Baile     

Díolacháin, Miondíol & Ceannachán

Bíonn díolacháin ag croílár gach gnó. Bíonn gach gnó i mbun táirge nó seirbhís a dhíol. Tugtar miondíol ar an gcuid den slabhra táirgthe a áiríonn déantús, soláthar, dáileadh agus tomhaltas.

Is é an miondíol an chuid de chúrsaí gnó atá dírithe ar dhaoine (tomhaltóirí) trí mheán éadain siopaí agus fuinneoga siopaí ilrannacha. Áiríonn sé raon leathan earraí, idir Earraí Tomhaltóirí Mear-Dhíolta (FMCG) i.e. earraí a dhíoltar go gasta ar chostas cuíosach íseal (e.g. earraí a úsáidtear gan iad a choimeád rófhada, mar shampla deochanna boga, earraí maisíochta, agus earraí grósaeireachta), éadaí, bróga, troscán, urláir agus earraí leictreacha, crua-earraí, bronntanais, seodra agus gluaisteáin.

Bíonn roinnt gnóthaí ag díol earraí le gnóthaí eile. D’fhéadfaidís a bheith ag soláthar comhpháirteanna dóibh d’earra ar leith atá in úsáid ag an gcuideachta eile sa déantúsaíocht. D’fhéadfadh seirbhís a bheith ar díol, mar shampla saineolas margaíochta nó fógraíochta, seirbhísí oiliúna nó seirbhísí cúltaca ríomhaireachta. 

Cé gur ardaigh an líon cuideachtaí idirnáisiúnta miondíola atá lonnaithe in Éirinn le deich mbliana anuas, tá earnáil mhiondíola na hÉireann déanta suas den chuid is mó de chuideachtaí beaga, dúchasacha. Tá tuairim is 44,000 fiontar gníomhach, mórdhíola agus miondíola ann faoi láthair agus is fiú €23 billiún a ndíolacháin. Déanann díolacháin na hearnála miondíola suas 10% de OTI (olltáirgeacht intíre) na hÉireann.

Gineann an earnáil mhiondíola breis is €5 bhilliún i gcánacha agus íocann an earnáil sin €8 mbilliún amach i dtuarastail. Tá an earnáil seo ar an bhfostóir is mó in Éirinn, le breis is 275,000 duine ag obair ann, agus déanann na hoibrithe sin suas beagnach 15% den fhórsa iomlán oibre. Tá 90% de ghnóthaí miondíola na tíre faoi úinéireacht Éireannach, agus tá 77% faoi úinéireacht teaghlaigh.

Tá tuairim is an méid sin a bhfuil láimhdeachas bliantúil de níos lú ná €1 mhilliún acu, agus i gcás roinnt mhaith díobh tá níos lú ná 10 bhfostaí acu – tá 75% de gach post miondíola lonnaithe lasmuigh de Bhaile Átha Cliath. (Foinse: IBEC/Retail Ireland, 'Strategy for Retail 2014-2016', Nollaig 2013)

Sa lá atá inniu ann, baineann an earnáil díolacháin, miondíola agus ceannacháin an-úsáid go deo as teicneolaíocht. Baintear leas suntasach as teicneolaíochtaí faisnéise, cumarsáide agus teicneolaíochtaí eile chun optamú a dhéanamh ar ghluaiseacht earraí ó tháirgeoirí go tomhaltóirí. 

GAIRMEACHA SAN EARNÁIL MHIONDÍOLA
Tá deiseanna iomadúla éagsúla le fáil san earnáil mhiondíola – idir róil ag leibhéal iontrála, is ghairmeacha tacaíochta gnó. I measc na ngairmeacha i réimse na ndíolachán, tá oibrithe ag deasc airgid miondíola, oibrithe ag an tseiceáil amach i siopa, agus freastalaithe i gclós an gharáiste peitril. Bíonn daoine a oibríonn sna gairmeacha seo ag plé go díreach leis an bpobal. Mar sin, is iadsan a dhíolann na hearraí. 

