Baile     

 

January 25, 2022

Oifigeach Feidhmiúcháin (Líofacht sa Ghaeilge) sa Státseirbhís 2022

Tá Oifigigh Feidhmiúcháin fostaithe i ngach Roinn/Oifig Rialtais ina bhfuil réimse freagrachtaí feidhmiúcháin.  Is é grád an Oifigigh Feidhmiúcháin an grád bunleibhéil ag leibhéal na bainistíochta sóisearaí sa Státseirbhís.

Déanann Oifigigh Feidhmiúcháin anailís chriticiúil ar mholtaí agus ar thuarascálacha, agus déanann siad imscrúdú ar chásanna neamhchoitianta casta a dteastaíonn cinneadh uatha.  Bíonn obair agus gníomhaíochtaí éagsúla ar siúl ag Oifigigh Feidhmiúcháin agus san áireamh tá nithe seo a leanas: taighde a dhéanamh agus moltaí a dhréachtú maidir le beartas agus maidir le reachtaíocht; obair an bhainisteora shóisearaigh a dhéanamh i Ranna Rialtais, a bheith freagrach as obair a bhainistiú agus, tar éis taithí a fháil, as foireann mhór agus acmhainní eile a bhainistiú; a bheith ag plé go díreach leis an baill den phobal maidir leis na seirbhísí a chuireann an Státseirbhís ar fáil dóibh. 

Nuair atá Oifigigh Feidhmiúcháin á n-earcú, tuigeann an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí gur féidir go rachadh cuid mhaith díobh siúd a cheaptar ar aghaidh chuig poist shinsearacha sa Státseirbhís.  Dá bharr seo, lorgaímid daoine a thaispeánann an cumas freagracht ard a ghlacadh i mbainistíocht na seirbhíse poiblí agus maidir le hanailís a dhéanamh ar cheisteanna beartais phoiblí.

Táimid tiomanta do dheiseanna comhionannais agus cuirimid fáilte roimh iarratais faoi na naoi bhforas san Acht um Chomhionannas Fostaíochta.

Dáta agus Am Dúnta: Dé Céadaoin 2 Feabhra 2022 ag 3i.n.

Sonraí Iomlána