Baile     

Seisiún Eolais maidir leis an Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán

May 14, 2021

An bhfuil suim agat do scileanna teanga a shaibhriú agus post a bhaint amach in earnáil an aistriúcháin nó in earnáil na Gaeilge? Má tá, b’fhéidir go mbeadh spéis agat níos mó eolais a fháil faoin Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán, cúrsa de chuid Choláiste na hÉireann/Ghaelchultúir atá dírithe ar dhaoine a bhfuil caighdeán an-mhaith Gaeilge acuar mhaith leo ardscileanna cruinnis a bhaint amach sa teanga scríofa.  

Have you ever thought about improving your language skills and becoming a translator or availing of other employment opportunities in the Irish-language sector? If so, perhaps you’d be interested in learning more about our Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán/Postgraduate Diploma in Translation. This postgraduate course, offered by Coláiste na hÉireann/Gaelchultúr, is aimed at those who already have a good standard of Irish but who wish to learn translation skills or to enhance their written skills and accuracy.   

Beidh seisiún eolais maidir leis an Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán á reáchtáil againn ar Zoom ag 12.00pm-1.00pm Dé Sathairn, 15 Bealtaine 2021, agus is í Leas-Stiúrthóir Oideachais na hInstitiúide, An Dr Eimear Ní Chinnéide, a bheidh i mbun an tseisiúin sin.   

If you’d like to learn more, please join us at 12.00pm - 1.00pm on Saturday, 15 May 2021, for an information session about the course, hosted by the Deputy Director of the Institute, Dr Eimear Ní Chinnéide. This session will be held on Zoom.    

Le clárú don seisiún eolais seo ní gá ach cliceáil ar an nasc seo.

To register for the information session please click here.  

Le linn an tseisiúin, tabharfar eolas mion maidir leis an gcúrsa, faoin scoláireacht atá ar fáil agus faoi na deiseanna fostaíochta atá ann dóibhsean a bhaineann an cháilíocht amach. Lena chois sin, tabharfar deis dóibh siúd a bheidh i láthair ceisteanna a chur maidir leis na nithe thuas.  

During the session, you will be provided with in-depth information about the programme, the scholarships we offer and the employment opportunities available for course graduates. There will also be the opportunity to ask questions at the end of the session.   

Tá an Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán oiriúnach do dhaoine a bhíonn ag obair trí Ghaeilge go laethúil – múinteoirí agus iriseoirí, mar shampla – agus téann sé chun sochair freisin dóibhsean ar spéis leo post a bhaint amach mar aistritheoir, riarthóir nó dlítheangeolaí in institiúid de chuid an Aontais Eorpaigh nó le heagraíocht stáit in Éirinn.  

The Postgraduate Diploma in Translation is suitable for those who work through Irish on a daily basis – teachers and journalists, for example. It is also beneficial for those who are interested in working as a translator, an administrator or a lawyer-linguist within the European Union or a state body in Ireland.   

Maireann an Dioplóma trí sheimeastar/sé mhí dhéag ar fad agus tá sé ag leibhéal 9 den Chreat Náisiúnta Cáilíochtaí (www.nfq.ie). Tá an cúrsa seo ar cheann de na cúrsaí Gaeilge iarchéime is mó ráchairt. Tá áiteanna ar an gcúrsa an-teoranta agus is gá tabhairt faoi scrúdú iontrála le háit a bhaint amach air.   

The Diploma, which is a level 9 NFQ course (www.nfq.ie), runs for three semesters, over a sixteen-month period. This course is one of the most prestigious postgraduate courses for Irish. Availability is limited and applicants are required to sit an entrance exam to secure a place.   

Tá tuilleadh eolais ar fáil faoin gcúrsa ach cliceáil anseo.

For more information about this programme, please click here

Sonraí Iomlána