Baile     

Clár iarchéime saincheaptha ar líne do mhúinteoirí ábhair iarbhunscoile fógraithe ag gCMgS

November 10, 2020


Tá ríméad ar Choláiste Mhuire gan Smál (CMgS) a fhógairt go gcuirfear sainchlár iarchéime nua ar fáil ar líne do mhúinteoiri ábhair iarbhunscoile. Sa chlár iarchéime seo, (An Teastas Iarchéime i dTeagasc Ábharbhunaithe san Iarbhunscoil Lán-Ghaeilge agus Ghaeltachta (TTA)), déanfar freastal ar na sainriachtanais forbartha gairmiúla mar aon leis na hinniúlachtaí teanga riachtanacha chun ábhar a mhúineadh trí mheán na Gaeilge i nGaelcholáistí, in Aonaid Lán-Ghaeilge agus in iarbunnscoileanna Gaeltachta. Cuirfear tús leis an gclár iarchéime seo, atá ag Leibhéal 9, i Mí Eanáir 2021.

Tá an TTA curtha ar fáil ag Coláiste Mhuire gan Smál i gcomhpháirt le Bord Oideachais agus Oiliúna Éireann agus leis Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG).

Dúirt an tOllamh Eugene Wall, Uachtarán Choláiste Mhuire gan Smál, “Tá lúcháir orainn i gColáiste Mhuire gan Smál a bheith ar thús cadhnaíochta maidir leis an nuálaíocht san fhorbairt ghairmiúil leanúnach san earnáil seo atá ag forbairt de shíor. Táimid ag súil go mór le bheith ag comhoibriú le Bord Oideachais agus Oiliúna Éireann agus leis an gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta san obair úrnua seo, agus leis na páirtithe leasmhara go léir chun clár iarchéime ar ardchaighdeán a chur ar fáil don earnáil.”

Tá an TTA curtha ar fáil mar réiteach ar an easpa tionscnamh saincheaptha forbartha gairmiúla le dul i ngleic leis na riachtanais shonracha ó thaobh teanga agus oideolaíochta de atá ag múinteoirí ábhair a dhéanann an teagasc trí Ghaeilge. Leiríonn fianaise go gcuireann easpa tionscnamh saincheaptha forbartha gairmiúla leis an bhfás atá ag teacht ar an laghdú múinteoirí ábhair ó Ghaelcholáistí, ó hAonaid Lán-Ghaeilge agus ó hiarbhunscoileanna Gaeltachta.

Chuir an Dr T.J. Ó Ceallaigh, Coláiste Mhuire gan Smál, in iúl go bhfuil sainriachtanais ar leith ag múinteoirí ábhair a dhéanann an teagasc trí mheán na Gaeilge. Dúirt sé “Ní mór do mhúinteoirí ábhair sa chomhthéacs tumoideachais an t‑ábhar a theagasc agus, ag an am céanna, aird a thabhairt ar riachtanais foghlama teanga na ndaltaí agus iad ag tabhairt faoi ábhar acadúil a fhoghlaim trí mheán teanga nua, trí mhionteanga nó trí theanga bhreise.

Sa chlár iarchéime seo, an TTA, bainfear leas as straitéisí seachadta ar líne (straitéisí aisioncronacha agus sioncronacha) chun tacú le forbairt teanga agus le cleachtas oideolaíochta an mhúinteora ábhair ar bhealach atá comhtháite agus bríoch. Mar thoradh ar an struchtúr cumasaithe tacúil sin, beidh sé níos éasca ar rannpháirtithe léargais agus rudaí nua a chomhroinnt agus páirt a ghlacadh sa mhachnamh comhoibríoch agus sa phleanáil straitéiseach chun cultúr éifeachtach foghlama agus pobal cleachtais a chothú ar líne.”

Dúirt Paddy Lavelle, Ard Rúnaí, Boird Oideachais agus Oiliúna Éireann, “Tá an-áthas ar Bhoird Oideachais & Oiliúna Éireann teacht i gcomhpháirt le Coláiste Mhuire Gan Smál, Luimneach agus le COGG ar fhorbairt an chláir, Teastas Iarchéime i dTeagasc Ábharbhunaithe (TTA). Tá BOOÉ lántiomanta do thacaíocht a thabhairt do Bhoird Oideachais agus Oiliúna barr feabhais a sholáthar san oideachas trí mheán na Gaeilge ar fud na tíre.

Ag eascairt as taighde fairsing, d’aithin BOOÉ an deis tacú le múinteoirí i scoileanna Gaeltachta, Gaelcholáístí agus Aonaid lán-Ghaeilge de chuid na mBord Oideachais agus Oiliúna tríd an gclár nuálaíoch agus idirghníomhach seo a fhorbairt. Cuirfidh sé ar chumas múinteoirí a gcuid scileanna agus cleachtas féin a fheabhsú a chabhródh le teagasc agus foghlaim éifeachtach i suíomh lán-Ghaeilge.”

Ag fáiltiú roimh an gclár iarchéime nua, dúirt Príomhfheidhmeannach COGG, Muireann Ní Mhóráin, go dtabharfar aghaidh go straitéiseach leis an TTA ar bhearna aitheanta i bhforbairt ghairmiúil múinteoirí ábhair iar-bhunscoile a líonadh. Dúirt sí “Deis iontach a bheidh ann do mhúinteoirí na sainchleachtais oideolaíochta do theagasc trí mheán na Gaeilge a shaibhriú sa Ghaeltacht agus ar fud na tíre, chomh maith le díriú isteach ar shainteanga na n-ábhar atá á dteagasc acu.”

Tá tuilleadh eolais faoin gclár nua seo, An Teastas Iarchéime i dTeagasc Ábharbhunaithe (TTA) san Iarbhunscoil Lán-Ghaeilge agus Ghaeltachta, ar fáil anseo. Glacfar le h-iarrataisí ón lá inniu suas go dtí 30 Samhain 2020.

Sonraí Iomlána