Baile     

Baitsiléir san Oideachas Trí Mheán na Gaeilge - Marino Institute of Education

April 20, 2021


Grúpa nua eile de mhic léinn ag tosú Meán Fómhair 2021

Má tá spéis agat sa Ghaeilge agus ina bheith ag múineadh trí mheán na Gaeilge, is í seo an chéim duit! Cinnteoidh timpeallacht nuálach teagaisc agus foghlama IOM, agus ár dtiomantas don Ghaeilge go mbeidh paisean agat don mhúinteoireacht, agus don Ghaeilge agus dá cultúr. 

Buntáistí agus Deiseanna:

  • Sparánacht €1000 ar fáil do mhic léinn a chláraíonn ar an gcéim
  • Lóistín ar an gcampas ar fáil sa Bhloc Gaeilge
  • Socrúcháin Scoile i scoileanna Lán-Ghaeilge agus Gaeltachta
  • Deiseanna Fostaíochta i scoileanna Lán-Ghaeilge agus Gaeltachta

Riachtanais Iontrála Sonracha:

  • H3 sa Ghaeilge
  • *Cáilíocht TEG Leibhéal B1 (Pas 50%) nó níos airde riachtanach.


Céard é an Baitsiléir san Oideachas Trí Mheán na Gaeilge (Bunmhúinteoireacht)?

Is céim ar leith é an Baitsiléir san Oideachas Trí Mheán na Gaeilge (Bunmhúinteoireacht) a oireann go speisialta do mhic léinn a dteastaíonn uathu múineadh san earnáil oideachais Lán-Ghaeilge i.e. i scoileanna Gaeltachta nó i scoileanna Lán-Ghaeilge. Tá géarghá le múinteoirí do scoileanna Gaeltachta agus do scoileanna Lán-Ghaeilge agus tá cáilíocht mhúinteoireachta trí mheán na Gaeilge ag teastáil ó mhic léinn atá ag iarraidh múineadh sna scoileanna sin. Sa chéim cheithre bliana seo gheobhaidh tú amach faoin tumoideachas, faoi na bealaí ina bhfoghlaimíonn na páistí teanga, faoi na bealaí ina bhfoghlaimíonn siad conas léamh, scríobh, comhaireamh agus áireamh. Foghlaimeoidh tú conas na healaíona a chur ar shúile na bpáistí, faoin tábhacht a bhaineann leis an gcultúr Gaelach mar aon leis an draíocht agus na mistéir mórthimpeall orthu, agus na bealaí chun fás agus forbairt ar bhealach sláintiúil.

Céard air a ndéanfaidh mé staidéar?

Beidh cúrsa Gaeilge speisialta ag tús an chúrsa i Marino i Meán Fómhair 2021. Sa bhonnstaidéar beidh staidéar á dhéanamh agat ar an tumoideachas, ar an Oideachas Luath-Óige, ar an mbealach ina bhfoghlaimíonn páistí, ar an tSíceolaíocht agus ar an tSochtheangeolaíocht. Cuir le d’eolas ar an nGaeilge agus ar na hábhair churaclaim éagsúla, foghlaim faoi na modhanna chun na hábhair sin a mhúineadh agus faoi na buntáistí a bhaineann lena múineadh trí mheán na Gaeilge. Beidh deis agat staidéar a dhéanamh chun teastas san Oideachas Reiligiúnach Caitliceach a bhaint a amach le tú a ullmhú múineadh i scoileanna faoi phátrúnacht na hEaglaise Caitlicí. Ta deis ann chomh maith staidéar a dhéanamh chun teastas a fháil sna Curaclaim Ilchreidmheacha agus Eitice i gComhthéacsanna Scoileanna Éagsúla.

Socruchán Scoile

Is trí mheán na Gaeilge amháin a dhéanfaidh tú na Socrúcháin Scoile ar fad i rith na gceithre bliana den Bhaitsiléir san Oideachas Trí Mheán na Gaeilge (Bunmhúinteoireacht). Gheobhaidh tú deiseanna réimse leathan de thaithí a fháil san earnáil oideachais Lán-Ghaeilge. D’fhéadfadh na Socrúcháin Scoile sin ar fad a bheith i scoileanna Gaeltachta agus d’fhéadfadh cuid acu a bheith i scoileanna Lán-Ghaeilge. Beidh deiseanna agat Socrúcháin a dhéanamh i scoileanna tuaithe agus i scoileanna uirbeacha, i scoileanna aon ghnéis agus i scoileanna comhoideachais, i scoileanna DEIS, i scoileanna ina bhfuil suíomhanna aon ghrád agus i scoileanna ina bhfuil suíomhanna ilghrád. Don Oideachas Speisialta déanfaidh tú Socrúchán Scoile i suíomh Lán-Ghaeilge sa Dara Bliain.

Gaeltacht

Mar chuid den Bhaitsiléir san Oideachas Trí Mheán na Gaeilge (Bunmhúinteoireacht) beidh ar gach mac léinn Tréimhsí Foghlama coicíse a dhéanamh sa Ghaeltacht um Cháisc sa Chéad Bhliain agus sa Dara Bliain. Ní bheidh aon táillí le híoc ag mic léinn do na Tréimhsí Foghlama sa Ghaeltacht. Sa Tríú Bliain, caithfidh tú seachtain sa Ghaeltacht ag tógáil codanna de mhodúil a bhainfidh leis an gcéim. Clúdóidh Institiúid Oideachais Marino an costas ar fad a bhaineann leis sin. Sa Cheathrú Bliain don Ardsocrúchán Scoile (deich seachtaine), beidh mic léinn ag cur fúthu sa Ghaeltacht agus ag obair i scoileanna Gaeltachta. Clúdóidh Institiúid Oideachais Marino an costas taistil agus cothaithe a bhaineann leis sin. 

Céard iad na roghanna a bheidh agam mar mhúinteoir?

Oireann an Baitsiléir san Oideachas Trí Mheán na Gaeilge (Bunmhúinteoireacht) go speisialta do mhic léinn a dteastaíonn uathu múineadh san earnáil oideachais Lán-Ghaeilge i.e. i scoileanna Gaeltachta nó i scoileanna Lán-Ghaeilge. Beidh céimithe leis an gcéim i dteideal freisin post a lorg i scoil ina bhfuil an Ghaeilge mar dhara teanga. D’fhéadfadh céimithe obair sna meáin chomh maith.

 

Sonraí Iomlána