Baile     

Comórtas Scileanna Gairme 2023 - Spriocdháta 20ú Aibreán

March 13, 2023

A Scoláirí idirbhliana/Ardteiste/Ardteist Fheidhmeach nó Ghairmchlár na hArdeiste,

An bhfuil sibh ar an eolas faoin gcomórtas iontach seo - Comórtas Scileanna Gairme?

Éistigí anseo le bhur gcomhscoláirí ag caint ar an deis iontach seo agus ar na duaiseanna dochreidte atá le buachan.  Tá agaibh go dtí an 20ú Aibreán le cur síos a dhéanamh ar na scileanna a d’fhoghlaim sibh le linn bhur gcuid taithí oibre.  Tá rogha agaibh tabhairt faoi chuntas scríofa nó físe:

Bainigí súp agus tairbhe as an taithí oibre agus go n-éirí libh leis an gcomórtas!

Breis eolais:

Tá Comórtas Scileanna Gairme AIB fógartha arís do 2023, reáchtálann Saoloibre.ie é seo le tacaíocht ó AIB agus COGG, agus is é an 20ú Aibreán an spriocdháta do dhaltaí le cur isteach ar an gcomórtas iontach seo i mbliana.

Don chomórtas seo:

  • Déanann scoláirí machnamh ar na scileanna a d’fhorbair siad i rith a dtaithí oibre.
  • Míníonn siad conas a chabhróidh na scileanna sin leo ina gcuid gairmeacha amach anseo.
  • Deis iontach is ea é chomh maith do na scoláirí cuimhneamh ar bhuntáiste na Gaeilge sa saol oibre.

Tá duaiseanna iontacha le buachan ag na scoláirí – ina measc, ríomhaire glúine MacBook Air, ceamara GoPro agus a lán eile.

Anuas air sin, gheobhaidh na scoileanna buacha 1000 euro dá gclár scoile – Treoir/Idirbhliain/Ardteist Fheidhmeach nó Gairmchlár na hArdteiste.

Glacfar le hiontrálacha scríofa nó físe. Tá gach eolas ar fáil ó saoloibre.ie agus www.cogg.ie

Ag an nasc seo, gheobhaidh sibh breis eolais faoin gcóras iarratais: https://cc.careersportal.ie/pdfs/competition/irish-ty.pdf

Go n-éirí libh go léir leis an gcomórtas!

Beirigí bua!

Sonraí Iomlána