Cúntóirí Díolacháin  
Déanann cúntóirí díolacháin suas breis is leath de na daoine atá fostaithe i ngairmeacha a bhaineann le díolacháin. Seo an ghairm ina bhfostaítear an líon is mó daoine sa tír le 118,000 duine fostaithe ann faoi láthair. De ghnáth is poist iad seo ag leibhéal na hiontrála, cé go mbíonn na daoine a dhéanann gairm bhuan dóibh féin san earnáil mhiondíola ag obair i bpoist ardleibhéil amhail seodra, fearais agus a leithéidí. Bíonn an-mheas ar an taithí díolacháin líne tosaigh agus déanann roinnt mhaith miondíoltóirí earraí a chur chun cinn trí úsáid a bhaint as taithí na foirne sin.

Braitheann an leibhéal scileanna de dhíth ar cad atá ag teastáil ón bhfostóir, ach tríd is tríd bíonn ar dhaoine a oibríonn san earnáil mhiondíola pearsantacht mhaith a bheith acu, chomh maith le foighne, scileanna maithe díolacháin agus saineolas ar a dtáirgí. Dul le Gairm i nDíolacháin De ghnáth is ar an láthair oibre a chuirtear oiliúint ar fáil do phost i gcúrsaí díolacháin.

Cuireann FÁS raon cúrsaí ar fáil ó Leibhéal 3 nó 4 suas go Leibhéal 6, chun daoine a oiliúint le bheith ina n-ionadaithe díolacháin agus díolacháin miondíola. I bhformhór na gcúrsaí staidéir gnó dírítear ar ghnéithe ar leith de dhíolacháin agus de mhargaíocht. Tá roinnt Coistí Gairmoideachais a chuireann cáilíochtaí ar fáil ag Leibhéal 5. Bíonn cúrsaí speisialtóireachta á reáchtáil ag Institiúidí Teicneolaíochta ar fud na tíre i ndíolacháin mhiondíola agus bainistíocht ó Leibhéal 6 aníos.

Bainistíocht Díolachán
Is minic a bhíonn poist i réimse na ndíolachán miondíola ina mbunús le gairm sa Bhainistíocht - e.g. Cúram Custaiméirí, Maoirseoir Siopa, Maoirseoir faoi Oiliúint, Bainisteoir faoi Oiliúint, Bainisteoir Siopa/Roinne, Bainisteoir Réigiúnach.

D’fhéadfadh an bainisteoir siopa miondíola nó an fhoireann bainistíochta a bheith freagrach as roinn i siopa ilrannach a bhainistiú nó as an siopa mór go léir a bhainistiú. Déanann bainisteoirí ar gach leibhéal maoirseacht ar chúrsaí gnó agus cuidíonn siad le cúntóirí díolacháin agus le fostaithe eile. I measc na bhfreagrachtaí eile a bheadh orthu, ag brath ar mhéid an tsiopa/na cuideachta, bheadh oscailt agus dúnadh an tsiopa, soláthar foirne, riarachán agus feidhmeanna airgeadais.

Dul le Gairm sa Bhainistiú Díolachán Is féidir ardú céime a fháil chun bheith i do bhainisteoir trí dhóthain taithí a fháil, nó is féidir áit a fháil ar chláir oiliúna bainisteoirí díreach tar éis céim tríú leibhéal a bhaint amach. I gcás roinnt mhaith clár oiliúna do chéimithe cuirtear an deis ar fáil obair ar ghnéithe éagsúla den ghnó sula mbeartóidh tú ar an ngairm is oiriúnaí duit. Cuireann roinnt coláistí ar fud na tíre cláir chreidiúnaithe oideachais agus oiliúna ar fáil chun daoine a oiliúint mar bhainisteoirí miondíola. Féach na roghchláir ar thaobh na láimhe deise den leathanach seo chun tuilleadh eolais a fháil faoi sin.

