Baile     

Faisin & Scéimh

Faisean & Scéimh

Meastar gur fiú an tionscal domhanda faisin agus breis is 1 Trilliún Euro, nó tuairim is 2% de luach an gheilleagair dhomhanda. Chun é sin a chur i gcomhthéacs, is fiú luach an tionscail chógaiseolaíochta, a sholáthraíonn cógais don domhan go léir, agus tuairim is €600 Bhilliún, agus dá bhrí sin ní fiú é ach tuairim is leath de thoise an tionscail faisin!

Tá tuairim is 4 mhilliún duine fostaithe ar fud an domhain sa tionscal seo agus áiríonn sé níos mó ná na hirisí agus na seónna faisin; áirítear dearadh faisin, foinsiú ábhair, déantúsaíocht,  dáileadh, margaíocht, miondíoltóireacht, fógraíocht, cumarsáid, foilsitheoireacht agus comhairleoireacht.

Is iad Faisean, Scéimh agus Gruaigaireacht na trí phríomhrannóg sa tionscal faisin agus sa tionscal scéimhe. Bionn gnóthaí brabúsacha i saol an fhaisin ag fás agus ag forbairt, agus bíonn orthu bheith de shíor ag athrú mar go mbíonn na bunachair custaiméirí ag athrú e.g. glúin na bhfear “meitreghnéasach” – fir nach bhfuil aon drogall orthu úsáid a bhaint as táirgí craicne, gruaige agus scéimhe, nó an móréileamh atá ar thatúnna, nó peiriúic nó síneadh gruaige le blianta beaga anuas. Tá raon leathan táirgí in earnáil an fhaisin - éadaí, málaí, seoda, bróga, cosmaidí, gruaige – agus dá bhrí sin d’fhéadfadh duine a bhfuil suim acu a bheith ag obair sa réimse seo bheith ag obair aon áit – idir shiopa faisin mórshráide is shiopa beag éadaí a dhíolann a ndearthaí féin.   

Bíonn a lán deiseanna ar fáil sna cuideachtaí nua-aimseartha faisin agus sna siopaí mórshráide do dhearthóirí agus do mhainicíní araon, agus dá bhrí sin d’fhéadfadh daoine éagsúla a bheith ag obair sa réimse seo. Mar shampla d’fhéadfadh céimithe ollscoile agus fágálaithe scoile araon post a fháil, idir róil chruthaitheacha agus róil níos gnóbhaintí. Déanta na fírinne, bíonn a lán post nua-aimseartha le fáil i dtionscal na scéimhe. Seo a leanas roinnt de na deiseanna sin.

FAISEAN

Bíonn fhios ag Dearthóirí Faisin go bhfuil níos mó ag baint le héadaí ná duine a choinneáil te teolaí.  Bíonn baint ag éadaí le féinmhuinín an duine, nó chun íomhá ar leith a chur in iúl. Is féidir le héadaí freisin duine a chur ar a gcompord, nó bheith ina léiriú ealaíonta.



Cé nach mbeadh dearadh maith faisin riamh inchomparáide le leigheas a fháil ar ghalar, nó réiteach ar ocras domhanda, is féidir leis an bhfaisean féinmhuinín agus féinmheas a thabhairt do dhuine. Tá daoine ann a mhaífeadh nach bhfuil san fhaisean ach rud dromchlach ach is féidir leis tionchar a bheith aige orainn, ar bhonn pearsanta agus ar bhonn domhanda araon.

Cibé acu má maoiníonn tú ar dhuine ón teaghlach ríoga nó ar rac-amhránaí, bíonn baint ag an íomhá sin leis an gcuma atá orthu agus leis an gcaoi a gcuireann siad iad féin i láthair. Tugann na héadaí atá á gcaitheamh ag duine rud le fios faoin duine sin, agus faoin uaillmhian atá acu sa saol! Ach ní léiriú cruinn na héadaí a bhíonn á gcaitheamh ag mainicíní i bPáras agus Nua-Eabhrac ar gach rud a dhearann na Dearthóirí Faisin. Déanta na fírinne, tá an iliomad deiseanna sa dearadh faisin, idir éadaí spóirt, éadaí leanaí, haute couture agus mar sin de. Má tá sé á chaitheamh agat, dhear duine éigin é. 

Róil Oibre i Réimse an Fhaisin Mainicíneacht:

‘Samhlaigh go bhfuil post le tuarastal maith agat mar mhainicín gairmiúil. Samhlaigh go bhfuil tú ag mainicíneacht ag seó faisin, nó go bhfuil duine ag glacadh grianghraif díot le haghaidh na hirise Vogue nó don irisleabhar is ansa leat.’ 

Ar mhí-ámharaí an tsaoil ní mar seo atá an saol. Is dianobair í an mhainicíneacht.  

