Baile     

Sraith Acmhainní um Fholláine agus um Threoir don tSraith Shóisearach arna soláthar ag Saoloibre.ie i gcomhar leis an Lárionad Náisiúnta um Threoir san Oideachas

December 8, 2020


Tá sraith nua nuálach d’acmhainní teagaisc agus foghlama um Fholláine agus um Threoir don tStraith Shóisearach forbartha ag NGCE i gcomhar le Saoloibre.ie. Is féidir na hacmhainní seo atá ‘réidh le húsáid’ a ionchorprú sa chlár scoile um Fholláine agus i Réimsí eile Foghlama, de réir mar is cuí agus is cinnte go mbeidh siad ina n-acmhainní den chéad scoth do mhúinteoirí a bhíonn i mbun cúrsaí Folláine a theagasc agus do Threoirchomhairleoirí.

Tá fáil ar na hacmhainní i mBéarla agus i nGaeilge. Is féidir breathnú ar an leagan Gaeilge agus an t-ábhar ar fad a bhaineann le gairmeacha beatha ata ar rannóg acmhainní SaolOibre, a forbríú i bpáirt le An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta & Gaelscolaíochta (COGG) - https://saoloibre.ie/resources/index.php

Is le haghaidh mac léinn sa chéad, sa dara agus sa tríú bliain iad na haonaid Foghlama. Cuimsítear sé thopaic i ngach aonad maille le Plean Ceachta, Cur i Láthair, Bileog Oibre an Mhic Léinn agus Bileog Freagraí an Mhúinteora. Dírítear sna topaicí orthu seo- 

  • Mé Féin a Fhorbairt
  • Mo Chuid Foghlama a Fhorbairt
  • Mo Chonair Ghairme a Fhorbairt

An Fhoghlaim Gaolmhar Leis An Treoir


Áirítear ar na topaicí uileghabhálacha: An Scoilbhliain agam féin,, Na Tacaíochtaí, Acaíochtaí atá agamsa, Spriocanna a legann síos dom féin,,Mo Luachanna, Mo Scileanna agus Mo Chonairí féin.

An aidhm atá leis na hacmhainní ná cuidiú le mic linn i mblianta 1-3 a bhfeasacht ar chúrsaí gairme a fhorbairt agus scileanna féinéifeachtúlachta a chothú ó thús a n-aistir san oideachas dara leibhéal. Tá Comhad Gairme SAOR IN AISCEnuashonraithe forbartha anois do mhic léinn na Sraithe Sóisearaí agus ar fáil ar shuíomh gréasáin Saoloibre.ie. Féadfaidh na mic léinn na bileoga oibre a líonadh ar líne agus iad a shábháil ina gComhad Gairme féin. Ansin is féidir leo cur leis an gcomhad sin le linn a dtréimhse trí bliana mar phunann a bheith acu ag deireadh na Sraith Sóisearaí. Beidh an phunann sin ina bunchloch dá gComhad Gairme sa tSraith Shinsearach nó ina bPunann Gairme REACH+.

Tá na comhaid ghairme seo go hiomlán comhoiriúnach le haon ghléas leictreonach agus áirítear orthu acmhainní agus uirlisí breise éagsúla amhail. Rogha Gairme, Scileanna Gairme, Próifíleoir Spéise Gairme, Aimsitheoir Cúrsa, Printíseachtaí, Gairmeacha etc,.                                      

Nóta eolais: Ní mór Adobe Acrobat Reader a shuiteáil ar an táibléad/ríomhaire glúine/gléas deisce chun gur féidir na comhaid a chur in eagar agus a shábháil.

Más mian le mic léinn Comhad Gairme a chruthú nó clárú leis an suíomh, is féidir rochtain a fháil ar gach bileog oibre saor in aisce ar an suíomh gréasáin anseo.

Mar eolas - do Threoirchomhairleoirí agus do Ghairmithe Teagaisc:

Tiomsaíodh na hacmhainní go léir a bhaineann le Cúrsaí Treorach don tSraith Shóisearach le haghaidh Treoirchomhairleoirí agus Múinteoirí ar leathanach ar leith ar an suíomh. Áirítear ina measc Bileoga Oibre an Mhic Léinn, Pleananna Ceachta an Mhúinteora agus Cuir i Láthair Ranga. Is féidir iad go léir a íoslódáil agus a shábháil ar do ghléas leictreonach más mian leat. Ós rud é go bhfuil rochtain éasca ar na hacmhainní beidh siad fíórúsáideach don chianoideachas cumaisc ar líne i gcás ina ndúntar scoileanna nó i gcás ina mbeidh mic léinn as láthair i bhfianaise na n-imeachtaí dúshlánacha atá ag titim amach faoi láthair.

Sonraí Iomlána