RÓIL TACAÍOCHTA SA GHNÓ MIONDÍOLA
Ionas go mbeadh rath ar ghnó miondíola is gá an táirge ceart a bheith agat, san áit cheart, ar an bpraghas ceart. Tá a lán feidhmeanna tacaíochta Gnó san earnáil mhiondíola a chuideodh leat é sin a bhaint amach, mar shampla réimsí cosúil le Ceannach, Bainistiú Slabhra Soláthair, Lóistíocht, Teicneolaíocht Faisnéise (TF), Acmhainní Daona (AD), Margaíocht, Miandóireacht Sonraí, Airgeadas agus Dlí.

Ceannach  
Cé go mbíonn gnóthaí ag brath ar earraí a dhíol, bíonn siad ag brath chomh maith céanna ar cheannacháin. Bíonn Bainisteoir Ceannaigh fostaithe ag cuideachta, gnó nó eagraíocht eile a bhfuil sé de fhreagracht air/uirthi earraí agus seirbhísí a cheannach – bíodh sin le haghaidh táirgthe, chun soláthairtí ginearálta a chur ar fáil d’oifigí agus do shaoráidí, mar threallamh, mar stoc miondíola nó le haghaidh conarthaí tógála.

I gcuideachtaí níos mó, is minic a dhéanann an Bainisteoir Ceannaigh maoirseacht ar fhoireann de ghníomhairí ceannaigh agus de cheannaitheoirí, ach i gcuideachtaí níos lú is minic a bhíonn an Bainisteoir Ceannaigh ag feidhmiú mar ghníomhaire ceannaigh nó mar cheannaitheoir.

Seo a leanas roinnt de na freagrachtaí a bheadh ar Bhainisteoir Ceannaigh:

  • Díoltóirí nó soláthraithe iontaofa a aimsiú chun earraí ardchaighdeáin ar phraghas maith a sholáthar
  • Idirbheartaíocht a dhéanamh maidir le praghsanna agus conarthaí
  • Athbhreithniú a dhéanamh ar shonraíochtaí teicniúla d’amhábhair, do chomhpháirteanna, do threallamh nó d’fhoirgnimh
  • Cinntí a dhéanamh maidir le cainníocht na seachadtaí agus faoi cathain a tharlóidh na seachadtaí (níos coitianta é seo a bheith ina fhreagracht i gcuideachta bheag)

Bainistiú Slabhra Soláthair
Tá sé ag éirí níos tábhachtaí sa mhiondíol agus sa mhórdhíol go ndéanfaí bainistiú éifeachtach ar shlabhraí soláthair. Tá cur chuige ann ar a dtugtar Freagairt Éifeachtúil ar an Tomhaltóir (ECR). Seo cur chuige chun feabhas a chur ar bhainistiú an tslabhra soláthair chun go gcuirfear earraí faoi bhráid an tomhaltóra ar bhealach an-éifeachtach, gan aon chur amú ama ná acmhainní.

Bíonn ECR ag brath go mór ar theicneolaíocht faisnéise agus cumarsáide, agus i roinnt mhaith cásanna, ar athdhearadh fisiceach an tslabhra soláthair. Dá bhrí sin, déanann déantóirí an chuid is mó d’earraí a sheachadadh sa lá atá inniu ann i méideanna móra chuig lárionaid dáileacháin. Roimhe seo, bhídís á seachadadh go díreach chuig na siopaí i méideanna níos lú.

Bíonn an bainisteoir slabhra soláthair i mbun gach gné den phróiseas gnó – pleanáil, ceannach, táirgeadh, iompar, stóráil, dáileadh, seirbhís do chustaiméirí, agus nithe eile nach iad. Bíonn an bainisteoir slabhra soláthair freagrach as a chinntiú go n-éiríonn go maith le gach céim den phróiseas, ionas go mbeidh an chuideachta in ann an brabús is mó agus is féidir a dhéanamh ó dhíol na dtáirgí.

Lóistíocht
Nascann lóistíocht an próiseas go léir a bhíonn i gceist chun táirge a chur ar fáil don tomhaltóir – ag tosú le hamhábhair a fháil, agus ag críochnú le táirgí deiridh a chur chuig an soláthraí. Aithnítear sa lá atá inniu ann go bhfuil bainistiú lóistíochta ar cheann de na gnéithe is tábhachtaí a dhéanann cuideachtaí éifeachtach agus iomaíoch.

