Baile     

deiseanna gairme in institiúide an AE

1

Cad é an AE?

Cuireann an tAontas Eorpach an deis ar fáil do dhaoine óga uaillmhianacha, cumasacha gairm spéisiúil idirnáisiúnta a fháil ag croílár timpeallacht ilnáisiúnach agus an deis chomh maith athruithe suntasacha fadtéarmacha a dhéanamh.

An raibh a fhios agat ... go bhfuil cúigear tar éis a bheith ina nArd-Rúnaithe ar an gCoimisiún Eorpach (seo an leibhéal is airde státseirbhíse sa Choimisiún) agus, go dtí seo, go raibh beirt acu - David O'Sullivan agus Catherine Day - ina nÉireannaigh?

Tá institiúidí an AE i gcónaí ar thóir daoine le scileanna, atá ullamh don dúshlán agus ar mhian leo difríocht a dhéanamh. Ó fuair Éire ballraíocht san AE i 1973, tá saoránaigh na hÉireann tar éis bheith ag obair san AE agus d'éirigh leo roinnt de na poist is sinsearaí a ghnóthú. An raibh a fhios agat ... go bhfuil cúigear tar éis a bheith ina nArd-Rúnaithe ar an gCoimisiún Eorpach (seo an leibhéal is airde státseirbhíse sa Choimisiún) agus, go dtí seo, go raibh beirt acu - David O'Sullivan agus Catherine Day - ina nÉireannaigh?

An bhfuil tú ar thóir gairme i dtimpeallacht fhuinniúil?

Cuireann an tAontas Eorpach an deis ar fáil do dhaoine uaillmhianacha cumasacha gairm idirnáisiúnta a bheith acu. Bunaithe i gcroílár na hEorpa, bheadh timpeallacht fhuinniúil bhríomhar romhaibh. Freastalaíonn Institiúidí an AE ar 505 milliún duine i 28 ballstát, agus is féidir bheith ag súil le scála tuarastail agus taithí eisceachtúil dá réir.

Iarratais ó Éirinn

Le blianta beaga anuas, tá an leibhéal feasachta maidir le deiseanna gairme in institiúide an AE tar éis laghdú agus tá líon na n-iarratas ó Éirinn laghdaithe chomh maith. Go hiondúil, ní thagann ach 500 iarratas, nó níos lú, ó chéimithe na hÉireann.

EU careers

Más mac léinn sa bhliain dheireanach tú, nó más céimí tú, féadann tú iarratas a chur isteach ar phoist bhunúsacha i réimsí éagsúla, a bheadh mar thúsphointe teacht isteach ar ghairm spreagúil Eorpach.

Déanann Institiúidí Eorpacha earcaíocht rialta ar chéimithe agus gairmithe a bhfuil taithí oibre acu agus ar phearsanra riaracháin, i raon leathan réimsí. Más mac léinn ar choláiste nó ollscoil tú agus tú sa bhliain dheireanach ann nó más céimí tú nó más gairmí tú le taithí na mblianta, tá ról oiriúnach ann duit san AE.

Ag brath ar do chuid scileanna, taithí agus sainchuntas poist, féadann tú obair a dhéanamh ar iliomad rudaí amhail polasaithe a dhréachtú agus dlí AE a chur i bhfeidhm, tionscadail a bhainistiú, straitéisí cumarsáide a fhorbairt, aistriúcháin nó ateangaireacht a dhéanamh, nó comhairle dlí a chur ar fáil.

Féach an mhír thíos chun tuilleadh eolais a fháil. Chun na folúntais is déanaí a fheiceáil, cliceáil anseo

Tá an AE ag tabhairt aghaidh ar níos mó dúshlán ná mar a bhí riamh. Thar aon uair eile, tá sé ríthábhachtach anois go ndéanfadh daoine óga Éireannacha, atá cumasach agus uaillmhianach, post a lorg in institiúidí AE agus dul chun cinn a dhéanamh sna poist sin, agus an deis a thapú le bheith páirteach go gníomhach i múnlú thodhchaí saoránach an AE. Tá Éire fós ina ball tiomanta don AE agus tá ár dtodhchaí nasctha go láidir leis, agus mholfainn daoibh go léir machnamh a dhéanamh ar phost sa réimse seo a lorg, dá réir

Enda Kenny, Taoiseach 2011 - 2017
2

Conas a oibríonn an AE?

An bhféadfá forléargas a thabhairt dom ar d’earnáil?

Feidhmíonn an tAontas Eorpach trína 11 institiúid, le tacaíocht ó an-chuid Gníomhaireachtaí agus comhlachtaí eile ar fud na Eorpa.

Ó thosaigh sé amach mar an Comhphobal Eorpach do Ghual agus Chruach (ECSC) sa bhliain 1951, tá an AE tar éis athrú go mór agus tá sé anois ina eagraíocht atá scaipthe thar raon ollmhór réimsí, idir chúnamh forbartha is bheartas comhshaoil, rud a chuireann an iliomad roghanna gairme ar fáil d'fhostaithe féideartha.

Tá 11 Institiúid an AE agus an líon mór Gníomhaireachtaí AE liostaithe anseo thíos, mar aon lena suíomhanna, cé atá ag obair dóibh agus conas mar is féidir leat gairm a lorg sa cheann a roghnaíonn tú.

EU Commission

AN COIMISIÚN EORPACH

×

AN COIMISIÚN EORPACH

Is é an Coimisiún Eorpach an comhlacht feidhmiúcháin atá freagrach as gnáthreáchtáil ghnóthaí an Aontais Eorpaigh. Tá 28 gcomhalta sa Choimisiún, ar a dtugtar Coimisinéirí, ionadaí amháin le haghaidh gach Ballstáit de chuid AE. A luaithe is a roghnaítear iad, bíonn sé de chúram ar na Coimisinéirí reachtaíocht a mholadh, seasamh le conarthaí agus cinntí a chur chun feidhme leis an sprioc an tAontas ina iomláine a chur chun cinn. Tá oifigí ag an gCoimisiún sa Bhruiséil agus i Lucsamburg chomh maith le hoifigí eile i ngach ceann de na Ballstáit indibhidiúla. Faoi láthair tá 23,616 dhuine fostaithe ag an gCoimisiún Eorpach.

Tús a chur le do Ghairm leis an gCoimisiún Eorpach

Oiliúnachtaí Riaracháin

Tá an Coimisiún Eorpach roinnte ina Ard-Stiúrthóireachtaí, cosúil le ranna rialtais. Bíonn tréimhsí oiliúna ar fáil i ngach ceann de na hArd-Stiúrthóireachtaí agus i seirbhísí an Choimisiúin Eorpaigh, lena n-áirítear oifigí príobháideacha na gCoimisinéirí. Go traidisiúnta, is in Ard-Stiúrthóireacht na hIomaíochta a bhíodh na tréimhsí oiliúna is iomaíche, agus is san Ard-Stiúrthóireacht sin a láimhseáiltear dlí na hiomaíochta.

Chun a bheith incháilithe:

  • Is gá duit céim ollscoile le céad onóracha nó dara onóracha a bheith agat (1:1 nó 2:1);
  • Is gá taithí oibre a bheith agat (le pá nó gan phá) in aon chuid de na hinstitiúidí AE ar feadh tréimhse níos faide ná 6 seachtaine. Áiríonn é sin toscaireachtaí, comhlachtaí ionadaíochta agus gníomhaireachtaí feidhmiúcháin;
  • Is gá go mbeadh eolas maith agat ar dhara teanga oifigiúil AE.

Dóibhsean atá i mbun tréimhse oiliúna riaracháin tá siad incháilithe le haghaidh deontais dar luach tuairim is €1,000 sa mhí (féadfaidh an méid beacht athrú). De ghnáth íoctar as speansais taistil freisin chuig an mBruiséil agus ón mBruiséil ag tús agus deireadh na tréimhse.

The Blue Book

Is bunachar sonraí mór é The Blue Book ina gcoinnítear faisnéis faoi na daoine go léir ar éirigh leo an dara babhta de phróiseas iarratais thréimhsí oiliúna an Choimisiúin Eorpaigh a bhaint amach.

Breathnóidh oifigigh an Choimisiúin tríd an mbunachar sonraí seo chun tuairim a fháil faoi do chúlra acadúil, do scileanna teanga agus na réimsí is spéis leat. Bunaithe ar an eolas sin beartóidh siad ar cibé acu an mbeifeá oiriúnach mar iarrthóir le bheith ag obair ina roinn.

A luaithe is atá do shonraí sa bhunachar Blue book, ba cheart duit teagmháil a dhéanamh le hoifigigh/ranna AE ina bhfuil spéis agat do thréimhse oiliúna a chaitheamh, agus iad a chur ar an eolas go bhfuil spéis agat a bheith ag obair dóibh.

