Baile     

Céim nua - Baitsiléir san Oideachas Trí Mheán na Gaeilge (Bunmhúinteoireacht)

January 16, 2019

Cóid CAO: CM003/CM004 

Fad an Chúrsa: 4 bliana lánaimseartha

Leibhéal Gradaim: 8 de réir an Chreata Náisiúnta Cáilíochtaí

Is pobal teagaisc, foghlama agus taighde é Institiúid Oideachais Marino. Táimid ag plé le hoideachas le fada an lá, ag dul siar céad bliain.  Táimid suite ar Ascaill Uí Ghríofa i mBaile Átha Cliath. Beidh an chéim nua an Baitsiléir san Oideachas Trí Mheán na Gaeilge, Bunmhúinteoireacht (Cód CAO: CM003/CM004) ag tosú in Institiúid Oideachais Marino i Meán Fómhair, 2019. Beidh an chéim seo oiriúnach do scoláirí a bhfuil spéis acu múineadh trí mheán na Gaeilge i scoileanna Gaeltachta nó i scoileanna Lán-Ghaeilge. Seo é an chéad uair riamh i stair an Stáit, fochéim Baitsiléir san Oideachas don bhunmhúinteoireacht a bheith ar fáil go hiomlán trí mheán na Gaeilge.

Gnéithe eile den chúrsa:
  • Árasáin ar an gCampas (sa Bhloc Gaeilge)
  • Sparánachtaí €1000 ar fáil do mhic léinn na chéad bliana
  • Socrúchán Scoile sa Ghaeltacht
  • Cuirfear béim ar an gCultúr Gaelach (Cluichí, Ceol, Damhsa, Amhránaíocht, Litríocht)
  • Deiseanna Fostaíochta i scoileanna Gaeltachta agus Lán-Ghaeilge
  • Gnáthriachtanais iontrála ach H3 sa Ghaeilge
  • Cáilíocht TEG Leibhéal B1 (Pas 50%) nó níos airde riachtanach.
  • *Scrúduithe TEG ar an Satharn, 11ú Bealtaine, 2019 freisin. Is é an 29ú lá de Mhí an Mhárta an spriocdháta d’iarratais. In ionad úsáid a bhaint as an nasc www.teg.ie/oid do Scrúduithe TEG 11ú Bealtaine, úsáid an nasc  https://secure.teg.ie/foirm/iarratas.htm chun clárú. 

Maidir le pointí CAO don Bhaitsiléir san Oideachas Trí Mheán na Gaeilge amháin, beidh 40 pointe sa bhreis ag dul do gach scoláire a fhaigheann Pas (50% nó níos airde) i Scrúdúithe Mheánleibhéal 1(B1) TEG. Ní bheidh níos mó ná 40 pointe ag dul d’aon scoláire a fhaigheann marc níos airde ná 50% ná grád TEG níos airde ná Leibhéal B1.

Is é an rud is fearr gur féidir linn a chinntiú  anseo in Institiúid Oideachais Marino ná go bhfaighidh  tú an tacaíocht chun do chumas a bhaint amach. Tapaígí an deis, a chairde! Bígí linn!

Tar chuig Institiúid Oideachais Marino!

Tuilleadh eolais ar fáil ó shuíomh IOM anseo: www.mie.ie agus www.mie.ie/oid

      Lean muid ar Instagram @institiuidoideachaismarino

      Lean muid ar Twitter: @MarinoInstitute agus @Oidtri

Eolas Ginearálta

  • Cóid CAO: CM003/CM004
  • Fad an Chúrsa: 4 bliana lánaimseartha
  • Leibhéal Gradaim: 8 de réir an Chreata Náisiúnta Cáilíochtaí
  • An Córas Eorpach Aistrithe Creidiúna (ECTS): 240 creidmheas
  • Foras cáiliúcháin: Coláiste na Tríonóide, Ollscoil Bhaile Átha Cliath 
  • Íosriachtanais Iontrála don Bhaitsiléir san Oideachas Trí Mheán na Gaeilge 2019/2020:
  • Ardteistiméireacht
  • Líon na n-ábhar Ardteistiméireachta: 6
  • Íosmhéid ábhair ardleibhéil: 3 (H5 ar a laghad ach féach íosriachtanais ar leith thíos don Ghaeilge, don Bhéarla agus don Mhatamaitic)

Íosghráid ar Leith:  

  • Gaeilge: H3 (agus TEG*: B1)
  • Béarla: H7 / O4         
  • Matamaitic: H7 / O4
  • *TEG (Teastas Eorpach na Gaeilge) Leibhéal B1 (pas 50%) le bheith ag gach mac léinn. Beidh na scrúduithe TEG ar siúl ar an Satharn, 23 Feabhra, 2019. Íocfaidh Institiúid Oideachais Marino an táille TEG ar ais do scoláirí rathúla sna scrúduithe TEG a chláraíonn ar an mBaitsiléir san Oideachas Trí Mheán na Gaeilge in Institiúid Oideachais Marino. Chun níos mó eolais a fháil faoi sin féach www.teg.ie/oid

Caithfidh iarratasóirí lánfhásta iarratais a bheith istigh acu tríd an Lár-Oifig Iontrála (CAO) faoi 5.15 i.n. ar 1 Feabhra. Caithfidh mac léinn aibí a bheith 23 bliain d’aois nó os a chionn ar 1 Eanáir na bliana ina bhfuil an mac léinn ag iarraidh an cúrsa a thosú. I lár Mhí an Mhárta, cuirfear ríomhphost chuig iarratasóirí lánfhásta ag insint dóibh an sásaíonn siad na riachtanais iontrála nó nach sásaíonn.

Aon iarratasóir a shásaíonn na riachtanais iontrála agus atá ag iarraidh go ndéanfar measúnú ar a (h)iarratas mar iarratasóir lánfhásta, iarrfar air/uirthi “Foirm Iarratais Fhorlíontach ar Mhúinteoireacht Bhunscoile (Baitsiléir san Oideachas Trí Mheán na Gaeilge) do Mhic Léinn Lánfhásta (d’Institiúid Oideachais Marino)” a chomhlánú agus a chur ar ais díreach chuig: An tOifigeach Iontrálacha, Institiúid Oideachais Marino, Ascaill Uí Ghríofa, Baile Átha Cliath 9.

Is é an spriocdháta le foirmeacha iarratas a bheith ar ais ná an Aoine, 5 Aibreán. Má tá aon cheisteanna agat faoi iontráil do mhic léinn aibí, cuir ríomhphost chuig iontrá[email protected] nó chuig [email protected].

Sonraí Iomlána