De ghnáth bíonn bainisteoirí Lóistíochta agus Iompair freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar na nithe go léir a bhaineann le cúrsaí iompair. Mar shampla, bheidís i mbun bainistiú buiséid, bealaí taistil a eagrú agus a sceidealú, a chinntiú go bhfuiltear ag comhlíonadh aon cheanglais dhlíthiúil a bhaineann le feithiclí iompair agus a chinntiú go bhfuil tiománaithe ar an eolas faoina ndualgais. Tá Forléargas ar an Earnáil Iompair agus Lóistíochta i gcoitinne le fáil anseo.

Acmhainní Daonna (AD)
Bíonn earcaíocht, forbairt agus coinneáil foirne ina ngnéithe thar a bheith tábhachtach d’fheidhmiú aon ghnó. I bhformhór na n-eagraíochtaí móra fostaítear Bainisteoir Acmhainní Daonna nó Foireann Bainistíochta Acmhainní Daonna. Cuimsíonn an ról seo a lán réimsí bainteacha: earcaíocht agus oiliúint foirne; polasaithe agus gnáthaimh; forbairt gairme; pá agus sochair; caidreamh le fostaithe agus caidreamh tionsclaíoch; dlí fostaíochta agus reachtaíocht a chomhlíonadh; cúrsaí smachta agus gearáin; agus réimsí eile mar shampla iomarcaíocht.

Is gá don Bhainisteoir AD é nó í féin a choinneáil ar an eolas faoi aon athruithe sa dlí fostaíochta, agus faoi réimsí bainteacha polasaí, a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar an gcuideachta.

Dul le Gairm i réimse na nAcmhainní Daonna
De ghnáth bheadh gá le Céim, cé go nglactar le cineálacha éagsúla céimeanna, e.g. Staidéar Gnó, Riarachán Poiblí, Síceolaíocht, Dlí, Staidéir Shóisialta agus Eacnamaíocht. Glactar freisin le cáilíocht ón Institiúid Chairte um Fhorbairt Phearsanta (CIPD). Ar na poist ar an leibhéal iontrála tá riarachán AD. I roinnt eagraíochtaí, tosaíonn an fhoireann AD ag an mbun agus baineann siad amach ardú céime de réir a chéile bunaithe ar thaithí agus ar oiliúint a chuirtear orthu sa chuideachta.

Teicneolaíocht Faisnéise
Bhí ról lárnach ag an nuálaíocht theicneolaíoch san earnáil mhórdhíola agus mhiondíola i réimsí amhail feabhsuithe táirgeachta, cinntí éifeachtacha margaíochta a dhéanamh, rialú stoic, soláthar foirne a mheaitseáil leis an ualach oibre, cinntí maidir le cá gcuirfear táirgí agus conas spás a úsáid go héifeachtach, modhanna íocaíochta custaiméara etc.

Bíonn ról tábhachtach ag an roinn TF in aonaid nua-aimseartha miondíola. Gné spreagúil, dhúshlánach san earnáil mhiondíola sa lá atá inniu ann ná líonraí a choinneáil gníomhach nó córais nua a chur i bhfeidhm don ghnó iomlán. Is iomaí gairm theicneolaíochta a bhaineann le cúrsaí miondíola agus ceannaigh atá ann.

Mar shampla d’fhéadfaí a bheith ag dearadh suíomhanna ríomhthráchtala chun na siopaí fisiceacha a chur chun cinn, nó d’fhéadfaí a bheith ag dearadh córais chasta ríomhaireachta, mar shampla na ríomhchláir a úsáidtear chun oiliúint a chur ar dhaoine nó pointí íocaíochta idirlín a dhearadh. Réimse fáis eile ná suíomhanna gréasáin a dhearadh do chuideachtaí a dhéanann a ngnó ar líne.