Socraíonn dearthóirí faisin na treochtaí a leanfaidh daoine eile. Na daoine sin a n-éiríonn leo sa tionscal seo bíonn siad faoi bhrú de shíor agus is gá bheith ag tús cadhnaíochta. Sa mhéid go n-athraíonn rudaí sa mhargadh faisin de shíor d’fhéadfadh branda dearthóra a bheith ina bhranda móréilimh lá amháin agus ina bhranda atá imithe i ndearmad an lá dár gcionn. Is fíor freisin é i ndomhan na mainicíneachta. Caitheann na céadta mainicín óg na blianta ag obair gan phá agus iad ag súil go bhfaighidh siad conradh maith lá éigin.

Cibé scéal é, bíonn éileamh ann de shíor ar mhainicíní nua do mhargadh a bhíonn ag athrú an t-am ar fad. D’fhéadfadh gairm an mhainicín a bheith gearrthréimhseach, ag maireachtáil b’fhéidir dhá nó trí bliana, sa mhéid go mbíonn tóir ar threochtaí éagsúla an t-am ar fad agus go mbíonn faisin ag síorathrú. Bíonn dearthóirí ag lorg mainicíní éagsúla i gcónaí chun a gcuid earraí a chur chun cinn. Is annamh a bhíonn duine ag obair ina mainicín tar éis 28 mbliana d’aois agus mar sin tá an-bhrú orthu rath a bheith orthu roimh an aois sin.    Níl ach líon beag mainicíní a n-éiríonn leo ardú céime a fháil. Bíonn a lán mainicíní a mbíonn orthu post eile a dhéanamh chun dóthain airgid a thuilleamh, sa mhéid gur annamh a bhíonn sruth leanúnach oibre ann do mhainicín. Téann roinnt mainicíní le gairm sa Bhainistíocht Miondíola, leis an Iriseoireacht Faisin nó le Grianghrafadóireacht Faisin.  

In Éirinn, is minic a fhaigheann mainicíní obair in ionaid a chuireann táirgí chun cinn, ag ócáidí seolta chun fógraíocht a dhéanamh ar tháirgí agus i gcúrsaí cló nó ar an teilifís. Samhlaíonn an pobal gur post rathúil é post an mhainicín. Ach ní fheictear na mílte mainicín nach bhfuil ag éirí leo tuarastal ceart a thuilleamh agus iad ag iarraidh an portfolio agus an taithí acu a fhorbairt ach an obair is fearr agus is féidir leo a dhéanamh. Is minic nach mbíonn ach tuarastal íseal acu, nó nach bhfaigheann siad aon tuarastal ar chor ar bith. Anuas ar na dúshláin go léir sin, bíonn gá le féinsmacht, dúthracht agus dathúlacht chun conradh a fháil le gníomhaireacht mainicíneachta.

Dearadh Éadaí Faisin

Is éard is dearadh faisin ann ná an ghníomhaíocht go léir a bhaineann le táirge a fhorbairt i dtionscail tráchtála na n-éadaí, an dearaidh, na déantúsaíochta agus an dáileacháin. Is gá do dhearthóirí faisin a bheith cruthaitheach, súil mhaith a bheith acu do shonraí agus a bheith sásta rudaí nua a thriail.



Is í príomhfheidhm an dearthóra faisin ná teacht ar smaointe nua agus uathúla do shraith nua éadaí. Is iad na dearthóirí faisin a bhíonn freagrach as pátrúin a fhorbairt agus maoirseacht a dhéanamh ar tháirgeadh. De ghnáth bíonn Dearthóirí Faisin ag obair intí do dhéantóirí éadaí, ar bhailiúchán dearaidh na cuideachta. Oibríonn a bhformhór do chuideachtaí beaga dearaidh. Déantar formhór na hoibre a do chuideachtaí beaga dearaidh.

Is éard atá i gceist san obair seo ná táirgeadh dearaidh, pátrúin a ghearradh agus bailchríoch a chur ar éadaí. Táirgeann siad éadaí atá réidh le caitheamh a dhíoltar trí shiopaí roghnaithe.  Oibríonn roinnt dearthóirí do dhéantóirí mór mórdhíola agus cruthaíonn dearthaí a bhíonn oiriúnach do shraith éadaí a bhíonn ag siopaí sraithe ilrannacha. Bíonn ar dhearthóir gairmiúil faisin scileanna speisialaithe a bheith acu chomh maith le heolas domhain ar a rogha réimse gairme, agus tuiscint ar an timpeallacht faisin. Bíonn dearthóirí eile a roghnaíonn a bheith féinfhostaithe agus oibriú ar a mbailiúcháin dearthaí féin. Is réimse thar a bheith iomaíoch é seo le bheith ag obair ann, agus is gá don dearthóir maith portfolio den chéad scoth a chur le chéile.

