La na gCeardlann Abhair: Acmhainni nua Iar-bhunscoile August 12, 2024 Beidh saincheardlanna ar siúl do mhúinteoirí Iar-bhunscoile sa Ghaillimh an tseachtain seo chugainn - 15ú Lúnasa, i gColáiste na Coiribe, mar chuid de Dhianchúrsa Gaeilge agus Ceardlanna Ábhair 12-15 Lúnasa. Lá na gCeardlann Ábhair: Acmhainní nua Iar-bhunscoile – Múinteoirí i lár an aonaigh Sa cheardlann don Treoir, beidh Niamh Uí Thuama (Coláiste Ghobnatan) agus Eimear Sinnott (Careers Portal/ Saoloibre.ie): Ag léiriú acmhainní don Treoir trí mheán na Gaeilge ag cur béime ar an Treoir Uile Scoile agus Scileanna Staidéir Ag cur béime ar an Treoir don tSraith Shóisearach I mbun cur i láthair ar acmhainní agus áiseanna Careers Portal atá ar fáil trí Ghaeilge Ag léiriú agus ag scaipeadh an Leagan Úrnua de Phacásite Gairmeacha: Deiseanna Gairmeacha le Gaeilge (COGG) Beidh an-fháilte roimh mhúinteoirí atá ag teagasc trí Ghaeilge le tamall fada, le tamall gairid nó díreach tosnaithe ag múineadh trí Ghaeilge. Beidh an-fháilte roimh mhic léinn/mhúinteoirí nua-cháilithe freastal chomh maith. Díolfar liúntas taistil 100 euro le gach múinteoir a fhreastalaíonn ar na ceardlanna. Is féidir clárú anseo : Lá na gCeardlann Ábhair (Lá na Speisialtóirí) Tá clár ama an lae anseo agus gach eolas eile faoi na ceardlanna ábhair éagsúla thíos in íochtar an rphoist. Am Mír 10 r.n. Clárú na rannpháirtithe/ Tae & Caife Fáilte ó COGG Jacqueline Ní Fhearghusa, Príomhfheidhmeannach COGG An Fhoghlaim Chomhtháite Ábhair agus Teanga: Na slite is éifeachtaí teagasc teanga agus ábhair a chomhtháthú sa seomra ranga Caitlín Ní Ruanaidh – Oifigeach Oideachais FCÁT, COGG Na Ceardlanna Ábhair (1) 1 - 2 Lón agus Seastáin – COGG, TG4 Foghlaim, Gaelchultúr, Fóram Feasa 2 – 315 i.n. Na Ceardlanna Ábhair (2) 315 i.n Lántairbhe a bhaint as na hAcmhainní Foclóra ar líne Pádraig Ó Mianáin, Foras na Gaeilge 4 i.n Aiseolas agus Slán abhaile Sonraí Iomlána
Comórtas Scileanna Gairme 2025- Deis iontach do Scoláirí na Scoileanna Gaeltachta agus GaelscolaíochtaOctober 9, 2024
Gairmeacha le Gaeilge: COGG ag an gCeathrú Ghaeltachta, Higher Options, 25-27 Meán FómhairSeptember 23, 2024