Ní bhaintear úsáid as bunachar sonraí The Blue Book ach amháin le haghaidh phróiseas iarratais thréimhsí oiliúna riaracháin an Choimisiúin Eorpaigh. Tá critéir agus córais incháilitheachta eile ar leithligh ag an rannóg aistriúcháin.

Oiliúnachtaí aistriúcháin leis an gCoimisiún Eorpach

Bíonn líon beag tréimhsí oiliúna aistriúcháin ann ag Ard-Stiúrthóireacht an Aistriúcháin gach bliain. Cuirtear na tréimhsí oiliúna sin ar fáil ar feadh tréimhse cúig mhí agus tá siad ar fáil do chéimithe a bhfuil spéis acu taithí ghairmiúil a fháil i réimse an aistriúcháin leis an hInstitiúidí Eorpacha.

Le linn na dtréimhsí oiliúna cuirtear na hoiliúnaithe in aonad aistriúcháin ar leith atá déanta suas d’aistritheoirí a bhfuil an teanga dhúchais chéanna acu nó an phríomhtheanga chéanna acu. Mar oiliúnaí beidh an obair chéanna ar siúl agat is a bhíonn idir lámha ag do chomhghleacaithe ar baill foirne iad - ag aistriú isteach i do theanga dhúchais ó ar a laghad dhá cheann de theangacha AE.

Faigheann oiliúnaithe deontas de tuairim is € 1,000 in aghaidh na míosa.

Chun a bheith incháilithe don tréimhse oiliúna seo, ní foláir duit:

  • céim iomlán ollscoile a bheith agat;
  • a bheith in ann aistriú isteach i do theanga dhúchais ó phríomhtheanga nó dhá phríomhtheanga de chuid AE (agus is gá gurb iad Fraincis, Gearmáinis nó Béarla ceann díobhsan).

Seo a leanas na spriocdhátaí le haghaidh na dtréimhsí oiliúna:

  • An 30 Lúnasa don tréimhse oiliúna a thosaíonn i mí an Mhárta;
  • An 3 Feabhra don tréimhse oiliúna a thosaíonn i mí Dheireadh Fómhair.

An Chéad Chéim Eile

Féadfaidh aon duine atá ag iarraidh tréimhse oiliúna a dhéanamh leis an gCoimisiún Eorpach é sin a dhéanamh ar bhealaí éagsúla.

Foireann Bhuan

Roghnaítear oifigigh bhuana trí chomórtais oscailte arna reáchtáil ag an Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO).

Sna Comórtais Oscailte sin bíonn trialacha agus cleachtaí atá ceaptha chun do scileanna gairmiúla a thástáil chomh maith le roinnt croí-inniúlachtaí. Cuirtear na hiarrthóirí a n-éiríonn leo sa chomórtas ar phainéal ónar féidir leis na hinstitiúidí daoine a earcú nuair a bhíonn gá leo. Foilsítear na painéil seo san Iris Oifigiúil. A luaithe is a chuirtear iarrthóir ar phainéal, féadtar iad a earcú chuig folúntas in aon cheann de na seirbhísí is spéis leis é sa Choimisiún.

Gníomhairí ar Conradh

Earcaíonn an Coimisiún Eorpach gníomhairí ar conradh freisin. Seo a leanas an próiseas earcaíochta le haghaidh na bhfolúntas sin:

  • Glao ar léiriú spéise chun painéal de ghníomhairí ar conradh a chur le chéile.
  • Déanfaidh seirbhísí an Choimisiúin cuardach ar an mbunachar sonraí agus aimseoidh siad iarrthóirí ar féidir leo cuireadh a thabhairt dóibh teacht agus agallamh inniúlachta a dhéanamh.
  • Déanfar conradh ar théarma seasta a thairiscint dóibhsean a n-éiríonn leo sna hagallaimh.

Le haghaidh tuilleadh eolais cliceáil anseo

Chun breathnú ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh cliceáil anseo

×
EU Parliament

PAIRLIMINT NA hEORPA

×

PAIRLIMINT NA hEORPA

Is í Parlaimint na hEorpa Institiúid pharlaiminteach an Aontais Eorpaigh agus déantar na comhaltaí a thoghadh go díreach. Tá Parlaimint na hEorpa déanta suas de 751 chomhalta, ar a dtugtar Feisirí de Pharlaimint na hEorpa.

Tá oifigí ag Parlaimint na hEorpa sa Bhruiséil agus in Strasbourg, chomh maith le hoifig eolais i ngach ceann de na 28 mBallstát AE.

Tús a chur le do Ghairm le Parlaimint na hEorpa

Clár Tréimhsí Oiliúna Schuman

Más spéis le céimithe tús a chur lena ngairm ag obair le Parlaimint na hEorpa is féidir leo an chéad chéim a thógáil agus páirt a ghlacadh i gclár Tréimhsí Oiliúna Schuman. Is socrúchán cúig mhí é seo le Parlaimint na hEorpa.

Féadtar iarratais a chur isteach ar Chlár Schuman dhá uair in aghaidh na bliana agus tosaíonn na tréimhsí oiliúna i mí an Mhárta agus i mí Dheireadh Fómhair. Is é mí Dheireadh Fómhair na bliana roimh ré an spriocdháta le haghaidh na tréimhse oiliúna i mí an Mhárta agus mí Bealtaine an spriocdháta don tréimhse oiliúna i mí Dheireadh Fómhair.

Tá tuilleadh eolais faoi na Tréimshí oiliúna Schuman le fáil anseo.

Socrúcháin Oiliúna le Parlaimint na hEorpa

Dóibhsean a bhfuil cáilíocht ardteistiméireachta/theicniúil curtha i gcrích acu is féidir leo áit a fháil ar chlár Socrúchán Oiliúna Schuman na Parlaiminte.

De ghnáth is le haghaidh tréimhse ceithre mhí iad na socrúcháin sin.

Is féidir iarratais a chur isteach ar chlár Socrúchán Pharlaimint na hEorpa idir an 1 Lúnasa agus an 1 Deireadh Fómhair dóibhsean ar mhian leo tosú i mí Eanáir agus idir an 1 Nollaig agus an 1 Feabhra dóibhsean ar mhian leo tosú i mí Bealtaine agus idir an 1 Aibreán agus an 1 Meitheamh dóibhsean ar mhian leo tosú i mí Mheán Fómhair.

Chomh maith leis sin, glacann Parlaimint na hEorpa le hiarratais ó dhaoine a bhfuil sé éigeantach dóibh oiliúnacht a dhéanamh.

Glacfar le hiarratais chuige sin ar an gcoinníoll go gcomhlíontar na critéir seo a leanas:

  • más cuid é de chúrsa staidéir ag ollscoil nó ag bunaíocht oideachais ar chaighdeán comhionann.
  • má cuid é de ghairmoiliúint ardleibhéil atá eagraithe ag comhlacht neamhbhrabúis (go háirithe institiúidí nó comhlachtaí poiblí).
  • más réamhriachtanas é chun dul isteach i ngairm áirithe.

Clár Tréimhsí Oiliúna do Dhaoine faoi Mhíchumas

Tá cur chun cinn an chomhionannais ag croílár eispéireas Pharlaimint na hEorpa agus lorgaítear iarratais ó mhná agus ó fhir atá faoi mhíchumas le haghaidh an chláir oiliúnachta seo.

Cuireann Parlaimint na hEorpa oiliúnachtaí ar phá ar fáil do dhaoine faoi mhíchumas, mar bheart réamhghníomhach a bhfuil mar aidhm aige éascú a dhéanamh ar lánpháirtiú daoine faoi mhíchumas sa láthair oibre.

Tá na hoilíúnachtaí oscailte do dhaoine a bhain céim ollscoile amach agus do dhaoine a bhain cáilíocht choibhéiseach amach in institiúid choibhéiseach, agus do dhaoine a bhfuil a gcáilíochtaí ar leibhéal níos ísle ná leibhéal ollscoile.

Bronntar na tréimhsí oiliúna seo ar feadh cúig mhí, agus ní féidir síneadh a chur leo.

Chun a bheith incháilithe, ní foláir d’iarratasóirí:

  • a bheith ina náisiúnaigh de Bhallstát AE nó de thír iarrthach;
  • a bheith os cionn 18 mbliana d’aois ar dháta tosaigh na hoiliúnachta;
  • eolas sármhaith a bheith agat ar cheann amháin de theangacha oifigiúla AE;
  • gan a bheith tar éis áit a fháil ar aon oiliúncht eile, nó gan a bheith i bhfostaíocht ar phá ar feadh tréimhse níos faide ná ceithre seachtaine as a chéile a íocadh as buiséad an Aontais Eorpaigh;
  • A bheith in ann a dheimhniú má tá tú faoi mhíchumas (teastas leighis nó teastas míchumais/cárta míchumais a chur ar fáil ar teastas/cárta é arna eisiúint ag údarás náisiúnta).

