Comórtas Scileanna Gairme 2025- Deis iontach do Scoláirí na Scoileanna Gaeltachta agus Gaelscolaíochta October 9, 2024 A Chomhairleoirí Treorach, a chomhordnóirí idirbhliana/Ardteiste Feidhmí/Gairmchlár na hArdteiste, agus a mhúinteoirí an Ghaeloideachais go léir! Beatha agus sláinte chugaibh agus ag súil go mbain na héinne súp as an mbriseadh lárthéarma! Bhí sé chomh deas an deis a bheith againn aithne a chur ar roinnt mhaith comhairleoirí treorach i mbliana agus COGG agus Careersportal.ie/Saoloibre.ie ar chamchuairt ag roinnt acmhainní Gaeilge don Treoir trí Ghaeilge ag ceardlanna éagsúla fuaid fad na tíre. Anois tá an-áthas orainn Comórtas Scileanna Gairme 2025 a fhógairt i gcomhar le Careersportal/saoloibre.ie agus is é 22ú Márta an spriocdháta do scoláirí le cur isteach ar an gcomórtas. Bheimis faoi chomaoin mhór agaibh dá bhféadfadh sibh, i bpáirt le múinteoirí eile i bhur gcuid scoileanna, na scoláirí a spreagadh chun an deis iontach seo a thapú. Anuraidh, bhí ardú beag ar líon na scoláirí Gaeltachta agus Gaelcholáistí a ghlac páirt sa chomórtas agus d’éirigh thar barr ar fad leis na scoláirí ó na scoileanna nua. Bheadh sé go hiontach ar fad cur leis an líon scoláirí arís i mbliana. Cén fáth gur cheart duit scoláirí a spreagadh chuige? Cad atá le déanamh ag na scoláirí? Deis iontach is ea é do na scoláirí cuimhneamh ar bhuntáiste na Gaeilge sa saol oibre, is cuma cén gairm bheatha atá sa cheann acu. Féach ar chur síos agus rialacha an chomórtais anseo: An comórtas as Gaeilge (careersportal.ie) Tugann an comórtas seans do scoláirí machnamh ar na scileanna a d’fhorbair siad i rith a dtaithí oibre. Machnamh criticiúil a dhéanamh ar cad a d’fhoghlaim siad le linn tréimhse taithí oibre. Bíonn deis ag scoláirí cuimhneamh ar conas a chabhróidh na scileanna sin leo ina gcuid gairmeacha amach anseo. Cuntas a ullmhú ar Thaithí Oibre bunaithe ar an 2 lá de thaithí oibre a rinne na scoláirí. Tá duaiseanna iontacha le buachan ag na scoláirí– ina measc, ríomhaire glúine MacBook Air, ceamara GoPro agus a lán eile. Imscrúdú a dhéanamh ar Ghairm amháin a bhfuil fíorshum ag an scoláire ann. Anuas air sin, gheobhaidh na scoileanna buacha 1000 euro dá gclár scoile – Treoir/Idirbhliain/Ardteist Fheidhmeach nó Gairmchlár na hArdteiste. An cuntas a sholáthar i bhfoirm scríofa nó físe,a rogha féin ag gach scoláire. Seol an t-iarratas mar cheangaltán ar ríomhphost chuig [email protected] roimh 22 Márta Go n-éirí libh go léir leis an gcomórtas! Is féidir aon cheist a chur go [email protected] Sonraí Iomlána
Comórtas Scileanna Gairme 2025- Deis iontach do Scoláirí na Scoileanna Gaeltachta agus GaelscolaíochtaOctober 9, 2024
Gairmeacha le Gaeilge: COGG ag an gCeathrú Ghaeltachta, Higher Options, 25-27 Meán FómhairSeptember 23, 2024