Baile     

Buaileann an tAire Oideachais Norma Foley TD le daltaí dara leibhéal ag Comórtas Scileanna Gairme AIB le CareersPortal

May 12, 2023


Lá ceiliúrtha a bhí ann i gColáiste Ríoga na Lianna nuair a tháinig daltaí dara leibhéal, a dteaghlaigh, a múinteoirí agus a dtreoirchomhairleoirí ó gach cearn den tír le chéile chun freastal ar an searmanas bronnta do Chomórtas Scileanna Gairme AIB le CareersPortal. Bhí iomaíocht ghéar ann i mbliana agus chuir thart ar 1,000 dalta isteach ar an gcomórtas, sin méadú de bheagnach a thrian ar 2022. Thréaslaigh an t-aoi oinighan tAire Oideachais Norma Foley TD leis na daltaí buacacha as a n-éachtaí iontacha agus a n-iontrálacha buacacha.

Éist lena daltaí ag caint faoin gcomortas ag an searmanas bronnta anseo ar Radió na Gaeltachta.

D'fhorbair CareerPortal, príomhshuíomh gréasáin ghairmthreoir na hÉireann, an comórtas seo, atá oscailte do gach dalta sa tsraith shinsearach, 13 bliain ó shin. Is é an aidhm atá leis an gcomórtas ná chun daltaí a spreagadh le díriú ar an tábhacht a bhaineann le scileanna gairme ionas go dtuigfidh siad an ról atá ag scileanna gairme ina gcuid oideachais agus ina ngairmeacha sa todhchaí. Tá sé chatagóir sa chomórtas agus is féidir le daltaí iontráil scríofa as Béarla nó as Gaeilge, nó iontráil Vlog, a chur isteach. Déanann AIB urraíocht ar an gcomórtas.

Dúirt an tAire Oideachais Norma Foley: “Ba mhaith liom tréaslú leis na daltaí ar fad a chuir isteach ar an gcomórtas náisiúnta scileanna gairme atá anois ina 13ú bliain. Tugann an comórtas deis iontach do dhaltaí machnamh a dhéanamh ar na roghanna gairme agus oideachais a bheidh acu sa todhchaí agus chun a fháil amach cá ndíreoidís a bhfuinneamh agus a n-aird. Comhghairdeas agus buíochas freisin le gach duine a bhí bainteach leis an gcomórtas, as an deis ar leith seo a thabhairt do na daltaí chun foghlaim fúthu féin agus faoi na féidearthachtaí agus faoi na ‘poist is ansa leo’ atá os a gcomhair amach.”

Bhí méadú 30% sna hiontrálacha i mbliana, rud a léiríonn an tábhacht agus an bhéim a chuireann múinteoirí agus daltaí araon in oideachas dara leibhéal ar thaithí oibre agus ar scileanna gairme. Cé go mbíonn suim mhór i gcónaí ag daltaí fiosrú gairme a dhéanamh i réimse Oideachais agus Traenála, go háirithe sa Bhunmhúinteoireacht, agus i Leigheas agus Cúram Sláinte, bhí méadú suime i mbliana in earnálacha eile den gheilleagar, Innealtóireacht, na hEalaíona Cruthaitheacha agus Fáilteachas ina measc.

Chuir beagnach 1,000 dalta isteach ar an gcomórtas i mbliana, sna sé chatagóir éagsúla, an dá chatagóir nua ina measc: Gradam Fáilte Ireland do Ghairmeacha i dTurasóireacht agus Fáilteachas agus Gradam Languages Connect do Ghairmeacha le Teangacha Iasachta. Roghnaíodh an 32 iontráil bhuacach as gearrliosta iontach a raibh réimse leathan gairmeacha ó gach cuid den gheilleagar ann: daltaí ag obair i salón gruaige, in óstán, i mbunscoil, ó chian le dearthóir grafach, in ospidéal, ag garraíodóireacht in eastát mór agus ag dul go NASA chun foghlaim conas a bheith i do spásaire!

Is é an aidhm atá leis an gcomórtas ná chun taighde gairme neamhspleách a spreagadh i measc daltaí dara leibhéal agus go dtuigfidh siad an tábhacht a bhaineann le scileanna gairme ar féidir a fhorbairt nuair a dhéanann siad taithí oibre.Chun páirt a ghlacadh sa chomórtas bhí ar na daltaí a dtuiscint ar a rogha ghairme a thaispeáint, cur síos a dhéanamh ar na cosáin oideachais don ghairm sin agus na riachtanais eolais is ábhartha a bhaineann leis an ngairm a mhíniú. Ansin, bhí orthu machnamh a dhéanamh ar an mbealach a bhféadfadh tionchar a bheith ag a dtaithí oibre ar a roghanna gairme agus oideachais sa todhchaí.