Dul le Gairm TF san earnáil mhiondíola
De  ghnáth bheadh gá le cáilíocht oiriúnach TF agus le meon/cur chuige gnó. Pointe tosaigh maith ná intéirneacht a dhéanamh chun roinnt taithí a fháil. Cuireann roinnt miondíoltóirí móra cláir earcaíochta ar fáil do chéimithe le haghaidh poist TF/Córais Faisnéise.

Margaíocht
Sna réimsí margaíocht, fógraíocht agus Caidrimh Phoiblí bíonn gá earraí agus seirbhísí na heagraíochta a chur chun cinn. Is é post an ghairmí margaíochta brandaí a chruthú, a bhainistiú agus a fheabhsú chun cur leis an líon díolachán. Bíonn trasnaíl ann idir margaíocht agus réimsí eile, mar shampla fógraíocht, pleanáil meáin agus straitéisí díolacháin.

Is réimsí tábhachtacha iad seo go léir sa mhiondíol. Roinnt samplaí de ghairmeacha sa réimse seo ná Feidhmeannach Margaíochta, Bainisteoir Margaíochta Táirge, Comhairleoir Margaíochta agus Taighdeoir Margaidh.

Dul le Gairm sa Mhargaíocht
Is féidir post Margaíochta nó sa Chaidreamh Poiblí a fháil sa chuideachta féin nó i ngníomhaireacht sheachtrach. Earnálacha thar a bheith iomaíoch iad an Mhargaíocht agus an Caidreamh Poiblí le blianta beaga anuas, agus mar sin tá sé níos tábhachtaí anois ná mar a bhíodh cáilíocht a bheith agat.

Ba bhuntáiste é dá mbeadh céim agat sa mhargaíocht, cumarsáid, bainistiú gnó, Caidreamh Poiblí nó córais faisnéise. Bheadh céim ghinearálta sa Bhéarla úsáideach freisin, agus bíonn suim ag miondíoltóirí idirnáisiúnta i ndaoine a bhfuil Teangacha eile acu. 

Marsantú
De ghnáth bíonn marsantóirí miondíola fostaithe ag déantóirí chun táirgí an déantóra sin a dhíol. Is é ról an mharsantóra obair leis an miondíoltóir chun an méid díolachán agus is féidir a bhaint amach. I gcuideachtaí níos mó, is féidir marsantóirí a bheith fostaithe sa chuideachta féin.

Oibríonn siad i gcomhar le Ceannaitheoirí, chun anailís a dhéanamh ar dhíolacháin stairiúla agus ar threochtaí díolachán, agus chun a réamh-mheas cad iad na riachtanais stoic agus díolachán a bheidh ann amach anseo. Is éard atá san amharcmharsantú ná táirgí a chur i láthair ionas go mbeidh daoine in ann iad a fheiceáil agus iad a cheannach dá bharr.

Sa ról seo cuirtear tacaíocht ar fáil do mhiondíoltóirí trí fheabhas a chur ar chuma an tsiopa, agus ar chuma na n-earraí nó na dtáirgí, ionas go mbeidh siad níos tarraingtí. De ghnáth bíonn amharcmharsantóirí fosaithe i siopaí níos mó, nó is féidir leo bheith ag obair ar conradh le siopaí níos lú.

An jab acu ná a chinntiú go bhfuil táirgí ar taispeáint ar an mbealach ceart, agus go mbaintear úsáid éifeachtach as taispeántais i siopaí chun daoine a mhealladh leis na hearraí a cheannach.

Dul le Gairm sa Mharsantú

I measc na mbealaí isteach sa ghairm seo d’fhéadfaí tosú ag obair leis an bpobal i siopa, nó d’fhéadfaí cáilíocht a bhaint amach i réimse éigin gnó agus clár oiliúna do chéimithe a dhéanamh.

Anailísiú Sonraí

Tugtar anailísíocht réamh-mheastach nó mianadóireacht sonraí ar anailísiú sonraí. Uirlis í a mbaintear úsáid aisti go forleathan san earnáil mhiondíola nua-aimseartha. Ionas go mbeadh miondíoltóirí iomaíoch, is gá dóibh tuiscint a bheith acu ar cad a dhéanann tomhaltóirí, agus a bheith in ann iompar na dtomhaltóirí amach anseo a réamh-mheas.

