Baile     

Ionad Taighde Nua in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath chun Feabhas a chinntiú i dTeagasc agus i bhFoghlaim na Gaeilge

September 25, 2019

Seolann an tAire Oideachais agus Scileanna SEALBHÚ - ionad taighde DCU um fhoghlaim agus teagasc na Gaeilge.

Sheol Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath ionad taighde a bhfuil sé mar aidhm aige feabhas a chinntiú i dTeagasc agus i bhFoghlaim na Gaeilge. Déanfar taighde san ionad nua seo ar gach gné d’fhoghlaim na Gaeilge leis an teanga a neartú agus a chinntiú go múinfear í chomh héifeachtach agus is féidir don chéad ghlúin eile d’fhoghlaimeoirí.

Sheol an tAire Oideachais agus Scileanna Joe McHugh, TD, an tIonad go hoifigiúil inniu ag ócáid ar Champas Phádraig de chuid Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. Beidh ról tábhachtach ag an lárionad maidir le múinteoirí, lucht déanta beartas agus páirtithe leasmhara a choinneáil ar an eolas mar gheall ar na forbairtí is déanaí i réimse na múinteoireachta teanga.

Ag caint dó ag an seoladh dúirt an tAire McHugh:

“Léiríonn bunú SEALBHÚ chomh tiomanta is atá DCU don Ghaeilge agus tá an-chreidiúint ag dul dóibh siúd atá taobh thiar dó. Tugann sé léargas nua don oideachas agus d’oiliúint mhúinteoirí dár scoileanna le cinntiú go mbeidh an tacaíocht acadúil is fearr ar fáil le cuidiú le seachadadh na teanga go dtí ár gcuid páistí.”

Bhí an méid seo le rá ag an Ollamh Pádraig Ó Duibhir, Leas-Déan, Institiúid Oideachais DCU:

“Tá Pobal Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath thar a bheith bródúil as an méid a dhéantar anseo maidir le forbairt agus le dul chun cinn na Gaeilge agus creidimid go gcuirfidh SEALBHÚ go mór leis an gclú atá tuillte againn sa ghné seo den oideachas cheana féin. Creidimid go mbeidh ról lárnach ag an Ionad le cinntiú go bhfuil foghlaim agus teagasc na Gaeilge bunaithe ar thaighde agus go mbeidh sé chomh héifeachtach agus is féidir.”

Bainfidh SEALBHÚ leas as saineolas agus as taithí thras-dáimhe na nDaonnachtaí, na nEolaíochtaí Sóisialta agus Institiúid Oideachais Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. Glacfaidh an fhoireann páirt i dtionscadail taighde comhoibríocha, idir náisiúnta agus idirnáisiúnta, a bheidh mar bhonn eolais do mhúineadh na Gaeilge ón réamhscolaíocht go dtí an ollscolaíocht agus ar líne.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil mar gheall ar SEALBHÚ ar www.dcu.ie/sealbhu

Sonraí Iomlána