Is féidir iarratas a chur isteach ar oiliúnacht idir an 15 Lúnasa agus an 15 Deireadh Fómhair dóibhsean atá ag tosú i mí an Mhárta agus idir an 15 Márta agus an 15 Bealtaine dóibhsean atá ag tosú i mí Dheireadh Fómhair.

Oiliúnachtaí Aistriúcháin

Dóibhsean a bhfuil spéis acu cos isteach a fháil i réimse an aistriúcháin, cuireann Parlaimint na hEorpa deiseanna ar fáil tabhairt faoi shocrúcháin aistriúcháin do dhaoine a bhfuil teastas iar-bhunscoile/teastas ó chúrsa teicniúil bainte amach acu.

Is d’iarrthóirí na socrúcháin sin a bhfuil iallach orthu socrúchán oiliúna a chur i gcrích mar chuid dá gcúrsa staidéir, ar an gcoinníoll go bhfuil siad tar éis 18 mbliana d’aois a bhaint amach faoin gcéad lá den socrúchán oiliúna.

Ní foláir d’iarrthóirí ar shocrúchán aistriúcháin:

  • a bheith ina náisiúnaigh de Bhallstát AE nó de thír iarrthach;
  • a bheith os cionn 18 mbliana d’aois ar dháta tosaigh na hoiliúnachta;
  • eolas foirfe a bheith agat ar cheann amháin de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh nó ar theanga de cheann de na tíortha iarrthacha agus eolas sármhaith ar dhá theanga oifigiúla eile den Aontas Eorpach
  • gan a bheith tar éis áit a fháil ar aon oiliúnacht eile, nó gan a bheith i bhfostaíocht ar phá ar feadh tréimhse níos faide ná ceithre seachtaine as a chéile a íocadh as buiséad an Aontais Eorpaigh.

Déantar socrúcháin a bhronnadh de thréimhsí idir mí amháin agus trí mhí.

Is féidir iarratais a chur isteach ar shocrúchán idir an 15 Meitheamh agus an 15 Lúnasa dóibhsean a dteastaíonn uathu tosú i mí Eanáir, idir an 15 Meán Fómhair agus an 15 Samhain dóibhsean a dteastaíonn uathu tosú i mí Aibreáin, agus idir an 15 Nollaig agus an 15 Feabhra dóibhsean a dteastaíonn uathu tosú i mí Dheireadh Fómhair.

An Chéad Chéim Eile

Má tá spéis agat obair i bParlaimint na hEorpa tar éis duit deireadh a chur le d’oiliúnacht is féidir é sin a dhéanamh ar bhealaí éagsúla:

Cúntóirí Parlaiminte

Bíonn ar a laghad beirt Chúntóirí Parlaiminte ag obair le gach ceann de 751 Fheisire de Pharlaimint na hEorpa.

Bíonn Cúntóirí Parlaiminte i mbun cúraimí éagsúla, ag teacht le spéiseanna agus obair an Fheisire áirithe lena bhfuil siad ag obair.

Is iad na Feisirí féin atá freagrach as fostú na gCúntóirí.

Más spéis leat a bheith ag obair le Feisire, déan roinnt taighde agus aimsigh na Feisirí ar dóigh leat a mbeadh spéis agatsa obair leo, ag cur san áireamh a gcleamhnachtaí polaitíochta, a spéiseanna agus a gcúlra etc., agus ansin téigh i dteagmháil leo go díreach tú féin.

Is fiú freisin breathnú thar lear lasmuigh d’Éirinn agus tú ag cur isteach ar na róil seo. Tá céimithe Éireannacha tar éis obair shásúil a dhéanamh mar Chúntóirí d’Fheisirí i Stáit Éagsúla. Leis an taithí sin is féidir leat cur le do scileanna teanga nó leis an saintaithí i réimse ar leith, ar réimse é a ghabhann le próifíl Feisire áirithe.

Féach sonraí iomlána ról an Chúntóra Pharlaimintigh inár mBunachar Sonraí Gairmeacha

Grúpaí Polaitiúla Eorpacha

Ar na bealaí eile isteach i bParlaimint na hEorpa tá an bealach trí na Grúpaí Polaitiúla.

Fostaíonn gach Grúpa Polaitiúil Eorpach foireann taighde agus riaracháin agus cuireann siadsan a n-oiliúnachtaí féin ar fáil. De ghnáth déantar na folúntais le haghaidh na bpost sin a fhógairt ar shuíomhanna gréasáin na ngrúpaí féin, a liostáilte thíos.

Poist Bhuana le Parlaimint na hEorpa

Tá 6,000 duine fosaithe leis an bParlaimint agus níl aon institiúid eile níos má ná í ach amháin an Coimisiún Eorpach, ó thaobh líon na ndaoine atá fostaithe go buan. Cosúil leis na hinstitiúidí eile AE is trí mheán an chomórtais EPSO. a dhéantar daoine a earcú chuig Parlaimint na hEorpa.

Chun dul chuig suíomh gréasáin Pharlaimint na hEorpa cliceáil anseo.

×
 Council of the European Union

COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH

×

COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH

Is í Comhairle an Aontais Eorpaigh an institiúid a roinneann na cumhachtaí reachtúla le Parlaimint na hEorpa. Déanann an Chomhairle ionadaíocht ar na Ballstáit. Freastalaíonn aire rialtais ó gach tír ar chruinnithe na Comhairle. Cinntear ar an aire i gceist bunaithe ar an topaic a bheidh á plé ag an gcruinniú. Mar shampla, má bhaineann an cruinniú le cúrsaí talmhaíochta is é an tAire Talmhaíochta reatha a fhreastalóidh ar an gcruinniú sin, agus faoi láthair is é Simon Coveney TD, an tAire sin.

Déanann an tír a bhfuil Uachtaráncht na Comhairle aici cathaoirleacht ar na cruinnithe agus reáchtáiltear cruinniú gach 6 mhí, agus déantar na cruinnithe sin a rothlú i measc na dtíortha go léir. Bhí Uachtaránacht na Comhairle ag Éirinn ó mhí Eanáir go dtí mí an Mheithimh 2013.

Tá oifigí Chomhairle an Aontais Eorpaigh sa Bhruiséil.

Tús a chur le do ghairm le Comhairle an Aontais Eorpaigh

Tá tuairim is 100 oiliúnacht ar phá agus 20 gan phá ar fáil gach bliain le hArd-Rúnaíocht na Comhairle agus tá siad ar fáil do náisiúnaigh AE a bhfuil ar a laghad cuid dá staidéir ollscoile curtha i gcrích acu, agus a bhfuil teastas céime faighte acu.

Féadfaidh saoránaigh ó thíortha atá i mbun caibidlíocht aontachais faoi láthair páirt a ghlacadh sna hoiliúnachtaí le haghaidh an chláir oifigeach náisiúnta.

Réachtáiltear oiliúnachtaí dhá uair sa bhliain, ceann amháin i mí Feabhra agus an ceann eile i mí Mheán Fómhair.

Is gá eolas sármhaith a bheith acu ar Fhraincis agus ar Bhéarla, sa mhéid gurb iadsan príomhtheangacha oibre na Comhairle.

An Chéad Chéim Eile

Dóibhsean atá ag iarraidh obair leis an gComhairle tar éis dóibh a dtréimhse oiliúna a chur i gcrích ba chóir dóibh breathnú ar dtús ar thairseach postanna na Comhairle agus ar leathanach na bhfolúntas le haghaidh deiseanna fostaíochta. I gcás ina dtagann tú ar fholúntas ní gá ach na foirmeacha iarratais atá ceangailte ar an suíomh a chomhlánú.

Tá tairseach postanna na Comhairle le fáil anseo.

An Chéad Chéim Eile

  • Cuirtear iarrthóirí ar ghearrliosta de réir na riachtanas atá sonraithe i bhfógra an fholúntais.
  • Ag brath ar an ról, d’fhéadfaí iarraidh ar iarrthóirí roinnt cineálacha éagsúla measúnachtaí a dhéanamh.
  • Mar chéim dheireanach den phróiseas roghnúcháin cuireann painéal agallamh ort.

Chun dul chuig suíomh gréasáin na Comhairle cliceáil anseo

×
CVRIA

CÚIRT BHREITHIÚNAIS AN AONTAIS EORPAIGH

×

CÚIRT BHREITHIÚNAIS AN AONTAIS EORPAIGH

Is é jab Chúirt Breithiúnais an Aontais Eorpaigh a dheimhniú go ndéantar reachtaíocht AE a léirmhíniú agus a chur i bhfeidhm ar na mbealach céanna i ngach tír AE, ionas go mbeidh comhionannas ann do chách. Deimhnínn na Chúirt, mar shampla, nach dtugann cúirteanna náisiúnta breithiúnais éagsúla ag an tráth céanna.