Más féidir an réamh-mheas sin a dhéanamh go beacht féadtar custaiméirí a choinneáil, feabhas a chur ar líon na ndíolachán, agus caidreamh maith a choimeád leis na custaiméirí. Baineann miondíoltóirí móra úsáid as anailís réamh-mheastach trí mhianadóireacht sonraí a dhéanamh, agus léargas a fháil ar fud na heagraíochta agus cinntí eolasacha a dhéanamh maidir le todhchaí an ghnó, bunaithe ar an eolas agus an anailís sin.  

Airgeadas

Bíonn ról tacaíochta tábhachtach ag an bhfeidhm airgeadais i ngnó an mhiondíoltóra. Seo dhá phríomhréimse den ról sin:

  • Faisnéis airgeadais a chur faoi bhráid na bainistíochta sa ghnó agus faoi bhráid forais sheachtracha rialála – Seo an fheidhm airgeadais lárnach
  • Anailís a dhéanamh ar na figiúirí a chuireann na foirne lárnacha airgeadais ar fáil chun feidhmiú an ghnó a mheas agus chun moltaí straitéiseacha a dhéanamh – Seo an taobh airgeadais tráchtála den ghnó.

Go hiondúil bionn foirne éagsúla airgeadais ag gnó chun tacú le réimsí ar leith sa ghnó, mar shampla monatóireacht a dhéanamh ar conas atá ag éirí le díolacháin, anailís a dhéanamh ar conas a d’éirigh le proimóisin i measc custaiméirí agus féachaint ar an méid airgid a d’imigh tríd an ngnó.

Príomhghnéithe den obair seo ná cuntais dheireadh na bliana a chur ar fáil, mar go mbíonn ar ranna airgeadais cloí le dualgais rialála agus buiséid.

Dul le Gairm Airgeadais san Earnáil Mhiondíola

De ghnáth bheadh céim sa ghnó, san airgeadas nó sa mhatamaitic ag daoine a thosódh ag obair sa réimse seo. D’fhéadfaí tosú amach ag obair sa réimse seo gan chéim, go háirithe dá mbeadh cumas anailíse den scoth agat agus dá mbeifeá ar do shuaimhneas ag plé le huimhreacha.

Cuireann roinnt miondíoltóirí móra deiseanna ar fáil trí chláir oiliúna céimithe a sholáthar agus an deis a thabhairt d’fhostaithe obair i dtreo cáilíocht ghairmiúil a bhaint amach thar roinnt blianta e.g. CIMA (Chartered Institute of Management Accountants).

Dlí  

Bíonn seirbhísí dlíthiúla ag teastáil ó mhiondíoltóir i réimsí an dlí a bhaineann le rialáil; géilliúlacht; iomaíocht; maoin agus tíolacadh; fostaíocht; sláinte agus sábháilteacht; trádáil ar an ngréasán agus cosaint sonraí. Bíonn gá ag miondíoltóirí a bhíonn i mbun gnó i dtíortha éagsúla le heolas faoi dhlí na dtíortha sin, nó comhairle maidir le gnó a leathnú amach go hidirnáisiúnta, i réimsí amhail éadáil  lámhaltais, saincheadúnais etc. 

De ghnáth bíonn ranna dlí ag miondíoltóirí móra, nó fostaíonn siad speisialtóirí dlí go díreach sa ghnó. I gcás cuideachtaí níos lú bíonn orthu íoc as saineolas dlí. Ar na bealaí isteach sa ghairm seo tá Céim a dhéanamh sa Dlí, nó Céim sa Ghnó nó speisialtóireacht céime i réimse a bheadh tábhachtach san earnáil, e.g géilliúlacht.

MIONDÍOL IN ÁITEANNA SEACHAS SIOPAÍ

Ní gá go mbainfeadh miondíol le siopaí amháin. Bíonn díolacháin ag tarlú ar an iliomad bealaí le blianta beaga anuas mar shampla sna réimsí seo: teilidhíol, postdíol, díolacháin ar líne agus ríomhthráchtáil.

