Baile     

Tá an Coimisiún Eorpach ag lorg Aistritheoirí Gaeilge

February 21, 2020


Ar na hábhair a chumhdaítear in institiúidí an Aontais Eorpaigh tá raon leathan réimsí beartais, mar atá cúnamh forbartha a sholáthar agus an t-athrú aeráide a chomhrac, an choireacht eagraithe a chosc agus cearta mionlach a chinntiú, chomh maith le taighde agus nuálaíocht a chur chun cinn agus tacaíocht a thabhairt d’fhorbairt réigiúnach.

Tá aistritheoirí ag croílár na ngníomhaíochtaí sin mar go n-aistríonn siad téacsanna go 24 theanga oifigiúla an Aontais Eorpaigh, rud a neartaíonn an chumarsáid agus a chuidíonn le saoránaigh tuiscint a chur ar ról an Aontais Eorpaigh ina saol. Bíonn aistritheoirí ag obair le téacsanna casta polaitiúla, eacnamaíocha, airgeadais, eolaíocha agus teicniúla a chlúdaíonn gach cineál ábhair a bhaineann leis an Aontas Eorpach. Faoi láthair, tá an Coimisiún Eorpach ag lorg aistritheoirí Gaeilge (grád AD 5). Na haistritheoirí a earcófar, aistreoidh siad doiciméid ó Bhéarla go Gaeilge.

Is féidir go dtairgfear conradh sealadach 4 bliana do na hiarrthóirí a n-éireoidh leo, conradh is féidir a athnuachan go ceann uastréimhse 2 bhliain. Má éiríonn leat, is in áitreabh an Choimisiúin in Éirinn (an Ghráinsigh, contae na Mí) nó sa Bhruiséil a bheidh tú lonnaithe. Don té atá fostaithe acu, cuireann institiúidí agus gníomhaireachtaí an Aontais pobal saineolais ar fáil maille le mórán deiseanna chun tuilleadh foghlama a dhéanamh, scileanna a fheabhsú agus gairmréim a thabhairt chun cinn.

Bunphrionsabail de chuid an Aontais Eorpaigh is ea iad meas ar an éagsúlacht chultúrtha agus cur chun cinn comhdheiseanna, agus bíonn an Oifig Eorpach um Roghnú Foirne ar a dícheall beartas comhdheiseanna a chur i bhfeidhm, caitheamh le gach iarrthóir sa tslí chéanna agus an rochtain chéanna a thabhairt dóibh ar fad.

Tá tuilleadh eolais ar an leathanach Comhdheiseanna faoinár mbeartas comhdheiseanna agus faoin gcaoi ar féidir socruithe speisialta a iarraidh i dtaca leis na trialacha roghnúcháin. Ná caill an deis ghairme iontach seo – an 13 Feabhra a osclóidh an tréimhse chlárúcháin!

An bhfuil mianach aistritheora ionat?

Ní mór duit a bheith i do shaoránach den Aontas Eorpach agus sáreolas ar an nGaeilge agus eolas cuimsitheach ar an mBéarla a bheith agat. Ina theannta sin, is gá céim ollscoile 3 bliana ar a laghad a bheith déanta agat i réimse staidéir ar bith.

Tá eolas mionsonraithe ar na riachtanais le fáil sa ghlao ar léiriú spéise le haghaidh gníomhairí sealadacha a fhoilseofar an 13 Feabhra 2020.

Dáta Dúnta - 17ú Márta

Sonraí Iomlána