a mhúineadh. Go minic bítear ag soláthar seirbhísí do dhaoine eile sna gairmeacha seo.  Cuardaigh >
I gcás gairmeacha Teangeolaíochta go minic bítear ag obair le teanga agus leis na cineálacha éagsúla cumarsáide trí mheán an fhocail scríofa agus na meán ó bhéal.  Cuardaigh >
Torthaí |
 Teideal poist Cur síos achomair Gnáthriachtanais iontrála Éileamh

Aistritheoir Aistríonn an tAistritheoir téacs agus doiciméid scríofa ó theanga amháin go teanga eile.
Ateangaire

Aistríonn Ateangaire focail labhartha ó theanga amháin go teanga eile.

Bainisteoir Gnóthaí Corparáideacha agus Cumarsáide Bíonn an Bainisteoir seo freagrach as íomhá chorparáideach agus iompar gach cumarsáide seachtraí.
Bainisteoir Margaíochta / Cumarsáide Bíonn an Bainisteoir Margaíochta/Cumarsáide freagrach as feachtais mhargaíochta a reáchtáil chomh maith le fógraíocht nua a fhorbairt do chuideachta.
Cóipeagarthóir Déanann athbhreithniú agus eagarthóireacht ar théacs foilseacháin chun a chinntiú go bhfuil sé ag teacht le rialacha eagarthóireachta na cuideachta, go bhfuil an téacs cruinn agus go bhfuil an ghramadach cheart in úsáid.
Craoltóireacht - Láthreoir Déanann láithreoireacht in obair chraoltóireachta raidió agus teilifíse. D’fhéadfaidís cláir a chur i láthair, míreanna a nascadh le chéile, eolas a chur i láthair agus leithscéal a ghabháil d’éaradh seirbhíse.
Eagarthóir - Foilseachán Bailíonn an tEagarthóir lámhscríbhinní leabhar agus foilseachán eile agus cuireann eagar orthu.
Feidhmeannach Cuntas Caidrimh Phoiblí Glacann an Feidhmeannach Cuntas Caidrimh Phoiblí páirt i gcur chun cinn nó i gcruthú cáilmheasa do dhaoine. do ghrúpaí nó d’eagraíochtaí trí ábhar poiblíochta fabhrach a scríobh nó a roghnú agus é a scaipeadh trí mheáin chumarsáide éagsúla.
Gníomhaire Liteartha
Iriseoir / Tuairisceoir

Tuairiscíonn Iriseoir/Tuairisceoir nuacht do pháipéir nuachta. don teilifís agus ar stáisiúin raidió.

Iriseoir Craolacháin Déanann an tIriseoir Cralacháin anailís. ateangaireacht agus craoladh ar nuacht a fhaightear ó fhoinsí éagsúla.
Láithreoir Teilifíse/Raidió Cuireann an Láithreoir Teilifíse/Raidió seónna agus cláir raidió agus theilifíse i láthair agus óstálann iad.
Profaí Seiceálann Profaí bloic de téacs clóscríofa le haghaidh earráidí i litriú. i ngramadach. agus. corruair. i gcomhthéacs.
Scríbhneoir Scríobhann Scríbhneoir scéalta. leabhair. ailt. filíocht agus go leor cineálacha eile saothar nó píosaí scríofa.
Scríbhneoir Ilmheáin Scríobhann an Scríbhneoir Ilmheáin téacs. scripteanna agus scéalta do chláir ilmheáin ar ríomhaire.
Scríbhneoir Teicniúil Scríobhann an Scríbhneoir Teicniúil lámhleabhair threoracha agus téacsleabhair theicniúla.
Teangeolaí Déanann an Teangeolaí staidéar agus anailís ar eolaíocht na cumarsáide briathartha.
Teicneoirí Logánú Bogearraí Déanann an Teicneoir seo bogearraí ríomhaire a shainoiriúnú chun bheith oiriúnach do thír. chultúr nó shochaí faoi leith.
Tuairisceoir Cuairte Breacann an Tuairisceoir Cuairte síos gach focal a deirtear sa chúirt le haghaidh tagartha sa todhchaí.