Maintíreacht/ Gúnadóireacht

Mar ghúnadóir bheifeá freagrach as smaointe an dearthóra a chruthú. Post thar a bheith cruthaitheach é post an ghunnadóra agus chomh luath agus a éiríonn leat cáil a bhaint amach i do réimse is féidir leat obair mar shaorghúnadóir, ag obair ag seónna faisin agus ag triail dearthaí agus stíleanna éagsúla. An bealach is fearr dul leis an dá phost thuasluaite ná céim san fhaisean a dhéanamh nó cúrsa sa dearadh faisin sa mhéid gur deis iontach é seo foghlaim faoi theicnící éagsúla agus comhairle a chur ar dhaoine sa tionscal. Is minic a bhíonn socrúcháin oibre ina gcuid de chéim faisin agus ina mbealaí maithe teagmhálaithe a fháil a bheadh úsáideach ag deireadh do chúrsa.

Teicneoir Faisin/Teicneolaí

Bíonn idirchaidreamh ann idir teicneoirí faisin agus an fhoireann táirgeachta chun táirgí a chruthú de réir shonraíochtaí an dearthóra, agus áireoidh sé sin na toisí, an chostáil agus na próisis déantúsaíochta. Éilíonn an ról seo eolas speisialtóireachta ar an tionscal, mar shampla teicnící fuála agus eolas ar innealra, chomh maith le heolas ar conas pátrúin a ghearradh agus próisis bhainteacha. 

De ghnáth bíonn teicneoirí faisin ag obair le cuideachtaí éadaí agus déantúsaíochta teicstílí chun eiseamláirí a tháirgeadh, dearthaí a leasú más gá, ruaim a chur ar an éadach agus fadhbanna a réiteach chun an táirge deiridh a chruthú.

Bainistiú Táirgeachta

Seo túslíne thionscal an fhaisin. Bíonn bainisteoirí táirgeachta freagracht as an bpróiseas iomlán éadaí a dhéanamh ar leibhéal na déantúsaíochta. Oibríonn siad ag gach céim den phróiseas chun a chinntiú go bhfuil táirge den chéad scoth á chruthú.

Is féidir le réimse na Bainistíochta Táirgeachta a bheith ina réimse spreagúil agus dúshlánach. Tugann sé le chéile córais ghnó agus faisean. Bítear ag iarraidh anois, i réimse na táirgeachta, nach mbeadh aon chur amú ann – coincheap gnó ina ndéantar tréaniarracht gan aon chuid den ábhar a chur amú, chun costais a íoslaghdú – tá idir dhearadh agus dhúshlán déantúsaíochta i gceist leis seo.

Tá an tomhaltas éadaí ar fud an domhain an-ard faoi láthair. Bíonn suim ag gach duine foirmle dhraíochtúil a fháil chun éadaí a tháirgeadh go saor, ach ag an am céanna leibhéal áirithe ardchaighdeáin a bhaint amach. Tá gluaiseacht an fhaisin inbhuanaithe ag fás, agus cuireann sé ciseal eile le dúshlán na mBainisteoirí Táirgeachta. Bítear ag iarraidh anois dearthaí níos cairdiúla don chomhshaol a chruthú. Bíonn modúil sa dearadh inbhuanaithe anois níos mó is níos mó ina gcuid de chúrsaí dearaidh.

Marsantú Faisin/ Díolacháin agus Margaíocht

Seo réimse eile áit a bhfuil trasnaíl idir dearadh agus gnó. Ar deireadh thiar is gá do dhearthóirí a dtáirge a chur amach ar an margadh. Is gá do mharsantóirí rianú agus monatóireacht a dhéanamh ar threochtaí faisin agus tomhaltóirí. Is gá bheith cruthaitheach agus go maith le figiúirí chun obair sa réimse seo.

Tá a lán ról a thagann faoi scáth an teidil marsantú, agus ina measc tá bainistíocht miondíola. Is minic nach léirítear an meas atá tuillte ar an ngairm seo. Is féidir tuarastal maith a thuilleamh sa bhainistiú miondíola, agus eolas a fháil ar na brandaí iomadúla, ar na straitéisí margaidh agus ar an mbainistiú pearsanra. 

Díolacháin Mhiondíola agus Cúntoir/Bainisteoir Miondíola

Is iad na hoibrithe Miondíola Faisin a choinníonn an taobh miondíola de ghnó an fhaisin ag dul, ag forbairt na gcaidreamh le custaiméirí agus ag feidhmiú mar stílí d’aon duine. Bíonn an Cúntóir/Bainisteoir Margaíochta Miondíola freagrach as an gcaoi a gcuirtear branda i láthair i bhfuinneog an tsiopa, as leagan amach na n-éadaí sa siopa agus i bhfoilseacháin a eisíonn cuideachta. Is féidir leis a bheith ina ról cruthaitheach agus má tá tú go maith ag an gcumarsáid le roinnt mhaith smaointe bheadh an ghairm seo oiriúnach duitse.

