Saol agus Gairmeacha le Gaeilge - Institiúid Techneolaíochta Phort Láirge (WIT) February 19, 2019 Beidh roinnt imeachtaí ar siúl in Institiúid Teicneolaíochta Phort Láirge chun céiliúradh a dhéanamh ar Sheachtain na Gaeilge. Ceann de na himeachtaí is mó a bheidh ar siúl i WIT i mbliana ná ‘Saol agus Gairmeacha le Gaeilge’. Cé go bhfuil an imeacht dírithe ar dhaltaí meánscoile tá fáilte roimh gach duine. Tosóidh an lá le ceolchoirm na ndaltaí meanscóile- beidh ceol, damhsa, drámaíocht agus amhránaíocht ar an stáitse againn. Ina dhiaidh sin beidh painéal d’aíonna speisialta againn a labhróidh faoin tábhacht a bhaineann leis an nGaeilge sa saol agus na deiseanna a thugann sí i do shaol gairmiúil. Tá an-áthas orainn go mbeidh na haíonna speisialta seo againn: Alswyn Ní Aonghusa Ní Dhúill (Comhordaitheoir Tríú Leibhéal ag Conradh na Gaeilge) Niamh Ní Chróinín (Craoltóir, Bainisteoir Raidió Rí Rá, múinteoir cheardlanna raidió) Irial Ó Ceallaigh (Oifigeach Pleanála Teanga) Peter Kavanagh (Urlabhraí Ghaeilge, An Comhaontas Glas) Jamie Ó Tuama (Oifigeach Gaeilge, CLG) Mícheál Ó Coileáin (Oifigeach Forbartha Gaeilge, HSE) Déan teagmháil leis an Dr Séamus Dillon ([email protected]) chun clárú don lá seo nó chun níos mó eolais a fháil. Dáta agus Am: 12 Márta, 2019 ag 9:00-13:00 Áit: Campas Shráid an Choláiste, Institiúid Teicneolaíochta Phort Láirge Níos mó eolais: Dr Séamus Dillon, [email protected] Sonraí Iomlána
Comórtas Scileanna Gairme 2024- Deis iontach do Scoláirí na Scoileanna Gaeltachta agus GaelscolaíochtaFebruary 22, 2024