Teilidhíol – seo modh díolacháin ina mbíonn an díoltóir i dteagmháil dhíreach le custaiméirí chun táirgí nó seirbhísí a dhíol leo, bíodh sin ar an teileafón nó trí bhualadh leo go pearsanta. Féadtar tabhairt faoin teilidhíol ó oifig na cuideachta, ó lárionad glaonna, nó ón mbaile. Ionas go mbeadh rath ar an bpróiseas teilidhíola de ghnáth bheadh gá le cúpla glao gutháin.

Sa chéad ghlao (nó sraith glaonna) bheadh gá a fháil amach cad iad riachtanais an chustaiméara. Sa dara glao (nó sraith de ghlaonna) bheadh gá an custaiméir a spreagadh le táirge a cheannach. Bíonn ar an bhfoireann teilidhíola logáil a dhéanamh ar na sonraí go léir ón nglao mar thagairt agus iad ag plé leis an gcliant arís ina dhiaidh sin. 

Tá roinnt bealaí éagsúla isteach sa ghairm seo. De ghnáth, cuireann an chuideachta oiliúint chuimsitheach ar an láthair ar fáil maidir leis an táirge atá le díol, conas earraí a dhíol ar an teileafón agus conas bheith ag plé le custaiméirí. Tá cúrsaí éagsúla ar fáil ar fud na tíre i réimsí an díolacháin agus na margaíochta, ó Leibhéal 5 aníos. Sa mhéid go bhfuil an margadh fostaíochta an-iomaíoch sa lá atá inniu ann, bheadh teangacha breise ina mbuntáiste.

Miondíol agus Díolacháin ar Líne


Tuarascáil UPC 2014 

Dar le tuarascáil a d’fhoilsigh UPC* le déanaí, 'Ireland’s Digital Future', tá 2.6 milliún duine a dhéanann siopadóireacht ar líne in Éirinn. Chaith na siopadóirí sin tuairim is €5.9bn in 2014 ar tháirgí agus seirbhísí éagsúla. Meastar go mbeidh tomhaltóirí Éireannacha tar éis €12.7bn a chaitheamh ar líne faoi 2020.

Dar le taighde UPC baineann ocht as gach deichniúr d’úsáideoirí idirlín úsáid as an ngréasán chun taighde a dhéanamh ar na táirgí a bhfuil suim acu iad a cheannach, ach go gceannaíonn siad na hearraí sin i siopaí Éireannacha. Tarlaíonn a mhalairt freisin.

Téann seisear as gach deichniúr d’úsáideoirí idirlín chuig na siopaí áitiúla chun taighde a dhéanamh ar tháirgí a bhfuil suim acu iad a cheannach agus ansin téann siad abhaile agus ceannaíonn siad na táirgí sin ar líne, de ghnáth ar phraghas níos ísle. Bíonn tairiscintí ar fáil ag ollmhargaí freisin.

Is minic a bhíonn táirgí a ndíol ag miondíoltóirí mórshráide ar líne agus sa siopa féin; is féidir táirgí a ordú ar líne agus iad a bhailiú sa siopa; i gcásanna eile ordaíonn tú an táirge ar líne, mar shampla ó chuideachta cosúil le Amazon, agus seolann siad an táirge chugat sa phost.

Tá poist agus róil nua ag teacht chun cinn. Meastar go mbeadh tóir i gcónaí ar an díoltóir – ní bheidh an ríomhaire riamh in ann teacht ina ionad. Ach, cé go mbaineann a lán gnóthaí úsáid as an Idirlíon chun margaíocht a dhéanamh agus ar mhaithe le hoibríochtaí eile, ní fhostaíonn gach cuideachta daoine mar dhíoltóirí. Díolann siad a dtáirgí trí thomhaltóirí a mhealladh chuig suíomh gréasáin ar líne.

Easnaimh Scileanna

Gairmeacha Samplacha

Cúrsaí CAO
Central Applications Office Cúrsa Aimsithe

Cúrsaí PLC
Post Leaving Certificate Courses Cúrsa Aimsithe