Díoltóir Faisin

Bíonn an Díoltóir faisin freagrach as branda faisin a dhíol le siopaí. Is gá duit a bheith féinmhuiníneach, bheith in ann tionchar a imirt ar dhaoine, a bheith cairdiúil agus bheith in ann cloí le spriocdhátaí. Na buntáistí a bhaineann leis an obair i ndíolacháin faisin ná go mbíonn an deis agat a bheith ag taisteal agus bualadh le daoine éagsúla. Is féidir an-spraoi a bhaint as bheith ag obair mar chuid d’fhoireann chun do spriocanna a bhaint amach. 

Ceannaitheoir Faisin

Gairm eile i dtionscal an fhaisin ná ról an cheannaitheora. Sa jab seo bíonn gá le roinnt mhaith blianta de thaithí ag obair i siopa miondíola agus ag obair mar chúntoir don cheannaitheoir. Tosaíonn formhór na gceannaitheoirí mar dhíoltóirí i rannóg amháin de shiopa ilrannach, agus ar deireadh thiar déantar ceannaitheoir díot don siopa sin.  Bíonn an Ceannaitheoir Faisin freagrach as builc-orduithe d’éadaí agus as marsantú a fheictear i siopaí príomhshráide. Is gá don cheannaitheoir súil mhaith a bheith aige/aici do cad a dhéanann rudaí mealltach, agus is gá dóibh a bheith go maith le daoine. Bíonn an-chuid cruinnithe ann le soláthraithe. De ghnáth bíonn Ceannaitheoirí Faisin ag taisteal go minic agus ba bhuntáisteach é fhios a bheith agat cad a bheidh i bhfaisean an chéad séasúr eile, sula mbeidh fhios ag aon duine eile.  Bealach maith a fháil amach cad iad na treochtaí faisin atá ann. Chomh luath agus a bhaintear amach an cháilíocht, de ghnáth tosaíonn an ceannaitheoir faisin amach i bpost sóisearach agus déantar an té sin a thraenáil mar cheannaitheoir. Bealach eile isteach sa ról seo ná taithí oibre a fháil san earnáil.  

Margaíocht agus Caidreamh Poiblí Faisin

An bhfuil aigne ealaíonta, chruthaitheach agat? Seans go bhfeilfeadh gairm san fhógraíocht duit. Bíonn éileamh ar thomhaltas gasta meáin sa lá atá inniu ann. Is féidir leat obair a dhéanamh ar an leibhéal corparáideach – smaoinigh ar na brandaí éagsúla go léir a bhfuil cur amach agat orthu cheana féin!

D’fhéadfaí obair ar an leibhéal miondíola. Conas is féidir le siopa mór ilrannach na cumhráin, na cosmaidí nó na hearraí maisíochta sin go léir a dhíol etc.? Bíonn an Cúntóir/Bainisteoir CP freagrach as branda faisin a chur i láthair an phobail. Is gá duit a bheith féinmhuiníneach chun obair sa réimse seo, mar go mbíonn a lán teagmhála ann leis an bpobal. Is gá duit freisin bheith in ann obair go neamhspleách, agus obair mar chuid d’fhoireann, mar go mbeidh tú ag obair go dlúth leis an rannóg margaíochta, agus ag obair go neamhspleách chun fiosruithe ó na meáin a fhreagairt, mar shampla. Tá an bhrandáil ina réimse mór faisin. Is post é smaoineamh ar ainmneacha brandaí.

Tá buntáistí ag baint le hobair i réimse na margaíochta agus an chaidrimh phoiblí – ní hé amháin go bhfuil a lán earraí le fáil saor in aisce, ach má tá tú ag obair ar bhranda móréilimh d’fhéadfá bualadh le daoine cáiliúla freisin. Níl aon chéim ar leith is gá a bhaint amach chun bheith ag obair sa réimse seo, ach is tús maith é. De ghnáth d’oilfí tú sa phost, ach bheadh sé go maith spéis ar leith a bheith agat san fhaisean chomh maith le scileanna maithe cumarsáide.

Iriseoir Faisin

An breá leat scríobh faoi chúrsaí faisin? Ní raibh riamh an méid céanna deiseanna ann a bheith in iúl ar cad atá ag tarlú i saol an fhaisin. Tá irisleabhair ag leathnú amach a láithreacht ar líne agus ag earcú daoine a dhéanann blagáil chun tuairiscí chun dáta nuachta a sholáthar. Chomh maith le hirisí, bíonn deiseanna ann scríobh le haghaidh suíomhanna ríomhthráchtála, do ghnólachtaí CP agus d’fhoilseacháin trádála.