Cuireann an comórtas Scileanna Gairme ardán iontach ar fáil do dhaltaí chun an taighde agus an fhoghlaim a rinne siad le linn na taithí oibre a thaispeáint. Tá tairseach shárluachmhar taithí oibre le fáil do dhaltaí ar www.careersportal.ie. Bhuaigh gach dalta sna catagóirí buacacha ríomhaire glúine MacBook Air, bhuaigh na daltaí a tháinig sa 2ú háit ceamara GOProHero10 agus bhuaigh daltaí sa 3ú háit táibléad Samsung. Bhí duaiseanna ann freisin do na daltaí a fuair ardmholadh. Fuair na scoileanna buacacha €1,000 dá gcláir scoile.

An seisear buaiteoirí as a dtaithí oibre agus a bhfiosrúchán gairme ná:

  • Idirbhliain - Ella Fitzgibbon, Coláiste Mhuire[LK1] [KB2] , Inis – Innealtóir Feithicleach
  • Ardteistiméireacht (LCVP/LCA/LCE) – Jane Shannon, Meánscoil Mhuire gan Smál, Lios Dúin Bhearna, Co. an Chláir – Dlíodóir.
  • Gradam Fáilte Ireland do Ghairmeacha i dTurasóireacht agus Fáilteachas - Glen Masterson, Baile Lotrail, Baile Átha Cliath – Óstán – Fáilteachas.
  • Gradam Languages Connect do Ghairmeacha le Teangacha Iasachta - Ana Isabel Camara Gtuierrez, Coláiste Naomh Muire, Droichead Átha, Co. Lú- Aistritheoir.
  • Gaeilge – Ellen Nic Dhomhnaill, Coláiste Oiriall, Muineachán – Poitigéir.
  • Vlog – Ana Beatriz Rutledge, Naomh Raphaela, Baile Átha Cliath – Bainisteoir Díolacháin.

Dúirt Eimear Sinnott, SB CareersPortal:Cé go bhfuil torthaí acadúla tábhachtach, de réir taighde atá déanta, tugann scileanna gairme léiriú níos fearr ar conas a éireoidh le daoine ina ngairmeacha agus ina saol sa todhchaí. Tá sé tábhachtach go dtuigeann daltaí é seo chomh luath agus is féidir ionas go mbeidh siad ábalta na scileanna tábhachta seo a aithint agus a fhorbairt. Tá an éagsúlacht sna gairmeacha a fiosraíodh i mbliana go hiontach, agus i measc na gconairí a fiosraíodh bhí Printíseachtaí agus roghanna Breis agus Ardoideachais.

Dúirt David McCormack, Leas-Phríomhoifigeach Daoine AIB:Tá ionchuimsiú eacnamaíoch agus sóisialta ag croílár ár straitéise inbhuanaitheachta anseo in AIB. Tá áthas orm go bhfuil AIB ag déanamh urraíochta arís ar an gclár Scileanna Gairme, agus an comórtas ag cur an tábhacht a bhaineann le taithí oibre agus scileanna gairme chun cinn i measc daltaí dara leibhéal. Féadfaidh na scileanna seo a bheith ríthábhachtach agus na daltaí ag roghnú a ngairmeacha amach anseo agus beidh siad tairbheach dá bhforbairt. Guímid gach rath ar na daltaí buacacha anseo inniu.”

Dúirt Sharon Balmaine, Ceannaire Gairmeacha Turasóireachta, Fáilte Ireland: “Cuireann turasóireacht a lán roghanna gairme iontacha agus tairbheacha ar fáil i réimse leathan earnálacha, i dtionscal a bhfuil solúbthacht agus a lán deiseanna dul chun cinn ann. Is féidir gairm sa turasóireacht a fháil a oireann don tslí mhaireachtála atá agat agus a ligeann duit do chuid paisean a leanúint, agus ag an am céanna príomhscileanna agus cumais a fhorbairt, ina measc, obair foirne, seirbhís do chustaiméirí agus bainistíocht ghnó. Tá áthas ar Fáilte Ireland cabhrú le daltaí plé le gnóthaí turasóireachta trasna na tíre chun socrúcháin den scoth a fháil don taithí oibre trínár dtairseach taithí oibre ar TourismCareers.ie. Comhghairdeas le gach dalta a chuir isteach ar an gcatagóir turasóireachta do Scileanna Gairme 2023”

Dúirt Karen Ruddock, Stiúrthóir na hÉireann Teangacha Dara Leibhéal: “Tá áthas orainn a bheith páirteach sa chomórtas Scileanna Gairme i mbliana agus muid ag iarraidh béim a chur ar an méadú atá ag teacht ar an riachtanas le scileanna teangacha iasachta in Éirinn. Tá teangacha níos ábhartha agus níos riachtanaí anois ná riamh i gcomhthéacs an Bhreatimeachta agus an domhain nua ina mairimid. Cé go mbaineann tábhacht i gcónaí le hábhair agus le scileanna STEM, is féidir le teangacha iasachta ní amháin in STEM ach san iliomad réimsí eile deiseanna suntasacha a chur ar fáil do dhaltaí. Éilíonn margaí áitiúla agus idirnáisiúnta scileanna i dteanga eile seachas an Béarla agus beidh foghlaim na scileanna seo sárluachmhar do dhaltaí agus iad ag déanamh dul chun cinn trína gcuid oideachais agus gairmeacha.”

Sonraí Iomlána