Deis ar iasacht shealadach le haghaidh an phoist mar Ard-Rúnaí na Scoileanna Eorpacha, an Bhruiséil July 13, 2026 Folamh amhail an 1 Meán Fómhair 2027 Beidh an post mar Ard-Rúnaí na Scoileanna Eorpacha, an Bhruiséil, folamh amhail an 1 Meán Fómhair 2027. Baineann an fógra ginearálta seo leis an gcéad chéim, ar an leibhéal náisiúnta, de phróiseas roghnúcháin dhá chéim. Conas iarratas a dhéanamh Is ar fáil san Fhógra Ginearálta agus sa Nóta Faisnéise thíos atá mionsonraí faoi conas iarratas a dhéanamh ar an gcéim náisiúnta den phróiseas roghnúcháin dhá chéim don phost mar Ard-Rúnaí na Scoileanna Eorpacha, an Bhruiséil (folamh amhail an 1 Meán Fómhair 2027): Fógra Ginearálta don phost mar Ard-Rúnaí na Scoileanna Eorpacha, an Bhruiséil Nóta Faisnéise maidir leis an bpost mar Ard-Rúnaí na Scoileanna Eorpacha, an Bhruiséil Tá tuilleadh eolais maidir leis an bpost mar Ard-Rúnaí na Scoileanna Eorpacha ar fáil thíos: 2010-D-362-en-18: Profile, duties, rules for appointment and service regulations of the Secretary-General and the Deputy Secretary-General An dáta deiridh ar a nglacfar le hiarratais Ní mór comhaid iarratais chomhlánaithe, lena n-áirítear na doiciméid riachtanacha go léir don chéim náisiúnta den phróiseas roghnúcháin le haghaidh an phoist mar Ard-Rúnaí na Scoileanna Eorpacha, a chur isteach i bhformáid leictreonach chuig [email protected] faoi 17.00 Dé Luain an 10 Lúnasa 2026 Ní mór d’iarratasóirí a chinntiú go bhfuil a n-iarratas i bhformáid aon doiciméid PDF amháin agus go bhfuil an méid seo a leanas ann: • Curriculum Vitae ‘Europass’ • ráiteas oiriúnachta don phost (uasmhéid 500 focal) • cóipeanna de dhioplómaí, de theastais agus d’fhianaise eile ar cháilíochtaí foirmiúla Ní ghlacfar le hiarratais déanacha faoi imthosca ar bith. Is ar an iarrthóir atá an fhreagracht a chinntiú go bhfaightear an t-iarratas faoin spriocdháta. Ba chóir d’iarrthóirí nach bhfuair admháil ar a n-iarratas laistigh de chúig lá oibre ón dáta deiridh don chomórtas seo teagmháil a dhéanamh le [email protected] Sonraí Iomlána
Deis ar iasacht shealadach le haghaidh an phoist mar Ard-Rúnaí na Scoileanna Eorpacha, an BhruiséilJuly 13, 2026