An rud is tábhachtaí ar fad ná go mbeifeá i do scríbhneoir maith. Is tús maith iad na cúrsaí scríbhneoireachta – bheadh céim san iriseoireacht nó clár sa scríbhneoireacht chruthaitheach ina thús maith do ghairm sa réimse seo.

Dul le Gairm i dtionscal an Fhaisin agus an Dearaidh

Sa mhéid go bhfuil an dearadh faisin ina mhargadh an-iomaíoch, is féidir leis an leibhéal oideachais difríocht a dhéanamh idir post a fháil agus gan post a fháil. Déanta na fírinne, bíonn tú i bhfad níos mealltaí mar iarrthóir in aon réimse má tá cáilíochtaí agat. Cibé scéal é, is cuma cén coláiste ar freastail tú air nó cén cineál céime a rinne tú, is dócha go mbeifeá ag tosú i bpost dearaidh ag leibhéal na hiontrála. De réir mar a fhaigheann tú taithí sa réimse seo, ardóidh an tuarastal agus gheobhaidh tú ardú céime. Aimsigh réimse is breá leat agus foghlaim gach rud is féidir leat a fhoghlaim faoin réimse sin.  Seachas mainicíneacht agus an ghné dearaidh de thionscal an fhaisin, i measc na ndeiseanna gairme eile atá ann tá:

  • Teilifís agus scannánaíocht – bíonn tóir i gcónaí ar stílithe le haghaidh léiriúchán agus féadfaidh sé sin deiseanna a sholáthar obair i raon suíomhanna
  • Comhairleoirí íomhá
  • Siopaí faisin
  • An margadh idirnáisiúnta faisin
Todhchaí na hEarnála Faisin

Le linn an chúlaithe eacnamaíochta d’imigh díolacháin i léig i dtionscal an fhaisin, agus bhí an-tábhacht ag baint le praghas earraí. An tionchar a bhí aige seo ná gur laghdaigh an t-éileamh ar fud na hearnála, agus gur cuireadh ar ceal a lán seónna móra faisin. Le roinnt míonna anuas d’ardaigh an caiteachas i measc tomhaltóirí, agus is dea-scéala é sin don earnáil.

SCÉIMH

Tá an-éileamh ar earraí thionscal na scéimhe agus tá a lán codanna ann sa tionscal sin. Cuimsíonn sé níos mó ná cosmaidí agus earraí craicne - tá a lán seirbhísí agus táirgí anois a áirítear mar chuid den earnáil. Bíonn deiseanna ar fáil i siopaí beaga scéimhe faoi úinéireacht áitiúil, agus i dtithe ósta móra.

Is féidir tionscal na Scéimhe a roinnt mar seo a leanas Táirgí (Cosmaidí, Cúram Craicne, Cumhráin), agus Seirbhísí (cóireálacha scéimhe, Suathaireacht, Griandathú, Lámh-mhaisiú etc.). Tá an tionscal seo ina thionscal beoga in Éirinn sa lá atá inniu ann, mar go mbíonn treochtaí ag síorathrú agus bíonn an bonn custaiméirí ag athrú freisin.

Róil Oibre i dTionscal na Scéimhe Teiripeoir Scéimhe

Cuireann teiripeoirí scéimhe raon leathan de sheirbhísí scéimhe ar fáil mar shampla cóireálacha don aghaidh agus don chorp.  Déanta na fírinne is sciamheolaí, teiripeoir coirp agus saineolaí leictrealaithe an teiripeoir scéimhe. Le cóireálacha scéimhe cuirtear feabhas ar chúram craicne, agus oibríonn siad ar raon cóireálacha don aghaidh agus don chorp. I ngach cóireáil ainéistéise cuirtear chun cinn an fholláine – agus dá bhrí sin is gá don chleachtóir a bheith báúil, cliste agus dea-chuma a bheith orthu, go háirithe ar a lámha. Seo a leanas roinnt de na tascanna a bhíonn i measc obair an Teiripe Scéimhe:

  • Anailís craicne a dhéanamh agus comhairle a sholáthar faoi chúram craicne agus coirp
  • Suathaireacht aghaidhe agus coirp a dhéanamh chomh maith le hanailís coirp
  • Comhairle a sholáthar maidir le cláir gleacaíochta agus cothaithe  
  • Úsáid a bhaint as raon cóireálacha agus as trealamh leictreach chun cóireáil a chur ar chraiceann agus ar reachta coirp

Chomh luath agus atá an traenáil speisialtóireachta curtha i gcrích agat, déanann a lán cleachtóirí scéimhe cur lena scileanna in ardteicnící:

  • Leictrealú chun snáith-fhéitheacha agus faithní a bhaint;
  • Is féidir le cumhartheiripeoir úsáid a bhaint as olaí agus as comhdhúile cumhrach eile chun feabhas a chur ar ghiúmar agus ar shláinte an duine.