Déanann an tír a bhfuil Uachtaráncht na Comhairle aici cathaoirleacht ar na cruinnithe agus reáchtáiltear cruinniú gach 6 mhí, agus déantar na cruinnithe sin a rothlú i measc na dtíortha go léir. Bhí Uachtaránacht na Comhairle ag Éirinn ó mhí Eanáir go dtí mí an Mheithimh 2013.

Áirithíonn an Chúirt freisin go gcomhlíonann ballstáit agus institiúidí Ae na nithe a cheanglaítear orthu de réir dlí. Tá an chumhacht ag an gCúirt díospóidí a réiteach idir ballstáit AE, institiúidí AE, gnóthais agus daoine aonair.

Tá Cúirt Breithiúnais an Aontais Eorpaigh i Lucsamburg.

Tús a chur le do Ghairm le Cúirt Breithiúnais an Aontais Eorpaigh

Tá líon teoranta d’oiliúnachtaí 5 mhí ar fail le Cúirt Breithiúnais an Aontais Eorpaigh. De ghnáth déantar na hoiliúnachtaí sin i Stiúrthóireacht an Taighde agus an Doiciméadúcháin, sa tSeirbhís Preasa agus Faisnéise, san Ard-Stiúrthóireacht Aistriúcháin nó sa Stiúrthóireacht Ateangaireachta.

Tá tuilleadh eolais le fáil anseo.

An Chéad Chéim Eile

Déntar líon mór d’fhoireann na Cúirte a earcú ó phainéil a cuireadh le chéile bunaithe ar chomórtais oscailte arna n-eagrú ag an Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO). Ó am go chéile bíonn saoraistritheoirí á lorg ag seirbhísí ateangaireachta na Cúirte.

Tá tuilleadh eolais le fáil trí shuíomh gréasáin Chúirt Breithiúnais an Aontais Eorpaigh anseo.

Téigh chuig suíomh gréasáin Chúirt Breithiúnais an Aontais Eorpaigh.

×
European Court of Auditors

CÚIRT INIÚCHÓIRÍ NA hEORPA

×

CÚIRT BHREITHIÚNAIS AN AONTAIS EORPAIGH

Is í Cúirt Iniúchóirí na hEorpa iniúchóir seachtrach don Aontas Eorpach agus déanann sí seiceáil chun a áirithiú go bhfuil cuntas ceart á choinneáil de chaitheamh chistí AE i gcomhréir leis na rialacha agus leis an reachtaíocht, le haird ar an luach is fearr ar airgead a bhaint amach.

Tá Cúirt Iniúchóirí na hEorpa lonnaithe i Lucsamburg.

Tús a chur le do Ghairm le Cúirt Iniúchóirí na hEorpa

Eagraíonn Cúirt Iniúchóirí na hEorpa oiliúnachtaí le linn na bliana i réimsí spéise dá cuid oibre. Ráthaítear tréimhse cúig mhí ar a mhéid sna tréimhsí oiliúna sin.

Chun cur isteach ar oiliúnacht, is gá d’iarrthóirí foirm iarratais a chomhlánú agus is féidir teacht ar an bhfoirm sin ar shuíomh gréasáin Chúirt Iniúchóirí na hEorpa.

Tá tuilleadh eolais agus foirmeacha iarratais ar fáil anseo.

An Chéad Chéim Eile

Tá eolas faoi fholúntais Chúirt Iniúchóirí na hEorpa le fáil anseo.

Chun dul chuig suíomh gréasáin Chúirt Iniúchóirí na hEorpa cliceáil anseo.

×
European Economic and Social Committee

COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA

×

COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA

Is comhlacht comhairleach é Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) de chuid an Aontais Eorpaigh agus is é cuspóir an Choiste seasamh sa bhearna idir an Eoraip agus an tsochaí shibhialta eagraithe.

Tá oifigí Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa sa Bhruiséil.

Tús a chur le do Ghairm le Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE)

Dhá uair sa bhliain cuireann Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa oiliúnachtaí ar fáil ar feadh tréimhse cúig mhí do chéimithe ollscoile ar náisiúnaigh iad ó Bhallstáit an Aontais Eorpaigh, chomh maith le roinnt céimithe ollscoile ó thíortha lasmuigh de (oiliúnacht fhadtéarmach).

De bhreis air sin, féadfaidh CESE oiliúnachtaí gearra gan phá a chur ar fáil ar feadh tréimhse idir mí amháin agus trí mhí do chéimithe ollscoile nó mic léinn ollscoile a bhfuil sé éigeantach dóibh a gcéim a chur i gcrích trí thréimhse oiliúna inseirbhíse a dhéanamh (oiliúnacht ghearrthéarmach).

Tá tuilleadh eolais agus foirmeacha iarratais le fáil ag CESE anseo.

An Chéad Chéim Eile

Dé ghnáth earcaíonn Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (EESC) foireann trí chomórtais nó próiseas roghnúcháin oscailte arna reáchtáil ag EPSO.

Tá tuilleadh eolais le fáil anseo.

Chun dul chuid suíomh gréasáin Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa cliceáil anseo.

×
Committee of the Regions

COISTE NA RÉIGIÚN

×

COISTE NA RÉIGIÚN

Is é misean Choiste na Réigiún a mhéid údarás áitiúil san Eoraip agus is féidir a chur san áireamh sa phróiseas cinnteoireachta ag an gcéim is luaithe de chomhairliúchán éigeantach leis an gCoimisiún Eorpach, le Parlaimint na hEorpa agus le Comhairle na nAirí maidir le príomhréimsí beartais ar leas iad don réigiún go léir.

Tá oifigí Choiste na Réigiún sa Bhruiséil.

Tús a chur le do Ghairm le Coiste na Réigiún

Tá líon teoranta oiliúnachtaí do chéimithe ollscoile agus d’fhoireann ó údaráis áitiúla agus réigiúnacha ar fáil ag Coiste na Réigiún.

Le haghaidh tuilleadh eolais faoi oiliúnachtaí le Coiste na Réigiún cliceáil anseo.

An Chéad Chéim Eile

Ionas go bhféadfaí tú a earcú i d’oifigeach in institiúid AE, is gá duit pas a fháil i gcomórtas oscailte arna eagrú ar leibhéal idir-institiúideach ag an Oifig Eorpach um Roghnú Foirne.

Chomh maith leis sin, fostaíonn Coiste na Réigiún foireann shealadach nó foireann ar conradh.

Féadfaidh fostaithe comhlachtaí áitiúla, réigiúnacha agus náisiúnta nó eagraíochtaí idir-rialtasacha cur isteach ar phoist freisin mar shaineolaithe náisiúnta ar iasacht. Is féidir tuilleadh eolais a fháil anseo.

Chun cuairt a thabhairt ar shuíomh gréasáin Choiste na Réigiún cliceáil anseo.

×
European Ombudsman

OMBUDSMAN NA hEORPA

×

OMBUDSMAN NA hEORPA

Déanann an tOmbudsman Eorpach imscrúdú ar ghearáin faoi dhrochriarachán i measc institiúidí agus chomhlachtaí an Aontais Eorpaigh.

Tá oifigí ag an Ombudsman Eorpach bunaithe in Strasbourg agus sa Bhruiséil.

Tús a chur le do Ghairm leis an Ombudsman Eorpach

Cuireann an tOmbudsman Eorpach líon teoranta oiliúnachtaí ar fáil.

De ghnáth maireann na hoiliúnachtaí ceithre mhí agus is féidir iad a shíneadh suas go dtí uastréimhse de 11 mhí.

Tá tuilleadh eolais faoi oiliúnachtaí an Ombudsman Eorpaigh le fáil anseo.

An Chéad Chéim Eile

Déantar folúntais le haghaidh poist bhuana in Ard-Rúnaíocht an Ombudsman Eorpaigh a líonadh trí aistriú inmheánach nó trí ardú céime, nó trí aistriú ar oifigigh ó institiúidí nó comhlachtaí eile an Chomhphobail nó trí iad a fháil ar iasacht, nó trí dhaoine a earcú ó phainéil a chuirtear ar bun tar éis comórtais oscailte arna n-eagrú ag an Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO) nó ag institiúid nó comhlacht eile AE.

Do dhaoine a bhfuil spéis acu a bheith ag obair le hOifig an Ombudsman Eorpaigh téigh chuig suíomh gréasáin EPSO áit a bhfuil an t-eolas riachtanach go léir maidir le nósanna imeachta roghnúcháin do phoist a bheidh ar fáil amach anseo.

Tá tuilleadh eolais le fáil anseo.

Chun dul chuig suíomh gréasáin an Ombudsman Eorpaigh cliceáil anseo.

