Baile     
Scileanna Idirphearsanta

Scileanna Idirphearsanta

Is éard atá i gceist le Scileanna Idirphearsanta (scileanna sóisialta) ná tacar scileanna a chuidíonn linn cumarsáid a dhéanamh le daoine eile agus bheith ag plé leo ar bhonn sóisialta. Is minic a bhaineann daoine eile úsáid as na scileanna idirphearsanta againn chun ár stádas a aithint, chun cairde nó páirtithe a roghnú agus is minic a úsáideann fostóirí iad chun iarrthóirí a roghnú le haghaidh poist. Tá a mhalairt fíor freisin. Le drochscileanna idirphearsanta ní bhítear in ann caidreamh ceart a dhéanamh le daoine eile ar bhonn sóisialta

Tá idir scileanna labhartha agus scileanna neamhbhriathartha i gceist le scileanna idirphearsanta. I measc na scileanna labhartha tá bheith in ann friotal ceart a chur ar a bhfuil le rá agat, é a rá ag an am ceart, agus bheith in ann cumarsáid a dhéanamh ar bhealach a mhúsclóidh spéis daoine, bheith in ann raon maith toin agus cáilíochta gutha a úsáid, agus bheith in ann labhairt ar bhealach a léiríonn go bhfuil oideachas ort agus go bhfuil tú réasúnta.

Samhlaítear scileanna maithe idirphearsanta a bheith ag duine i gcás gur féidir leo labhairt amach go soiléir, tuairimí a chur in iúl atá oiriúnach don chomhthéacs, agus muinín a bheith acu as a nguth. Samhlaítear drochscileanna idirphearsanta a bheith ag daoine le guth monatoin, daoine a deir an rud míchuí don chomhthéacs, daoine a labhraíonn ró-íseal nó ró-ard, nó daoine a labhraíonn ar thopaicí atá leadránach. Samhlaítear drochscileanna idirphearsanta a bheith ag an té nach féidir leis nó léi ach díriú ar thopaic amháin.

Gné eile a bhaineann le scileanna idirphearsanta ná na scileanna neamhbhriathartha. I measc na scileanna maithe idirphearsanta atá neamhbhriathartha, d’áireofaí comharthaíocht choirp, seasamh suas go díreach, gothaí oiriúnacha a déanamh, amharc ar dhuine díreach sna súile, miongháire a dhéanamh, an chomharthaíocht choirp a bheith oscailte agus fáilteach. É sin ráite, ní miste a lua gur féidir dul thar fóir leis seo. D’fhéadfadh gothaí a bheith ró-dhrámatúil, d’fhéadfaí an iomarca miongháire a dheanamh agus is minic nach mbíonn muinín ag daoine as a leithéid, agus is féidir le comharthaíocht choirp atá ró-oscailte a bheith drochmhúinte i gcásanna áirithe.

Chomh maith leis sin, deirtear go bhfuil duine le scileanna maithe idirphearsanta go maith ag éisteacht le daoine eile. Cuidíonn an sméideadh cinn, roinnt cainte a dhéanamh má tá duine ag labhairt leat chun a chur in iúl go bhfuil an méid atá ráite acu tuigthe agat. Is maith le daoine comhrá a bheith acu. Is maith leo nuair is próiseas déthreo é. Is maith leo páirt chomhionann a ghlacadh sa chomhrá.

Cé gur féidir scileanna idirphearsanta a fhoghlaim, tá roinnt daoine ann a bhfuil siad acu go nádúrtha. Féadfaidh sé bheith deacair ar dhaoine eile mar go bhfuil siad faoi mhíchumas cumarsáide. Mar shampla, má tá uathachas ar dhuine, neamhoird neamhbhriatartha foghlama agus Apergers, bíonn sé deacair orthu ton gutha duine eile a thuiscint, searbhas nó comharthaíocht choirp a thuiscint. Is féidir leo droch-chumarsáid a dhéanamh mar go bhfuil droch-chomharthaíocht choirp acu.

Samplaí de Scileanna Idirphearsanta:

Íogaireacht I leith daoine eile Léiríonn tú an cumas spéis dhomhain a bheith agat i gcúrsaí agus i mothúcháin daoine eile. Bíonn tú ar do dhícheall cabhrú le daoine eile
Léargas ar dhaoine eile Léiríonn tú go bhfuil tuiscint mhaith agat ar na cúiseanna is bun le gníomhartha daoine, agus bíonn tú foighneach. Bíonn tú go maith ag léamh mothúcháin daoine eile.
Oscailteacht do dhaoine eile Bíonn tú oscailte don rud atá le rá ag daoine eile agus déanann tú cumarsáid le daoine ar gach leibhéal. Bíonn tú sásta éispéiris phearsanta a roinnt agus muinín a bheith agat as daoine.
Meas ar dhaoine eile Léiríonn tú go bhfuil meas agat ar mhothúcháin, riachtanais smaointe, mianta agus roghanna daoine eile (cultúir eile san áireamh).
Labhairt/Cur i Láthair Cuireann tú eolas i láthair go soiléir agus go muiníneach do dhaoine nó do ghrúpaí. Amharcann tú go díreach ar dhaoine sa lucht éisteachta nó ar dhaoine aonair.
Éisteacht ghníomhach Díríonn tú aird iomlán ar a bhfuil le rá ag daoine eile, agus déanann tú do dhícheall a bhfuil le rá acu a thuiscint, cuireann tú ceisteanna de réir mar is gá agus ní chuireann tú isteach go míchuí ar an té atá ag labhairt.
Comhrá Labhraíonn tú amach go soiléir agus éisteann tú go cúramach. Bíonn ag smaoineamh ar dhaoine eile agus ní ort féin. Lorgaíonn tú soiléiriú nuair is gá agus bíonn do chomharthaíocht choirp oiriúnach.
Áiteamh Léiríonn tú an cumas dul i bhfeidhm ar thuairimí agus ar ghníomhartha daoine eile. Léiríonn tú an cumas tionchar a imirt ar dhaoine eile ionas go gcomhoibreoidh siad leat agus go dtabharfaidh siad tacaíocht do do smaointe nó do ghníomhaíochtaí.
Ballraíocht ar fhoireann Oibríonn tú go maith le grúpaí de dhaoine agus bíonn tú dílis dóibh agus dá gcuspóirí. Caitheann tú go comhionann le tuairimí gach baill den fhoireann.
Rannpháirtíocht ar Fhoireann Cuireann tú tuairimí in iúl go hoscailte laistigh de ghrúpa. Bíonn tú toilteanach tabhairt faoi thascanna agus glacadh le freagrachtaí de réir do thaithí.
Ceannaireacht Léiríonn tú an cumas fís a chur in iúl do dhaoine eile agus iad a threorú i dtreo bhaint amach na físe sin. Spreagann tú daoine chun gnímh agus éiríonn leat tacaíocht daoine eile a fháil.

Comórtas Scilenna Gairme

 

Conas na Scileanna sin a Fhorbairt?

Is féidir leat an cleachtadh a dhéanamh atá ar an mbileog eolais atá le híoslódáil anseo. Cuirtear síos ann ar na scileanna is mó éileamh i measc fostóirí. Is féidir leat tú féin a rátáil de réir na scileanna seo, nó d’fhéadfá a fháil amach cad iad na laigí nó na láidreachtaí atá agat. Ansin d’fhéadfá deiseanna a lorg na scileanna sin a fhorbairt.

 

 

Download Self-Assement Worksheet

Bileog Oibre - Scileanna Gairme Féin-Mheasúnú