Baile     

€340,000 ar fáil do scéalaithe óga Gaeilge agus do phrintísigh Ghaeltachta

July 13, 2020

Tá dhá scéim nua fógartha inniu ar mhaithe le tacú le haos óg phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge, scéim a thacóidh le scéalaithe óga na Gaeilge agus scéim a thacóidh le printísigh na Gaeltachta.

Seoladh an scéim ‘Glúin Nua’ ag Fleadh Scannán na Gaillimhe inniu agus é mar aidhm aici ábhar nua i nGaeilge a chruthú a bheidh dírithe ar dhaoine óga.

Comhpháirtíocht atá sa scéim seo idir TG4, Údarás Craolacháin na hÉireann, Ciste Craoltóireachta Gaeilge Scáileáin Thuaisceart Éireann agus Údarás na Gaeltachta agus tá tacaíocht ar fáil di chomh maith ó Ghréasán na Meán Skillnet.

Faoin tionscnamh seo, cuirfear ciste coimisiúnaithe €240,000 ar fáil chun stiúrthóirí, léiritheoirí agus scríbhneoirí nua a thabhairt chun cinn i dtionscal closamhairc na hÉireann.

Déanfaidh comhlachtaí léiriúcháin in Éirinn meantóireacht ar na daoine seo agus taispeánfar an t-ábhar a chruthaítear ar ardáin TG4 ar líne ar dtús.

Bunábhar Gaeilge nuálach agus é dírithe ar an aoisghrúpa 16-34 a bheidh á fhorbairt, a deirtear.

D’fhógair Údarás na Gaeltachta tacaíocht thart ar €100,000 freisin do Scéim Scoláireachta Printíseachta, scéim a thugann deis d’iarrthóirí Gaeltachta scil nó ceird nua a fhoghlaim nó athoiliúint a fháil agus cáilíocht phrintíseachta atá aitheanta ag an gComhairle Phrintíseachta a bhaint amach.

Tá réimse leathan 55 printíseacht dhifriúil in 12 earnáil éagsúil i gceist agus iad aitheanta ag SOLAS. Tabharfaidh an scéim seo deis do mhuintir na Gaeltachta tabhairt faoin oiliúint seo mar chuid den Scéim Scoláireachta atá á tairiscint ag Údarás na Gaeltachta. Is fiú breis is €2,000 an ceann na scoláireachtaí.

Clúdaíonn an scéim phrintíseachta na ceirdeanna traidisiúnta – pluiméireacht, siúinéireacht, meicneoireacht agus leictreoireacht – mar aon le réimse níos leithne i réimse na nuálaíochta – innealtóireacht, bithchógaisíocht, ríomhaireacht, cuntasaíocht agus a leithéidí.

Chuir Aire Stáit na Gaeltachta, na Gaeilge agus an Spóirt Dara Calleary fáilte roimh fhógairt na scéime.

“Is scéim fhíorthairbheach í seo do phobal na Gaeltachta go háirithe san am i láthair agus iad faoi bhrú ag an bpaindéim COVID-19,” arsa an tAire Stáit. “Tá deis anseo ag suas le 50 iarrthóir tabhairt faoi dhúshlán nua agus cur leis na scileanna atá acu cheana féin.”

Is féidir iarratas a dhéanamh ar an Scéim Scoláireachtaí Printíseachta Údarás na Gaeltachta 2020 go dtí an 17 Lúnasa 2020.

Tuairisc.ie

Sonraí Iomlána