I measc na réimsí eile a bhféadfadh teiripeoir a bheith ag obair iontu tá Shiatsu, Reiki nó Suathaireacht Indiach Chinn. Bíonn teiripeoirí eile fiú ag obair i réimsí bainteach mar shampla margaíocht, díolacháin agus miondíol.  

Ealaíontóir Smididh

Déanann an t-ealaíontóir smididh obair le smideadh do réimsí na hamharclannaíochta, na scannánaíochta agus na teilifíse do léiriúcháin i ndomhan na mainicíneachta. I roinnt cásanna, d’fhéadfadh go mbeadh ar an Ealaíontóir Smididh freagrachtaí gruaige agus peiriúic chomh maith. 



















Is minic a bhíonn tuarastal an-mhaith ag an ealaíontóir smididh, go háirithe i saol na mainicíneachta agus na grianghrafadóireachta. Tá sé seo amhlaidh mar thoradh ar an gcumas atá acu an chuma is fearr agus is féidir a chur ar an aghaidh agus caidreamh sármhaith oibre a chruthú idir aisteoir agus duine a bhfuil an smideadh á n-úsáid orthu.

Bionn lucht teilifíse agus scannánaíochta de shíor ag lorg na daoine is fearr i dtionscal na scéimhe. Bíonn gá le healaíontóirí scéimhe agus gruaigeadóirí agus is féidir leo deiseanna maithe oibre a sholáthar i raon iléagsúil.

Mar ealaíontóir smididh, bíonn ábhar éagsúil ann go minic – d’fhéadfá a bheith ag obair ar chlár atá lonnaithe sa seachtú haois déag nó ar chlár comhaimseartha. Déanta na fírinne, bíonn deiseanna ann sa scannánaíocht agus sa teilifís do dhearthóirí bheith ag obair ar thascanna éagsúla a thabharfaidh dúshlán dóibh féin.

Bíonn seónna móra idirnáisiúnta ann chun na táirgí is déanaí smididh a chur chun cinn. Na daoine is mó a bhfuil suim acu i smideadh speisialtóireachta nó i ndearadh feistis bíonn deiseanna ann dóibh ag seónna faisin, in amharclanna, i réimse na scannánaíochta, agus ar chláir theilifíse. 

Comhairleoirí Íomhánna  

Is speisialtóirí iad comhairleoirí íomhánna a úsáideann meascán de scileanna ó gach gné den fhaisean, den scéimh agus den ghruaigeadóireaht in aon ghairm amháin. Cuireann siad comhairle agus saineolas ar fáil faoi gach gné den bhealach a ndéanann duine (nó corparáid) bainistiú ar íomhá phoiblí. De ghnáth bíonn comhairleoirí íomhá agus ealaíontóirí smididh féinfhostaithe, ach d’fhéadfaidís freisin a bheith ag obair do ghníomhaireacht, nó fostaithe le cuideachta táirgeachta. Dul le Gairm i dTionscal na Scéimhe Is féidir taithí den chéad scoth a fháil i sciamhlann nó ag obair mar Chúntóir Díolacháin i gcógaslann nó i siopa miondíola a d’fhéadfadh a bheith ina bhuntáiste dóibhsean ar mhaith leo dul i gairm sa tionscal seo Cuireann sé taithí ar fáil de bheith ag déileáil leis an bpobal agus an deis bualadh le daoine eile sa tionscal, chomh maith le eolas ginearálta a chur ar tháirgí scéimhe.

Formhór na ndaoine a théann le gairm sa réimse seo déanann siad cúrsaí lánaimseartha sa choláiste. Bíonn daoine ar na cúrsaí seo de gach aois, ó seacht mbliana déag d’aois aníos. Tá roinnt cúrsaí Iar-Ardteistiméireachta ar fáil agus is tús maith iad do ghairm san earnáil seo. Chomh maith leis sin, cuirtear an iliomad cúrsaí ar fáil i gcoláistí príobháideacha scéimhe ar fud na hÉireann. Tógann sé tuairim is 2 bhliain d’oiliúint agus de staidéar chun na trí phríomhréimse a chlúdach: Scéim, Teiripe Coirp agus Leictrealú. Féadfaidh Cúrsaí agus Coláistí speisialtóireachtaí éagsúla scéimhe a chlúdach.   Níl aon eagraíocht amháin a bhíonn i mbun na scrúduithe, mar sin tá sé thar a bheith tábhachtach go gcinnteodh na mic léinn go gcríochnódh cúrsa a dhéanfaidh siad le scrúduithe arna fhaomhadh ag ceann de na heagraíochtaí gairmiúla:

  • CIDESCO (Comite International d'Esthetiques et de Cosmetologie). Eagraíocht dhomhanda í seo, agus glactar lena gcáilíocht i 35 thír ar fud an domhain. Bíonn gach ceann de na scoileanna aitheanta ag obair de réir an tsiollabais chéanna ar fud an domhain.
  • CIBTAC (Confederation of International Beauty Therapy and Cosmetology). Seo an eagraíocht scrúdúcháin de chuid an British Association of Beauty Therapy and Cosmetology (BABTAC). Bíonn gach scoil ag obair de réir an tsiollabais chéanna.
  • ITEC (International Therapy Examination Council)
  • IHBC (International Health & Beauty Council)
  • VTCT (Vocational Training Charitable Trust )
  • Edexcel BTEC and Scottish Qualifications Authority (SQA)
  • City & Guilds

Todhchaí na hEarnála Scéimhe  

Sa mhéid go mbíonn an-suim ag daoine bheith folláin agus slacht a choinneáil orthu féin tá a lán deiseanna tagtha chun cinn do ghairmithe dea-oilte. Tháinig meath ar dheiseanna fostaíochta san earnáil mar thoradh ar an gcúlú eacnamaíochta, ach tá an chuma air go dtiocfaidh feabhas ar an séal arís.  Tá a lán spánna sláinte ann anois agus bíonn rath ar an tionscal seo. Bíonn a lán deiseana fostaíochta ann do sciamheolaithe cáilithe, d’oiliúnóirí pearsanta agus do speisialtóirí sa chóireáil iomlánaíoch. Bíonn a lán deiseanna ar fáil in earnáil na scéimhe do ghnóthaí beaga agus do ghnóthaí a fheidhmíonn ar shaincheadúnas, bíodh sin i siopa, nó i ngnó atá lonnaithe i mbaile an duine. Is minic a bhíonn córas dáilte saincheadúnais ag táirgeoirí i dtionscal na scéimhe, agus iad ag soláthar deiseanna féinfhostaíochta.

Ealaíontoir Tatúnna

Ní fios cathain a thosaigh an ealaín seo, cén fáth agus cá háit. Ach meastar go raibh sé ag tarlú chomh fada siar le 5,000 mhíle bliain ó shin. Bíonn treibheanna dúchasacha i limistéir iargúlta den domhan agus a gcoirp maisithe acu le tatúnna, go minic mar léiriú ar a gcreideamh nó ar a stádas sóisialta, an chaoi chéanna a rinne a sinsir rompu é na mílte bliain ó shin. Bhain na Ceiltigh leas as tatúnna de ghlaisin ghorm agus ag dul chun cogaidh. Fiú sa lá atá inniu ann, bíonn pobail Bhurmacha a chreideann go dtabharfaidh tatú os cionn an chroí cosaint dóibh ar urchar.  Sa lá atá inniu ann, léiríonn tatú rogha stíle beatha seachas creideamh an duine, nó córais chreidimh. Dar le Thomas Lockhart, síceolaí ó Cheanada, agus atá ina ealaíontóir tatúnna freisin, is cúiseanna thar a bheith pearsanta a bhíonn i gceist le tatú a fháil. "Cé nach bhfuil an tatú féin ach ina léiriú ar dhromchla an choirp féin, bíonn brí agus suntas i bhfad níos doimhne leis".

Conas dul le gairm mar ealaíontóir tatúnna?

An rud is tábhachtaí ar fad ná an taithí phraiticiúil. Níl aon oiliúint fhoirmiúil i gceist in Éirinn. Chomh maith leis sin, níl aon reachtaíocht a rialaíonn an polladh coirp ná an tatuáil. Is meán físeach agus cruthaitheach é, mar sin bheadh sé ina chabhair dá mbeifeá i d’ealaíontóir.   Deir ealaíontóirí san earnáil seo gur chóir punann de do chuid oibre a thiomsú, mar thaispeántas ar do chuid oibre is fearr. D’fhéadfadh sé a bheith ina bhuntáiste céim a bheith agat sa líníocht nó sa dearadh grafach. Bíonn printíseachtaí in intéirneachta indéanta, ach tá a lán daoine san iomaíocht do líon beag áiteanna, mar sin is gá a bheith thar a bheith cumasach. De ghnáth gheobhaidh an printíseach oiliúint fhoirmiúil/neamhfhoirmiúil sna réimsí seo a leanas: sláinteachas stiúideo, trealamh glantacháin, foghlaim conas a oibríonn trealamh tatuála, agus na teicnící iomadúla atá ann chun tabhairt faoin tatuáil.

