Baile     

Oifigeach Cléireachais sa Státseirbhís (Líofacht sa Ghaeilge) 2021

June 25, 2021


Cuirtear fáilte roimh iarratais ó dhaoine a bhfuil Gaeilge líofa acu agus a bhfuil an cumas acu a gcuid oibre a dhéanamh trí Ghaeilge. Ní gá go mbeadh ar iarrthóirí a n-éiríonn leo a gcuid oibre a dhéanamh trí Ghaeilge ar bhonn lánaimseartha ag brath ar an ngnó a dhéanann an roinn fostaithe.

Mar Oifigeach Cléireachais sa Státseirbhís, is féidir go mbeifeá ag obair i gceann de Phríomh-Ranna an Rialtais nó i gceann d’Oifigí éagsúla an Stáit. Tá baint ag éagsúlacht na hoibre a mbeidh tú páirteach inti le gach gné de shaol na hÉireann agus tá gairm shásúil agus ilchineálach ann inar féidir leat cur le cúrsaí.

Tá an Státseirbhís á forbairt le blianta fada le déileáil le riachtanais an Stáit a bhíonn ag athrú de shíor, agus de réir mar a chuirtear leis na hathruithe sin, am maith atá ann tús a chur le do ghairm mar Oifigeach Cléireachais sa Státseirbhís.

Tá níos mó eolais faoi ról an Oifigigh Chléireachais (Líofacht sa Ghaeilge) agus faoin bpróiseas iarratais ar fáil i Leabhrán Eolais an Iarrthóra agus molaimid go láidir duit é a léamh sula ndéanann tú iarratas.

Dáta agus Am Dúnta: Dé Deardáoin15 Iúil 2021 ag 3i.n.

Le tuilleadh eolais agus sonraí maidir le hiarratas a dhéanamh a fháil, téigh go; https://bit.ly/CP_JobSlot_COIrish

 

Sonraí Iomlána