Baile     
Tasc-scileanna

Tasc-scileanna

Is éard atá i gceist le tasc-scileanna ná scileanna ginearálta atá tábhachtach sa mhéid go gcuidíonn siad linn gnáth-thascanna a chur i gcrích – tascanna a bhíonn orainn a dhéanamh ar an láthair oibre ach nach mbaineann go sonrach leis an gceird nó leis an ngairm a bhfuil oiliúint orainn chuige.

Is beag post nach mbeadh na catagóirí scileanna thíosluaite úsáideach dóibh. D’fhéadfaí feabhas a chur ar a lán de na scileanna seo trí oiliúint ar leith a fháil, nó trí dheiseanna a thapú ina mbeadh gá iad a úsáid.

Is dócha go bhféadfaí a ghlacadh leis go roghnódh fostóirí daoine ar féidir leo tascanna a chur i gcrích sna réimsí seo thíos.



Samplaí de Scileanna Idirphearsanta:

Íogaireacht I leith daoine eile Léiríonn tú an cumas spéis dhomhain a bheith agat i gcúrsaí agus i mothúcháin daoine eile. Bíonn tú ar do dhícheall cabhrú le daoine eile
Léargas ar dhaoine eile Léiríonn tú go bhfuil tuiscint mhaith agat ar na cúiseanna is bun le gníomhartha daoine, agus bíonn tú foighneach. Bíonn tú go maith ag léamh mothúcháin daoine eile.
Oscailteacht do dhaoine eile Bíonn tú oscailte don rud atá le rá ag daoine eile agus déanann tú cumarsáid le daoine ar gach leibhéal. Bíonn tú sásta éispéiris phearsanta a roinnt agus muinín a bheith agat as daoine.
Meas ar dhaoine eile Léiríonn tú go bhfuil meas agat ar mhothúcháin, riachtanais smaointe, mianta agus roghanna daoine eile (cultúir eile san áireamh).
Labhairt/Cur i Láthair Cuireann tú eolas i láthair go soiléir agus go muiníneach do dhaoine nó do ghrúpaí. Amharcann tú go díreach ar dhaoine sa lucht éisteachta nó ar dhaoine aonair.
Éisteacht ghníomhach Díríonn tú aird iomlán ar a bhfuil le rá ag daoine eile, agus déanann tú do dhícheall a bhfuil le rá acu a thuiscint, cuireann tú ceisteanna de réir mar is gá agus ní chuireann tú isteach go míchuí ar an té atá ag labhairt.
Comhrá Labhraíonn tú amach go soiléir agus éisteann tú go cúramach. Bíonn ag smaoineamh ar dhaoine eile agus ní ort féin. Lorgaíonn tú soiléiriú nuair is gá agus bíonn do chomharthaíocht choirp oiriúnach.
Áiteamh Léiríonn tú an cumas dul i bhfeidhm ar thuairimí agus ar ghníomhartha daoine eile. Léiríonn tú an cumas tionchar a imirt ar dhaoine eile ionas go gcomhoibreoidh siad leat agus go dtabharfaidh siad tacaíocht do do smaointe nó do ghníomhaíochtaí.
Ballraíocht ar fhoireann Oibríonn tú go maith le grúpaí de dhaoine agus bíonn tú dílis dóibh agus dá gcuspóirí. Caitheann tú go comhionann le tuairimí gach baill den fhoireann.
Rannpháirtíocht ar Fhoireann Cuireann tú tuairimí in iúl go hoscailte laistigh de ghrúpa. Bíonn tú toilteanach tabhairt faoi thascanna agus glacadh le freagrachtaí de réir do thaithí.
Ceannaireacht Léiríonn tú an cumas fís a chur in iúl do dhaoine eile agus iad a threorú i dtreo bhaint amach na físe sin. Spreagann tú daoine chun gnímh agus éiríonn leat tacaíocht daoine eile a fháil.

Comórtas Scilenna Gairme

 

Conas na Scileanna sin a Fhorbairt?

Is féidir leat an cleachtadh a dhéanamh atá ar an mbileog eolais atá le híoslódáil anseo. Cuirtear síos ann ar na scileanna is mó éileamh i measc fostóirí. Is féidir leat tú féin a rátáil de réir na scileanna seo, nó d’fhéadfá a fháil amach cad iad na laigí nó na láidreachtaí atá agat. Ansin d’fhéadfá deiseanna a lorg na scileanna sin a fhorbairt.

 

 

Download Self-Assement Worksheet

Bileog Oibre - Scileanna Gairme Féin-Mheasúnú