Baile     

Ar mhaith leat a bheith i do mhúinteoir Gaeilge? - UCC (BEdGaeilge)

April 30, 2021


Ar mhaith leat a bheith i do mhúinteoir Gaeilge, agus cáiliú mar mhúinteoir meánscoile le fochéim ceithre bliana?

Céim acadúil d’ardchaighdéan de chuid UCC is ea CK124 (BEdGaeilge). Céim chomhthráthach ceithre bliana san oideachas is ea í. Déantar staidéar ar an nGaeilge agus ar ábhar amháin eile acu seo: Fraincis, Spáinnis, Gearmáinis, Iodáilis nó Mata. Bronntar B. Ed Gaeilge ar na céimithe.

Céim spreagúil a chothaíonn taithí foghlama agus teangan, agus a chuireann deiseanna teagaisc agus taighde ar fáil. Déanfaidh tú staidéar ar réimse modúl agus modheolaíochtaí agus ar ghnéithe teoiriciúla, oideolaíochta agus gairmiúla den oideachas le linn na céime. Tabharfar deiseanna rannpháirtíochta sóisialta agus cultúrtha duit, i suímh Ghaeltachta agus idirnáisiúnta, a chabhróidh leat barr feabhais a bhaint amach i do chuid foghlama agus taighde mar ábhar múinteora.

Éilítear H3 i nGaeilge san Ardteist chun teacht isteach sa chéim seo, agus baineann na riachtanais seo leis an dara ábhar: Fraincis (H3), Gearmáinis (H3, nó H4 i dteanga eile más tosnaitheoir tú), Spáinnis & Iodáilis (H4, nó H4 i dteanga eile más tosnaitheoir tú), Mata (H4).

Teagmháil: Dr Alicia Curtin ([email protected]); is féidir fiosruithe Gaeilge a chur go dtí an Dr Máire Ní Íceadha ([email protected])

Sonraí Iomlána