×
The European Data Protection Supervisor

AN MAOIRSEOIR EORPACH AR CHOSAINT SONRAÍ

×

AN MAOIRSEOIR EORPACH AR CHOSAINT SONRAÍ

Is údarás maoirseachta neamhspleách é an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí (MECS) a bhfuil mar phríomhchuspóir aige a áirithiú go n-urramódh institiúidí agus comhlachtaí Eorpacha an ceart chun príobháideachta agus chun cosanta sonraí atá ag daoine, agus na hinstitiúidí nó na comhlachtaí sin ag próiseáil sonraí agus ag forbairt beartais nua.

Tá an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí lonnaithe sa Bhruiséil.

Tús a chur le do Ghairm leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí

Cuireann an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí líon teoranta oiliúnachtaí ar fáil do chéimithe ollscoile.

Tá tuilleadh eolais faoi na hoiliúnachtaí le MECS le fáil anseo.

An Chéad Chéim Eile

Déantar folúntais MECS a líonadh trí mheán an phróisis seo a leanas:

  • Foilseachán inmheánach
  • Foilseachán idir-institiúideach
  • Painéal de dhaoine ar éirigh leo sna comórtais

Is féidir tuilleadh eolais a fháil anseo.

Chun dul chuig suíomh gréasáin an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí cliceáil anseo.

×
European External Action Service

AN tSEIRBHÍS EORPACH GNÍOMHAÍOCHTA SEACHTRAÍ

×

AN tSEIRBHÍS EORPACH GNÍOMHAÍOCHTA SEACHTRAÍ

Feidhmíonn an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí mar a bheadh aireacht eachtrach agus cór taidhleoireachta le haghaidh an Aontais Eorpaigh, ag cur chun feidhme Chomhbheartas Eachtrach agus Slándála an Aontais agus ag feidhmiú i réimsí eile a bhaineann le hionadaíocht sheachtrach AE.

Tá an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí lonnaithe sa Bhruiséil agus tá oifigí ag an tseirbhís freisin ar fud an domhain.

Tús a Chur le do Ghairm leis an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíocht Seachtraí

Tá tuilleadh eolais le fáil ar leathanach earcaíochta EEAS.

An Chéad Chéim Eile

Féach tosacaireachtaí AE freisin anseo.

Chun dul chuig suíomh gréasáin na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí cliceáil anseo.

×
European Investment Bank

GRÚPA NA mBANC EORPACH INFHEISTÍOCHTA

×

GRÚPA NA mBANC EORPACH INFHEISTÍOCHTA

Is banc de chuid an Aontais Eorpaigh é an Banc Eorpach Infheistíochta agus cuireann sé iasachtaí fadtéarmacha bainc ar fáil. Is é an cúram atá ar an mBanc rannchuidiú le lánpháirtiú, le forbairt chothromaithe agus le comhtháthú eacnamaíoch agus sóisialta Bhallstáit an AE.

Tá an Banc Eorpach Infheistíochta lonnaithe i Lucsamburg.

Tús a chur le do Ghairm leis an mBanc Eorpach Infheistíochta

Cuireann an Banc Eorpach Infheistíochta líon teoranta oiliúnachtaí ar fáil do chéimithe ollscoile.

Tá tuilleadh eolais faoin mBanc Eorpach Infheistíochta le fáil leathanach earcaíochta EEAS.

An Chéad Chéim Eile

Tá deiseanna breise gairme ar fáil. Le haghaidh tuilleadh eolais cliceáil anseo.

Chun dul chuig suíomh gréasáin an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta cliceáil anseo.

×

Gníomhaireachtai an Anontais Eorpaigh

Tá líon mór gníomhaireachtaí sainfheidhmeacha san AE, a dhéileálann le tascanna dlí, teicniúla agus/nó eolaíochta.

Cuireann siad raon ollmhór deiseanna fostaíochta ar fáil - do shaineolaithe go háirithe - agus tá siad suite i dtíortha éagsúla ar fud an AE, le deiseanna fostaíochta i gcibé tír - sa tSualainn nó sa Ghréig, ó Éirinn go dtí an Iodáil.

Tá feidhm na ngníomhaireachtaí uile seo liostaithe thíos, chomh maith le tuilleadh eolais agus naisc chuig suíomh gréasáin na gníomhaireachta chun sonraí fostaíochta agus deiseanna fostaíochta a iniúchadh.

Liospóin, An Phortaingéil

Suíomh Gréasáin EMSA

An Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach EMSA

Príomhchuspóir EMSA ná tacaíocht theicniúil agus eolaíochta a sholáthar don Choimisiún Eorpach agus do Bhallstáit AE maidir le bainistiú agus feidhmiú ceart Reachtaíochta AE i ndáil le sábháilteacht mhuirí, truailliú ó longa agus slándáil ar bord long.

Londain, An Ríocht Aontaithe

Suíomh gréasáin EMA

An Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht EMA

Príomhfhreagracht na Gníomhaireachta ná sláinte an phobail agus na n-ainmhithe a chosaint agus a chur chun cinn, trí mheasúnú agus maoirseacht a dhéanamh ar chógais leighis do dhaoine daonna agus d'ainmhithe.

Liospóin, An Phortaingéil

Suíomh Gréasáin EMCDDA

An Lárionad Monatóireachta Eorpach um Dhrugaí agus Andúil i nDrugaí EMCDDA

Bunaíodh EMCDDA sa bhliain 1993 agus tá sé ann chun forléargas fíorasach a sholáthar don AE agus a bhallstáit ar fhadhbanna drugaí na hEorpa agus chun bonn fianaise láidir a chur ar fáil chun tacú le díospóireachtaí maidir le drugaí. Inniu, cuireann sé na sonraí cuí ar fáil do lucht déanta beartas chun gur féidir leo dlíthe agus straitéisí eolasacha a chruthú. Tacaíonn sé chomh maith le gairmithe agus cleachtóirí san earnáil seo trí dhea-chleachtas agus réimsí nua taighde a thabhairt chun solais.

An Chréit, An Ghréig

Suíomh Gréasáin ENISA

An Ghníomhaireacht Eorpach um Shlándáil Líonra agus Faisnéise ENISA

Bíonn ENISA ag obair i gcomhar le hInstitiúidí agus Ballstáit AE chun líonra faisnéise slándála ardleibhéil a fhorbairt san AE ar mhaithe le saoránaigh, tomhaltóirí, gnólachtaí agus eagraíochtaí earnála poiblí AE.

Valenciennes, An Fhrainc

Suíomh Gréasáin ERA

An Ghníomhaireacht Eorpach Iarnród ERA

Bunaíodh ERA chun forbairt limistéir chomhtháite iarnród a éascú trí shlándáil agus idir-inoibritheacht a threisiú. Tá an Ghníomhaireacht ann chomh maith mar údarás córas don Chóras Eorpach um Bhainistiú Tráchta Iarnród, a bunaíodh chun córas uathúil de chaighdeáin chomharthaíochta a chruthú don Eoraip uile.

Turin, An Iodáil

Suíomh Gréasáin ETF

An Fhondúireacht Eorpach Oiliúna ETF

Is é is aidhm ETF tacú le tíortha idirlinne agus tíortha atá i mbéal forbartha leas ceart a bhaint as a gcaipiteal daonna trína gcórais oideachais, oiliúna agus mhargaidh fostaíochta i gcomhthéacs pholasaí caidrimh sheachtraigh an AE.

Vín, An Ostair

Suíomh Gréasáin FRA

Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha FRA

Is é is aidhm do FRA a chinntiú go ndéantar cearta bunúsacha na ndaoine atá ina gcónaí san AE a chosaint. Déanann an Ghníomhaireacht seo trí fhianaise a bhailiú i ndáil le cearta bunúsacha reatha ar fud an Aontais Eorpaigh agus comhairle a chur ar comhlachtaí AE, Ballstáit AE, tíortha ar iarrthóirí iad agus tíortha a d'fhéadfadh bheith ina n-iarrthóirí, bunaithe ar an bhfianaise, chun cabhrú leo an scéal a fheabhsú. Cuireann an FRA daoine aonair ar an eolas chomh maith mar gheall ar a gcearta bunúsacha.

Alicante, An Spáinn

Suíomh Gréasáin OHMI

An Oifig um Chomhchuibhiú sa Mhargadh Inmheánach (Trádmharacanna agus Dearaí) (OHIM) OHMI

Sainordú OHIM ná maoin intleachtúil san AE a chosaint. Reáchtálann an Oifig gnásanna iniúchta, cláraithe, comhraic agus cealaithe do Thrádmharcanna Comhphobail agus gnásanna iniúchta, cláraithe agus neamhbhailíochta do Dhearthaí Comhphobail cláraithe.