GRUAGAIREACHT


Slí bheatha í an ghruagaireacht do dhaoine áirithe, agus go deimhin bíonn tóir ag an bpobal uile ar an tseirbhís seo, ach is gnó mór é seo freisin ag freastal ar an éileamh i saol an fhaisin agus na galántachta. Éispéireas faiseanta, nua-aimseartha é freastal ar an sciamhlann nó an salón ach bíonn sé costasach agus dá bhrí sin tá deiseanna maithe ann don ghruagaire a lán airgid a thuilleamh. Féadfaidh an gruagaire a bheith ag obair i salón do mhná amháin, d’fhir amháin (siopa an Bhearbóra) nó i salón d’fhir agus do mhná. Bíonn an gruagaire ag siúl ar feadh an lae agus de ghnáth bíonn uaireanta solúbtha oibre i gceist, chun freastal ar uaireanta oscailte an tsalóin.

Bíonn a lán teagmhála acu leis an bpobal agus mar sin is gá dóibh a bheith slachtmhar, gléasta go deas agus cairdiúil le scileanna maithe cumarsáide. Seo a leanas roinnt de na tascanna a bhíonn ar an ngruagaire a dhéanamh: an ghruaig a ní, a ghearradh nó a bhearradh. Sa ghruagaireacht ghinearálta bítear i mbun dath a chur sa ghruaig, an ghruaig a dhíriú agus mar sin de. I salóin níos speisialaithe bíonn gníomhaíochtaí níos casta ar siúl agus bíonn mórchomórtais gruagaireachta ar siúl gach bliain.    Díoltar a lán táirgí cúraim gruaige agus le blianta beaga anuas rinne díolachán na dtáirgí sin suas a lán den airgead a thuill an earnáil. I roinnt mhaith de na salóin mhóra, tagann a lán den airgead ó dhíolacháin mhiondíola agus ní ón ngníomhaíocht gruagaireachta amháin. Má theastaíonn uait dul chun cinn san earnáil seo beidh gá le hardchumas agus cur leis an mbonn cliant. Is minic a bhunaíonn gruagairí a ngnó féin. Téann gruagairí eile ar aghaidh chun bheith ag obair i saol an Fhaisin nó in earnáil na teilifíse agus na scannánaíochta.

Déantóir Peiriúicí

Réimse fáis in  earnáil na gruagaireachta é an déanamh peiriúicí. De ghnáth oibríonn déantóirí peiriúicí in earnáil na hamharclannaíochta nó na gcosmaidí. I dtionscal na hamharclannaíochta bíonn siad i mbun peiriúicí a dhéanamh d’aisteoirí le haghaidh drámaí, scannán nó don teilifís. I dtionscal na gcosmaidí bíonn peiriúicí á ndéanamh do dhaoine aonair a chaill a gcuid gruaige, do shalóin nó do dháileoirí Seachas tionscal na hamharclannaíochta agus na scannánaíochta bíonn daoine aonair ann a cheannaíonn peiriúic – mar shampla daoine a chaill a gcuid gruaige ar chúis amháin nó ar chúis eile agus daoine a chaitheann iad ar mhaithe le faisean. Sa mhéid go bhfuil peiriúic ar ardchaighdeán sa lá atá inniu ann, bíonn daoine níos sásta iad a chaitheamh, go háirithe mná. Déantar peiriúicí as raon leathan ábhair, idir ghruaig an duine agus shnáithíní saorga.   

Tá roinnt gruagairí a théann ar aghaidh chun speisialú i ngearradh agus stíleáil péiriúice agus tá sé seo anois ina ghné de ghnó na gruagaireachta.

Dul le Gairm sa Ghruagaireacht

Is cáilíocht ceardaíocht í an ghruagaireacht. Ciallaíonn sé seo nach bhfuil aon riachtanais fhoirmiúla ann chun bheith i do ghruagaire cáilithe. Glacann formhór na salón le hoiliúnaithe do phrintíseachtaí 3 nó 4 bliana, ag teagasc na scileanna riachtanacha dóibh.  Mar rogha air sin, tá a lán cúrsaí gruagaireachta iar-ardteistiméireachta ann ar leibhéal 5 nó 6 agus is minic a dhéantar gruagaireacht agus teiripe scéimhe. Má tá cúrsa oiliúna déanta ag duine ní bheidh orthu an méid céanna ama a chaitheamh ag fáil oiliúna sa phost féin is a bheidh ar phrintísigh.   Is minic a bhíonn scoil ghruagaireachta ag salóin áirithe agus cúrsaí le táillí á reáchtáil acu a mhaireann ar feadh 12 -18 mí. Uaireanta bíonn na scoileanna in ann post a thairiscint do na hoiliúnaithe tar éis dóibh an cúrsa a chríochnú.

 

Easnaimh Scileanna

Gairmeacha Samplacha

Cúrsaí CAO
Central Applications Office Cúrsa Aimsithe

Cúrsaí PLC
Post Leaving Certificate Courses Cúrsa Aimsithe