Comórtas Ardoifigeach Feidhmiúcháin (Líofacht sa Ghaeilge) sa Státseirbhís 2026 August 26, 2026 An dáta dúnta don fholúntas seo ná 17/09/2026 15:00 Achoimre ar an bpost Tá daoine a bhfuil na cáilíochtaí agus an díograis chuí acu chun glacadh le ról an Ardoifigigh Feidhmiúcháin (AOF) atá Líofa sa Ghaeilge á lorg ag an Státseirbhís anois. Thabharfadh an ról deis iontach do dhaoine cumasacha, díograiseacha, ar mhaith leo dul i ngleic le dúshláin nua, obair fhiúntach a dhéanamh agus difríocht a dhéanamh ar mhaithe le leas Stát agus mhuintir na hÉireann. Meánbhainisteoirí a bhfuil taithí acu is ea AOFanna agus tá ról lárnach acu maidir le foirne a threorú, soláthar a bhainistiú agus tacú le tosaíochtaí roinne agus trasrialtais agus bíonn siad in ann tabhairt faoi na dualgais ar fad a thugtar dóibh trí mheán na Gaeilge. Agus iad ag obair faoi Phríomhoifigeach Cúnta, tá ról tábhachtach ag AOFanna maidir le polasaithe agus straitéis a chur i bhfeidhm agus maidir le seirbhís den chéad scoth a chur ar fáil don Stát agus do mhuintir na hÉireann. Tá folúntais i nDún na nGall, i mBaile Átha Cliath agus i nGaillimh faoi láthair. Beidh na nithe seo a leanas ag na hiarrthóirí a cheapfar: Ardleibhéal líofachta sa Ghaeilge, ag leibhéal B2, ar a laghad. Taithí ábhartha trí bliana, ar a laghad, ar bhainistíocht. Tá na bunriachtanais eile leagtha amach sa Leabhrán Eolais faoin Ról. Ní mór d’iarrthóirí tabhairt faoi gach céim den phróiseas iarratais agus roghnúcháin trí mheán na Gaeilge. Ní dhéanfar iarrthóirí nach ndéanann amhlaidh a mheas. Cur síos poist Beidh ar iarrthóirí a n-éiríonn leo ag leibhéal an AOF tabhairt faoi chineálacha éagsúla freagrachtaí agus tascanna in eagraíochtaí Státseirbhíse éagsúla. Féach ar an Leabhrán Eolais faoin Ról chun na sonraí uilig faoin ról a fháil, lena n-áirítear critéir cháilitheachta ar leith Eolas faoin eagraíocht Eagraíocht mhór chasta is ea é Státseirbhís na hÉireann a fhostaíonn os cionn 50,000 duine i dtimpeall 40 Roinn agus oifig Rialtais agus comhlachtaí éagsúla eile. Cuireann an Státseirbhís go mór le saol mhuintir na hÉireann gach lá. Sonraí an Phróisis Roghnúcháin Tá roinnt folúntas i nDún na nGall, i mBaile Átha Cliath agus i nGaillimh faoi láthair. Seans go líonfar folúntais bhreise le linn thréimhse an phainéil in áiteanna eile seachas na háiteanna thuas nó in áiteanna ina bhfuil gá le AOFanna atá Líofa sa Ghaeilge. Déan Iarratas anseo. Sonraí Iomlána
Deis ar iasacht shealadach le haghaidh an phoist mar Ard-Rúnaí na Scoileanna Eorpacha, an BhruiséilJuly 13, 2026