An tIonad Aistriúcháin do Chomhlachtaí an Aontais Eorpaigh CDT

Is é is aidhm don Ionad Aistriúcháin ná freastal ar riachtanais aistriúcháin ghníomhaireachtaí díláraithe an AE. Tá sé páirteach chomh maith ar an gCoiste Idir-Eagraíochta don Aistriúchán is don Ateangaireacht.

Stócólm, An tSualainn

Suíomh Gréasáin ECDC

An Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú ECDC

Is gníomhaireacht AE í ECDC a bhfuil mar aidhm aici cosaintí na hEorpa i gcoinne galar tógálach a threisiú.

Thessaloniki, An Ghréig

Suíomh Gréasáin Cedefop

An Lárionad Eorpach um Fhorbairt na Gairmoiliúna Cedefop

Cuireann Cedefop forbairt gairmoideachais agus gairmoiliúna (VET) chun cinn san Aontas Eorpach.

BÁC, Éire agus an Bhruiséil, An Bheilg

Suíomh Gréasáin Eurofound

An Foras Eorpach chun Dálaí Maireachtála agus Oibre a Fheabhsú Eurofound

Soláthraíonn Eurofop faisnéis, comhairle agus saineolas maidir le cúinsí maireachtála agus oibre, caidreamh tionsclaíoch agus bainistiú athruithe san Eoraip. Cuirtear an t-eolas ar fáil do na príomhpháirtithe, ceardchumainn mar shampla, i mbeartas sóisialach AE trí thaighde agus anailís a dhéanamh.

Vigo, An Spáinn

Suíomh Gréasáin CFCA

An Ghníomhaireacht Chomhphobail um Rialú ar Iascach CFCA

Bunaithe sa bhliain 2005, déanann an CFCA comhordú ar rialú iascach san AE, déanann sé iniúchadh ar ghníomhaíochtaí tíortha AE agus tugann sé tacaíocht do Bhallstáit cloí le rialacha Chomhbheartas Iascaigh an AE, agus iad a chomhlíonadh.

Angers, An Fhrainc

Suíomh Gréasáin CPVO

Oifig an Chomhphobail um Chineálacha Plandaí CVPO

Bunaithe sa bhliain 1995, déanann an CPVO córas an AE maidir le cearta cineálacha plandaí a bhainistiú agus a chur i bhfeidhm ar fud an 28 mBallstát.

Bilbao, An Spáinn

Suíomh Gréasáin OSHA

An Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht agus um Shláinte ag an Obair EU-OSHA

Is é EU-OSHA an príomhsholáthróir faisnéise maidir le caighdeáin sláinte agus sábháilteachta ag an obair.

Vársá, An Pholainn

Suíomh Gréasáin FRONTEX

An Ghníomhaireacht Eorpach chun Comhar Oibríochtúil a Bhainistiú ag Teorainneacha Seachtracha FRONTEX

Cruthaíodh FRONTEX le bheith ina gcomhlach sainfheidhmeach, neamhspleách den AE chun comhoibriú a chomhordú idir na tíortha AE ó thaobh slándáil teorainneacha de.

Cologne, An Ghearmáin

Suíomh Gréasáin EASA

An Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Eitlíochta EASA

Is gníomhaireacht AE í an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Eitlíochta (EASA) a bhfuil tascanna rialála agus feidhmiúcháin aige i réimse na sábháilteachta eitlíochta.

Heilsincí, An Fhionlainn

Suíomh Gréasáin ECHA

An Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán ECHA

Déanann an ghníomhaireacht seo bainistiú ar chlárú, measúnú, údarú agus ar ghnásanna sriantachta do shubstaintí ceimiceacha le cinntiú go mbíonn comhsheasmhacht i measc thíortha uile an AE. Cuireann an Ghníomhaireacht eolas ar fáil faoi na ceimiceáin chun go n-úsáidfí go sábháilte iad, agus cinntíonn sé go bhfanann tionscal ceimiceán na hEorpa iomaíoch.

Cóbanhávan, An Danmhairg

Suíomh Gréasáin EEA

An Ghníomhaireacht Eorpach Comhshaoil EEA

Bíonn EEA ag obair chun cabhrú le AE agus a Bhallstáit Aonair cinntí eolasacha a dhéanamh chun an comhshaol a fheabhsú, moltaí comhshaoil a chur i bhfeidhm i mbeartais eacnamaíocha agus chun druidim i dtreo na hinbhuanaitheachta. Déanann an EEA comhordú chomh maith ar líonra faisnéise agus maoirsithe na hEorpa. Tá formhór na comhairle a chuireann EEA ar fáil dírithe ar na hInstitiúidí Eorpacha.

Parma, An Iodáil

Suíomh Gréasáin EFSA

An tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bhia EFSA

Faoi shainchúram EFSA tá slándáil bhia agus mhine, cothú, sláinte agus leas ainmhithe, cosaint phlandaí agus sláinte phlandaí.

Vilnias, An Liotuáin

Suíomh Gréasáin EIGE

An Institiúid Eorpach um Chomhionannas Inscne EIGE

Bunaíodh an ghníomhaireacht nua seo sa bhliain 2007 chun tacú leis an AE agus a Bhallstáit ina gcuid iarrachtaí comhionannas inscne a chur chun cinn, chun aghaidh a thabhairt ar idirdhealú bunaithe ar inscne agus chun feasacht a mhéadú maidir le mórcheisteanna inscne. Bailíonn agus déanann EIGE anailís ar shonraí inchomparáide maidir le mórcheisteanna inscne; forbraíonn sé uirlisí modheolaíocha, go háirithe chun ceist na hinscne a phlé i ngach réimse beartais; éascaíonn sé roinnt dea-chleachtas i measc páirtithe leasmhara; agus méadaíonn sé feasacht i measc shaoránach an AE maidir le mórcheisteanna comhionannais inscne.

An Háig, An Ísiltír

Suíomh Gréasáin Eurojust

Eurojust

Bunaíodh Eurojust sa bhliain 2002 chun an seasamh i gcoinne na coiriúlachta tromchúisí a fheabhsú trí imscrúduithe agus ionchúisimh a chomhordú ar bhealach níos éifeachtaí, le níos mó ná Ballstát AE amháin clúdaithe ann, le meas iomlán ar chearta agus saoirsí bunúsacha.

Liúibleána, An tSlóivéin

Suíomh Gréasáin ACER

An Ghníomhaireacht Eorpach um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh ACER

Bunaíodh Eurojust sa bhliain 2002 chun an seasamh i gcoinne na coiriúlachta tromchúisí a fheabhsú trí imscrúduithe agus ionchúisimh a chomhordú ar bhealach níos éifeachtaí, le níos mó ná Ballstát AE amháin clúdaithe ann, le meas iomlán ar chearta agus saoirsí bunúsacha.

Cad é an méid agus an raon den earnáil?

Fostaíonn AE os cionn 50,000 oifigeach a dhéanann freastal ar 505 milliún duine ar fud na 28 mBallstát, rud a chiallaíonn go bhfuil sé ar cheann de na heagraíochtaí i mó ar domhan.

I measc institiúidí AE, an fostóir is mó ná an Coimisiún Eorpach, a fhostaíonn thart ar 33,000 duine.

Tá an Coimisiún Eorpach roinnte ina rannóga ar a nglaoitear Ard-Stiúrthóireachtaí (DG), atá cosúil ar shlí le haireachtaí. Clúdaíonn gach ceann acu réimse beartais nó seirbhíse ar leith, trádáil nó comhshaol mar shampla, agus tá Ard-Stiúrthóir ina bhfeighil a thugann tuairisc do Choimisinéir.

I bParlaimint na hEorpa, tá thart ar 6,000 duine ag obair leis an ardrúnaíocht agus i ngrúpaí polaitíochta. Os cionn seo tá 751 Ball Parlaiminte agus a gcuid foirne ann.

I gComhairle an Aontais Eorpaigh, tá thart ar 3,500 duine ag obair san ardrúnaíocht. Má tá cúlra nó spéis agat i dteangacha nó dlí, riarachán poiblí nó eolaíochtaí sóisialta, cuireann an AE deis ar fáil duit gairm ar leith idirnáisiúnta a bhaint amach inar féidir leat difríocht shuntasach a dhéanamh.

Cad iad na saincheisteanna láithreach atá ag goilleadh ar an earnáil seo?

Tá ilteangachas riachtanach chun go mbeadh rath ar an Aontas Eorpach. Cuireann sé ar chumas na saoránach Eorpach gluaiseacht, obair agus foghlaim gan chonstaic ar fud na hEorpa. Dá réir, cuirtear le forbairt fostaíochta agus fás eacnamaíochta, laghdaítear dífhostaíocht agus méadaítear caighdeáin mhaireachtála ar fud an Aontais.

