Baile     

Seachtain na Gaeilge 2022

February 28, 2022


An fhéile Ghaeilge is mó in Éirinn agus ar fud an domhain!

Is féile idirnáisiúnta Ghaeilge í Seachtain na Gaeilge atá ar an gceiliúradh is mó dár dteanga agus dár gcultúr dúchais a bhíonn ar siúl in Éirinn agus in go leor tíortha eile gach bliain.

Cuirfear tús le Seachtain na Gaeilge amárach agus mairfidh an fhéile idirnáisiúnta go dtí an 17 Márta. 

Beidh cuid mhór imeachtaí spreagúla saor in aisce agus go leor leor eile. Féach ar www.snag.ie

Déan ceiliúradh ar Sheachtain na Gaeilge agus foghlaim faoi earnálacha, gairmeacha agus cúrsaí éagsúla go hiomlán trí Ghaeilge ar SaolOibre.ie!



Mura bhfuil tú cinnte cén áit le tosú cláraigh agus líon an tástáil próifíle saor in aisce. Gheobhaidh tú tuairisc chuimsitheach ar d'inniúlachtaí agus suimeanna gairme - Cláraigh anseo.

Curdaigh cursaí CAO le Gaeilge agus go leor acmhainní saor in aisce le haghaidh An tSraith Shóisearach agus An tSraith Shinsearach anseo.


Tá go leor fiseán agus podchraoltaí suimiúla chun cuidiú leat foghlaim faoi ghairmeacha trí Ghaeilge m.sh. Garda nó Forbróir Gréasáin - cliceáil anseo.

Sonraí Iomlána