Ceann de chuspóirí beartais teanga an AE ná go mbeadh máistreacht ag gach saoránach Eorpach ar dhá theanga de bhreis ar a dteanga dhúchais.

Cinntíonn ilteangachas nach mbíonn teangacha ina gconstaic le bheith páirteach sa tsochaí agus gur féidir grúpaí teangacha imeallaithe a aithint, go mbeidh ionadaíocht acu agus go mbeidh siad páirteach san AE.

Mar chuid d'iarrachtaí an AE chun saorghluaiseacht agus tuiscint idirchultúrtha a chur chun cinn, tá foghlaim teanga ainmnithe aige mar thosaíocht thábhachtach, agus cuireann sé cistiú ar fáil do chláir agus do thionscadail sa réimse seo.

Is ilteangachas atá mar thaca faoi iomaíochas na hEorpa. Ceann de chuspóirí beartais AE, dá réir, ná go mbeadh máistreacht ag gach saoránach Eorpach ar dhá theanga eile de bhreis ar a dteanga dhúchais.

Tá Ilteangachas lárnach ó thaobh éagsúlacht chultúrtha AE de. Tá 24 teanga oifigiúla san AE. Tá rochtain againne go léir a mhaireann san AE ar gach doiciméad AE i dteanga oifigiúil ár dtíre féin. Tá de cheart againn chomh maith scríobh chuig an gCoimisiún, agus freagra a fháil uathu, inár dteanga féin.

Ganntanas Aistritheoirí Gaeilge

Aistriúchán don Eoraip - go Gaeilge

Nuair a chuaigh Éire isteach i gComhphobal Eacnamaíochta na hEorpa sa bhliain 1973, ní raibh sa Ghaeilge ach ina teanga "chonartha", níorbh teanga oifigiúil reatha í. Sa bhliain 2005 vótáil Comhairle na nAirí d'aon ghuth go mbeadh Gaeilge ar an 21ú teanga oifigiúil agus reatha san AE.

Tháinig an cinneadh seo i bhfeidhm an 1 Eanáir 2007, rud a chiallaíonn go ndéantar reachtaíocht faofa ag Parlaimint na hEorpa agus Comhairle na nAirí a aistriú go Gaeilge, agus tá ateangaireacht sa Ghaeilge ar fáil ag gach lánseisiún Pharlaimint na hEorpa agus ag roinnt cruinnithe de Chomhairle AE.

Cloistear Gaeilge go minic san AE, agus úsáideann gach Institiúid AE beagán Gaeilge i gcumarsáid leis an bpobal.

Leis an stádas nua ag Gaeilge san AE, tháinig an-chuid deiseanna nua gairme chun cinn do chéimithe Éireannacha. D'eascair cúrsaí nua tríú leibhéal as chomh maith san aistriúchán agus san ateangaireacht.

Tháinig maolú ar an riail maidir leis an nGaeilge, áfach, isteach sa bhliain 2007 de bharr deacrachtaí líon imleor a earcú le bheith ina n-aistritheoirí Gaeilge. Rinneadh athnuachan ar an maolú seo sa bhliain 2010 agus rinneadh athbhreithniú breise air sa bhliain 2015. Tá aitheantas iomlán le teacht isteach don Ghaeilge faoin 31 Nollaig 2016, rud a chruthóidh feachtas earcaíochta chun teacht ar dhaoine le scileanna Gaeilge.

An tAonad Aistriúcháin Ghaeilge laistigh d'Aistriúcháin AS

Tá an Coimisiún Eorpach agus Rúnaíocht na Comhairle tar éis aonad aistriúcháin Ghaeilge a bhunú laistigh de DG an Aistriúcháin agus d'aistrigh siad a suíomh gréasáin Europa go Gaeilge.

Foilseacháin úsáideacha dóibh siúd a bhfuil spéis acu i ngairmeacha Aistriúcháin agus Ateangaireachta san AE:

Teangacha Oifigiúla an AE

Tá Parlaimint na hEorpa chun aitheantas iomlán a thabhairt don Ghaeilge faoin 31 Nollaig 2016 agus cruthóidh seo 180 post do chainteoirí Gaeilge san Aontas Eorpach.

Faoi láthair, tá 24 theanga oifigiúla, reatha san AE:

Bulgáiris Cróitis Seicis Danmhairgis Ollainnis Béarla Eastóinis Fionlainnis Fraincis Gearmáinis Gréigis Ungáiris Gaeilge Iodáilis Laitvis Liotuáinis Máltais Polainnis Portaingéilis Rómáinis Slóvaicis Slóivéinis Spáinnis Sualainnis

Le foireann bhuan de thart ar 1,750 teangeolaí agus 600 d'fhoireann chúnta, tá ceann de na seirbhísí aistriúcháin is mó ar domhan ag an gCoimisiún Eorpach. De bhreis air sin, fostaíonn seirbhís ateangaireachta an Choimisiúin 600 ateangaire foirne, 3,000 saor-ateangaire agus 250 d'fhoireann chúnta.

Naisc Úsáideacha

An bhfuil aon staitisticí ábhartha agat faoin earnáil?

505mduine

Déanann an AE ionadaíocht d'os cionn 505 milliún duine ar fud a 28 mBallstát, agus tá sé ar cheann de na heagraíochtaí idirnáisiúnta is mó ar domhan dá bharr.

33,000duine

An fostóir is mó i measc Institiúidí AE ná an Coimisiún Eorpach, a fhostaíonn thart ar 33,000 duine.

1,750teangeolaí

Le foireann bhuan de thart ar 1,750 teangeolaí agus 600 duine san fhoireann chúnta, tá ceann de na seirbhísí aistriúcháin is mó ar domhan ag an gCoimisiún Eorpach.

600saor-ateangairí

Tá 600 ball foirne ateangaireachta fostaithe ag seirbhís Ateangaireachta an Choimisiúin Eorpaigh, 3,000 saor-ateangairí agus 250 ball foirne cúnta .

6,000duine

I bParlaimint na hEorpa, tá thart ar 6,000 duine ag obair san ardrúnaíocht agus i ngrúpaí polaitiúla.

751Fheisire Parlaiminte

Tá 751 Fheisire Parlaiminte agus a gcuid foirne ann chomh maith.

3,500duine

Ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh, tá thart ar 3,500 duine ag obair san ardrúnaíocht.

3

Cad iad na gairmeacha atá ar fáil in AE?

Cad iad na príomhghairmeacha san earnáil seo?

Tá an-chuid, agus éagsúlacht mhaith gairmeacha in Institiúidí AE...

Míniú ar Ghráid Fhostaíochta

Luíonn na gairmeacha ar leith in Institiúidí an AE i 'nGráid' éagsúla. Tá na gráid seo liostaithe thíos, agus ina dhiaidh tá forléargas ar na príomhghairmeacha fostaíochta san earnáil

Riarachán

AD 5 etc

I ngnáthlá dóibh siúd a bheadh ag obair mar riarthóirí bheadh orthu anailís a dhéanamh agus comhairle a thabhairt maidir le dréachtú beartas. Fostaítear aistritheoirí agus ateangairí mar riarthóirí chomh maith.

  • Clúdaíonn gairm riaracháin gráid AD 5 go AD 16.
  • AD 5 is ea an leibhéal bunúsach ag a dtosaíonn iarchéimithe Ollscoile.
  • Féadfar roghnú agus earcú a thairiscint ag AD 6 / AD 7 i róil níos sainfheidhmeacha. Is gá go mbeadh roinnt blianta taithí ábhartha ag an iarrthóir.
  • AD 9 / AD 12 ná an leibhéal meánbhainistíochta. Beidh gá le taithí bainistíochta do roghnú/earcú ag an ngrád seo.
Cúntóirí

Gráid AST 1 etc.

Fostaítear Cúntóirí go ginearálta i ról feidhmeach agus teicniúil agus tá ról suntasach acu i mbainistiú inmheánach na nInstitiúidí.

  • Clúdaíonn gairm chúntóra gráid AST 1 go AST 11.
  • Téann lucht foirne nua isteach de ghnáth ag gráid AST 1 go AST 3..
  • Ní mór go mbeadh meánoideachas curtha i gcrích ag iarrthóirí AST 1 agus ní mór go mbeadh taithí ábhartha acu, nó gairmcháilíocht ábhartha.
  • Ní mór go mbeadh meánoideachas curtha i gcrích ag iarrthóirí AST 3, go mbeadh
Cúntóirí-Rúnaithe

Gráid AST/SC1 etc

Fostaítear Cúntóirí-Rúnaithe go ginearálta i ról bainistíochta oifige nó tacaíochta riaracháin de ghnáth laistigh d'Institiúidí AE.

  • Cuimsíonn an ghairm mar chúntóir na gráid seo: AST/SC1 go AST/SC6.
  • De ghnáth tagann foireann nua isteach ag gráid AST/SC 1.
  • Is gá go mbeadh iarrthóirí AST/SC1 tar éis oideachas iar-bhunscoile a chur i gcrích agus taithí ábhartha a bheith acu, nó gairmcháilíocht ábhartha.
  • AST/SC2 le haghaidh iarrthóirí a bhfuil níos mó taithí acu (íostréimhse 4 bliana).

Cad iad na cineálacha conarthaí atá ann?

Tagann fostaíocht AE laistigh de trí chineál conartha:

  • Conarthaí buana
  • Conarthaí sealadacha
  • Conarthaí ar théarma seasta

Tá cur síos ar gach ceann díobhsan anseo thíos.

POIST BHUANA SAN AONTAS EORPACH

D’fhéadfá post buan a fháil is cuma cibé acu mura bhfuil ach tréimhse oiliúnachta déanta agat nó má lá lear mór taithí gairmiúla agus saineolais agat.

Roghnaítear foireann bhuan trí chomórtais oscailte. Níl sé beartaithe iad a úsáid le haghaidh poist shonracha, ach chun painéil a chur ar bun le haghaidh riachtanais earcaíochta.

Tá oifigigh bhuana Státseirbhís AE roinnt in dhá ghrúpa feidhme:

Riarthóir (AD)

De ghnáth bíonn riarthóirí i mbun beartais a dhréachtú agus monatóireacht a dhéanamh ar chur chun feidhme dhlí AE, agus i mbun anailíse agus comhairleoireachta. Go ginearálta, chun cur isteach ar chomórtas do phost mar riarthóir, is gá go mbeifeá tar éis (ar a laghad) trí bliana ollscoile a chur i gcrích.

Cúntóir (AST)

De ghnáth oibríonn cúntóirí i róil tacaíochta agus tá siad ríthábhachtach do bhainistiú inmheánach na n-institiúidí. Go ginearálta, is gá cur isteach ar chomórtas do chúntóirí, agus is gá go mbeadh (ar a laghad) oideachas dara leibhéal críochnaithe agat.

Eagraíonn EPSO ‘comórtais oscailte’ chun foireann bhuan a roghnú. Déanann comórtais scileanna na n-iarrthóirí a thomhas trí shraith de thrialacha agus de mheasúnachtaí, chun a áirithiú go bhfuil na daoine is fearr á roghnú acu. Gach bliain bíonn comórtais ann le haghaidh riarthóirí, teangeolaithe, ateangairí, aistritheoirí, rúnaithe agus catagóirí eile foirne..

Tuilleadh eolais anseo
Poist bhuana teanga san Aontas Eorpach

Mar a chéile le gach post buan eile in AE, le haghaidh na bpost buan teanga is gá pas a fháil ar dtús sa chomórtas arna eagrú ag EPSO (féach an rannóg Connas a fuair tú post san earnáil seo?).

Tá céimeanna cosúla sa chomórtas seo do dhaoine ar mhaith leo obair le teangacha in institiúidí AE agus atá sna comórtais le haghaidh na bpost mar chúntóiri, riarthóiri etc. ar cuireadh síos orthu roimhe seo, ach tá cúpla éagsúlacht ann toisc go bhfuil próifíl teanga i gceist sna daoine atá á n-earcú.

Tógann an próiseas roghnúcháin idir 5 agus 9 mí ó dháta foilsithe fhógra an chomórtais.

Déantar na folúntais i ngach ceann de na próifíl a bhfuil cur síos orthu anseo a fhógairt trí fhógra comórtais ar shuíomh gréasáin EPSO, a thugann sonraí iomlána an phoist, na critéir incháilitheachta, agus an nós imeachta roghnúcháin.

Téigh chuig asuíomh gréasáin EPSO chun tuilleadh eolais a fháil.

I gcás iarratasóirí le haghaidh gach próifíle teangeolaí, is gá dóibh iad seo a leanas a bheith acu:

  • Máistreacht iomlán ar do theanga dhúchais/do phríomhtheanga (teanga 1).
  • Eolas sármhaith ar Bhéarla, Fraincis nó Gearmáinis (teanga 2) agus an cumas aistriú ón teanga sin.
  • Eolas sármhaith ar an dara teanga oifigiúil de chuid AE (teanga 3) agus an cumas aistriú ón teanga sin (ní gá do phroifléitheoirí an tríú teanga a bheith acu).

NÓTA DO DHAOINE A LABHRAÍONN GAEILGE
Is féidir le daoine a bhfuil Gaeilge líofa acu an Béarla a roghnú ar an dara teanga chomh maith le teanga eile AE mar an tríú teanga, agus ar an gcaoi sin seans go mbeadh an próiseas níos éasca dóibhsean.

POIST SHEALADACHA IN AE

Cuimsíonn gníomhairí sealadacha nó gníomhairí ar conradh raon cúraimaí agus saineolais le haghaidh tréimhsí ar féidir iad a bheith chomh gearr le cúpla seachtain agus chomh fada le roinnt blianta. Is deis iontach iad na conarthaí seo taithí oibre a fháil i dtimpeallacht ilteangach Eorpach.

Féadfaidh fad ama an chonartha do dhuine ar conradh sealadach a bheith éagsúil - sa Choimisiún mar shampla, is é 6 bliana an uastréimhse (ach is féidir leat i gcónaí cur isteach ar an gcomórtas do phost buan augs tú ag obair ar conradh sealadach le AE!).

Neamhchosúil le conarthaí buana, is iad na hinstitiúidí agus na Gníomhaireachtaí AE féin a reáchtálann na próisis roghnúcháin agus earcaíochta do ghníomhairí sealadacha AE de réir a riachtanas foirne agus ní gá do na hiarrthóirí comórtais EPSO a dhéanamh.

Bíonn an pá, na sochair agus na coinníollacha oibre mar ghníomhaire sealadach mar an gcéanna go bunúsach leosan ag oifigigh bhuana. Clúdaíonn sé sin raon de liúntais teaghlaigh lena n-áirítear liúntas easaoránachta agus árachas leighis. Mar ghníomhaire sealadach seans go mbeifeá i dteideal liúntas a fháil do dhífhostaíocht shealadach tráth a n-éagann do chonradh.

Tá liosta de na deiseanna oibre ar conradh sealadach le AE le fáil ar shuíomhanna gréasáin na n-institiúidí éagsúla AE, ar shuíomhanna gréasáin Bhuanionadaíochtaí éagsúla AE agus ar shuíomh gréasáin EPSO anseo. Don eolas is déanaí maidir leis na conarthaí atá ar fáil, coinnigh súil ar na suíomhanna sin.

Is féidir leat freisin iarratas fánach a dhéanamh ach do CV a uaslódáil anseo.

Conarthaí Sealadacha

Cuirtear conarthaí sealadacha ar fáil le haghaidh róil éagsúla laistigh den Aontas Eorpach. Maireann na conarthaí sealadacha ar feadh tréimhse theoranta agus tá dáta deiridh sonrach acu.

De ghnáth déanann na hinstitiúidí/gníomhaireachtaí indibhidiúla de chuid AE foireann a earcú ar conarthaí sealadacha.

Más spéis leat conradh sealadach a fháil le hinstitiúid AE, d’fhéadfaí ceann díobh seo a leanas a thairiscint duit:

Foireann Eatramhach

Ní féidir na conarthaí seo a eisiúint ach ar feadh tréimhse uasta de 6 mhí. De ghnáth déanann gníomhaireachtaí earcaíochta áitiúla an fhostaíocht seo a láimhseáil.

Sainchomhairleoirí Eatramhacha

Féadfaidh institiúid AE saineolaithe a fhostú i réimsí áirithe chun comhairle a sholáthar ar shaincheisteanna áirithe a bhaineann leis an réimse sin. De ghnáth fostaítear na sainchomhairleoirí sin trí phróiseas tairisceana indibhidiúil.

Saortheangeolaithe

Is cuid den fhoireann shealadach iad saortheangeolaithe atá fostaithe i dteannta na n-ateangairí buana le linn chruinnithe na n-institiúidí Eorpacha. Chun a bheith i do shaor-ateangaire, is gá pas a fháil i scrúdú ateangaireachta idir-institiúideach.

Gairmithe Óga i dToscaireacht (JPD)

Is Tréimhse Oiliúna é 'Junior Professionals in Delegation' d'iarchéimithe ollscoile. Féadfaidh na hoiliúnachtaí seo maireachtáil ar feadh tréimhse suas le 18 mí agus faigheann na fostaithe an deis taithí a fháil ar a bheith ag obair i dToscaireachtaí AE.

Saineolaithe AE

Saineolaithe neamhspleácha a bhíonn ar fáil chun cuidiú le cúraimí sonracha de réir mar a bhíonn gá leo.

Saineolaithe Náisiúnta ar Iasacht

Ó am go chéile t